"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Ciste Cúnaimh don Úcráin: €5 bhilliún leithdháilte ag an gComhairle chun tacú leis an Úcráin ar bhonn míleata faoin tSaoráid Eorpach Síochána
Bheartaigh an Chomhairle uasteorainn airgeadais na Saoráide Eorpaí Síochána a mhéadú €5 bhilliún i bpraghsanna reatha, agus an breisiú sin a imfhálú don Úcráin, trí Chiste Cúnaimh tiomnaithe don Úcráin a bhunú laistigh den tSaoráid Eorpach Síochána.
Tá an tAontas ag comhlíonadh a chuid gealltanas. Cuireann an Ciste Cúnaimh don Úcráin brí lenár mbriathar. Leis an gciste, leanfaimid orainn ag tacú leis an Úcráin agus í á cosaint féin ó chogadh foghach na Rúise, ag déanamh an mhéid is gá, a fhad is gá.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Leis an gCiste Cúnaimh nuabhunaithe don Úcráin, beidh an tAontas in ann tacaíocht bhreise a thabhairt do riachtanais Fhórsaí Armtha na hÚcráine atá ag teacht chun cinn trí threalamh míleata marfach agus neamh-mharfach agus oiliúint mhíleata araon a chur ar fáil.
Féachfaidh an Ciste Cúnaimh don Úcráin le breisluach an Aontais a uasmhéadú ó thaobh tacaíocht oibríochtúil níos mó agus níos fearr a thabhairt don Úcráin, lena gcomhlánófar iarrachtaí déthaobhacha Bhallstáit an Aontais, agus lena ndíreofar ar sholáthar comhpháirteach méadaithe ó thionscail chosanta na hEorpa agus na hIorua.
Ag an am céanna, bheartaigh an Chomhairle feabhas a chur ar na rialacha rialachais don tsaoráid lena ndéanamh níos inbhuanaithe agus chun iad a chur in oiriúint do na cúinsí nua idirnáisiúnta. Leis na rialacha rialachais feabhsaithe, cuirfear le struchtúir soláthair náisiúnta a fheidhmíonn go maith mar aon le creatchonarthaí atá ann cheana, agus giaráil á déanamh ar chur chuige na bpríomhnáisiún agus ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), agus lena n-áirítear soláthar comhpháirteach an trealaimh cosanta is gá ó thionscal cosanta na hEorpa agus ón Iorua, fiontair bheaga agus mheánmhéide san áireamh, agus solúbthacht a cheadú i slabhraí soláthair a bhféadfadh oibreoirí atá bunaithe nó a bhfuil saoráidí táirgthe lasmuigh den Aontas nó den Iorua a bheith san áireamh iontu.
Tar éis idirthréimhse, beidh teorainn le haisíocaíocht na ndeonachán ó na Ballstáit (i.e., ó stoic, ceannacháin aontaobhacha agus chomhpháirteacha trealaimh atá ar fáil ar an margadh, agus soláthar aontaobhach).
Tar éis an chinnidh seo, beidh uasteorainn airgeadais na Saoráide Eorpaí Síochána os cionn €17 mbilliún sa tréimhse 2021-2027.
Cúlra
An 1 Feabhra 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil rún daingean ag an Aontas leanúint de thacaíocht láidir, pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a thabhairt don Úcráin agus dá muintir a fhad is gá.
Sa chomhthéacs sin, rinne an Chomhairle Eorpach athbhreithniú ar an obair sa Chomhairle maidir le tacaíocht mhíleata don Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus an méadú ar a huasteorainn airgeadais fhoriomlán. D’iarr sí ar an gComhairle teacht ar chomhaontú maidir leis an ábhar sin go luath i mí an Mhárta.