- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 4 Feabhra 2023 11:45
Leibhéal na gcaidhpeanna praghais comhaontaithe ag an Aontas do tháirgí peitriliam na Rúise
Chinn an Chomhairle dhá chaidhp phraghais a shocrú do tháirgí peitriliam a thagann faoi chód AC 2710 ar de thionscnamh na Rúise iad nó a onnmhairítear ón Rúis. Is iad seo an praghas in aghaidh an bhairille ag a bhfuil nó faoina bhun a bhfuil táirgí peitriliam ón Rúis díolmhaithe ón toirmeasc ar sholáthar:
- iompair mhuirí táirgí peitriliam chuig tríú tíortha agus
- cúnaimh theicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoinithe nó cúnaimh airgeadais a bhaineann le hiompar muirí táirgí peitriliam chuig tríú tíortha
Tá an chéad chaidhp phraghais le haghaidh táirgí peitriliam a thrádáiltear ar lascaine ó amhola socraithe ag USD 45 in aghaidh an bhairille, agus tá an dara caidhp phraghais le haghaidh táirgí peitriliam a thrádáiltear ar phréimh le hamhola socraithe ag USD 100 in aghaidh an bhairille.
Bunaíodh leibhéal na caidhpe i ndlúthchomhar le Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais agus beidh feidhm aici ón 5 Feabhra 2023. Tá idirthréimhse 55 lá beartaithe le haghaidh na soithí sin a bhfuil táirgí peitriliam Rúiseacha á n-iompar acu, ar táirgí iad a ceannaíodh agus a luchtaíodh ar an soitheach roimh an 5 Feabhra 2023 agus a díluchtaíodh roimh an 1 Aibreán 2023.
Ina theannta sin, fillfidh an Chomhairle ar athbhreithniú a dhéanamh ar shásra na caidhpe praghais le haghaidh amhola ó lár mhí an Mhárta agus déanfar an t-athbhreithniú go rialta gach 2 mhí.
I bhfianaise chogadh foghach na Rúise, seasann an tAontas go diongbháilte leis an Úcráin agus lena muintir, agus tacaíonn sé go diongbháilte le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, chomh maith leis an gceart bunúsach atá ag an Úcráin í féin a chosaint ar fhogha na Rúise.
Cúlra
An 6 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1909, lenar tugadh isteach díolúine ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis a iompar de mhuir chuig tríú tíortha, is é sin amhola nó táirgí peitriliam arna gceannach de réir caidhp phraghais réamhshocraithe arna comhaontú ag Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, nó faoi bhun na caidhpe praghais sin. Tá sé beartaithe, leis an díolúine sin, na drochiarmhairtí ar sholáthar fuinnimh chuig tríú tíortha a mhaolú agus géarmhéadú na bpraghsanna de bharr dálaí urghnácha sa mhargadh a laghdú, agus ioncam ola na Rúise a theorannú san am céanna.
An 3 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2369, lenar bunaíodh an chaidhp phraghais le haghaidh amhola ag USD 60 in aghaidh an bhairille.
- Ola na Rúise: an tAontas tagtha ar chomhaontú maidir le leibhéal na caidhpe praghais (preaseisiúint, an 3 Nollaig 2022)
- An pacáiste smachtbhannaí is déanaí glactha ag an Aontas i gcoinne na Rúise i ngeall ar ionghabháil neamhdhleathach réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine (preaseisiúint, an 6 Deireadh Fómhair 2022)
- Bearta sriantacha an Aontais i gcoinne na Rúise maidir leis an Úcráin (eolas cúlra)
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025