Skip to content

Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin

Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag seasamh leis an Úcráin agus lena muintir ó thús ionradh iomlán na Rúise. I dteannta a chéile, is iad an soláthraí is mó tacaíochta airgeadais, eacnamaíche, míleata agus daonnúla atá ag an Úcráin.

Tacaíocht iomlán ón Aontas don Úcráin

Is é an tAontas agus a 27 mBallstát an soláthraí is mó tacaíochta airgeadais, eacnamaíche, míleata agus daonnúla atá ag an Úcráin.

Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá €220.3 billiún curtha ar fáil acu chun tacú leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine. Áirítear leis an gcúnamh sin:

  • €107 mbilliún curtha ar fáil ó bhuiséad an Aontais nó ráthaithe leis
  • €77 mbilliún de bhearta cúnaimh mhíleata
  • €17 mbilliún de thacaíocht do dhídeanaithe laistigh den Aontas
  • €15.5 billiún de thacaíocht ó Bhallstáit an Aontais
  • €3.8 billiún d'fháltais ó shócmhainní blocáilte na Rúise

Seasann an tAontas go daingean leis an Úcráin agus lena muintir agus tá sé tiomanta leanúint de thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil.

Cúnamh eacnamaíoch agus airgeadais

I dteannta a chéile, is iad an tAontas agus a 27 mBallstát is mó a sholáthraíonn cúnamh airgeadais don Úcráin. Tá an tAontas ag tacú le geilleagar na hÚcráine tríd an méid seo a leanas:

  • an iasacht tacaíochta €90 billiún don Úcráin
  • an tSaoráid don Úcráin, lena gcuirtear suas le €50 billiún ar fáil in iasachtaí agus i ndeontais
  • cúnamh macrairgeadais
  • na fáltais ó shócmhainní blocáiltede chuid na Rúise
  • bearta a théann chun tairbhe thrádáil na hÚcráine, lánaí dlúthpháirtíochta san áireamh

Bhí ról ríthábhachtach ag an meascán sin de dheontais, iasachtaí, ráthaíochtaí agus tacaíocht bhuiséadach maidir le cobhsaíocht eacnamaíoch na hÚcráine a chaomhnú, riachtanais láithreacha na tíre a mhaoiniú agus téarnamh agus atógáil fhadtéarmach na tíre a chothú.

Áras Europa na Comhairle agus brat na hÚcráine agus brat an Aontais Eorpaigh.
Cúnamh airgeadais an Aontais don Úcráin

Cúnamh airgeadais an Aontais don Úcráin

Bearta trádála

I mí Bealtaine 2022 bhunaigh an tAontas na lánaí dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin i gcomhar leis an Úcráin agus an Mholdóiv. Is é cuspóir na gconairí riachtanacha sin a chinntiú gur féidir leis an Úcráin táirgí talmhaíochta (gráin agus olashíolta agus táirgí gaolmhara) a onnmhairiú, agus na hearraí atá de dhíth uirthi a allmhairiú freisin.

Idir mí na Bealtaine 2022 agus mí an Mheithimh 2025, chuir an tAontas dleachtanna allmhairiúcháin agus cuótaí ar gach onnmhairiú ón Úcráin ar fionraí chun tacú le geilleagar na tíre. An 5 Meitheamh 2025, chinn an tAontas síneadh 3 bliana a chur le fionraí na mbeart coimirce maidir le hiarann agus cruach.

Tháinig an tAontas agus an Úcráin ar chomhaontú i bprionsabal maidir leis an athbhreithniú ar a limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála an 30 Meitheamh 2025, agus tháinig an téacs athbhreithnithe i bhfeidhm an 29 Deireadh Fómhair 2025.

Léarscáil den Eoraip leis an Úcráin agus leis an Aontas Eorpach aibhsithe i ndath buí agus gorm faoi seach.
Tacú le trádáil na hÚcráine

Tacú le trádáil na hÚcráine

Tacaíocht mhíleata

Tá dlús mór curtha ag an Aontas agus a Bhallstáit lena dtacaíocht mhíleata d’fhórsaí armtha na hÚcráine ó mhí Feabhra 2022.

Is é is aidhm do chúnamh míleata an Aontais don Úcráincumas agus athléimneacht fhórsaí armtha na hÚcráine a neartú agus an pobal sibhialta a chosaint ar fhogha míleata gan chúis gan údar na Rúise.

I mí na Samhna 2022, sheol an Chomhairle Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh (EUMAM) san Úcráin. Is éard atá i gceist leis an misean oiliúint aonair, oiliúint chomhchoiteann agus oiliúint speisialaithe a chur ar fhórsaí armtha na hÚcráine.

I mí an Mheithimh 2024, shínigh an tAontas agus an Úcráin gealltanais chomhpháirteacha slándála. Cuideoidh na gealltanais sin leis an Úcráin í féin a chosaint, cur in aghaidh iarrachtaí díchobhsaithe agus gníomhartha foghacha a dhíspreagadh amach anseo.

Drón á phíolótú ag saighdiúir.
Tacaíocht mhíleata an Aontais don Úcráin

Tacaíocht mhíleata an Aontais don Úcráin

Cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta

Is iad an tAontas agus na 27 mBallstát is mó a thugann cabhair dhaonnúil don Úcráin. Tá an cistiú ag cabhrú le daoine laistigh den Úcráin agus leo siúd a chuaigh ar a dteitheadh go tíortha comharsanacha trí bhia, uisce agus sláintíocht, cúram sláinte, dídean, oideachas agus cúnamh airgid a chur ar fáil.

Tá comhordú á dhéanamh ag an Aontas freisin ar an oibríocht is mó ar thug sé faoi riamh faoi shásra an Aontais um chosaint shibhialta, le gach ceann de 27 dtír an Aontais, agus le rannpháirtíocht na hÍoslainne, na Moldóive, na Macadóine Thuaidh, na hIorua, na Seirbia agus na Tuirce.

Faoin gcreat sin, tá beagnach 160 000 tona de chabhair chomhchineáil seachadta ag an Aontas, tá othair aslonnaithe aige a bhfuil cóireáil phráinneach de dhíth orthu, agus tá acmhainní ó chúlstoic rescEU curtha i bhfearas aige, lena n-áirítear gineadóirí cumhachta, trealamh leighis agus aonaid dídine sealadaí.

Oibrí cabhrach os comhair boscaí cabhrach daonnúla.
Cabhair dhaonnúil agus cúnamh cosanta sibhialta don Úcráin

Cabhair dhaonnúil agus cúnamh cosanta sibhialta don Úcráin

Tacaíocht do dhídeanaithe

De dheasca fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin, tá na milliúin ag teacht isteach san Aontas agus i bPoblacht na Moldóive ar thóir dídine.

An 4 Márta 2022, chuir an tAontas an treoir um chosaint shealadach i ngníomh. An brú ar chórais náisiúnta tearmainn a laghdú is cuspóir leis, mar aon le cinntiú go mbeidh cearta comhchuibhithe ar fud an Aontais ag daoine easáitithe.

Ar na cearta sin, tá cearta cónaithe, rochtain ar an margadh saothair agus tithíocht, cúnamh leasa shóisialaigh, cúnamh leighis, rochtain ar oideachas do leanaí agus caomhnóireacht dhlíthiúil do leanaí.

Shainaithin an tAontas suas le €17 mbilliún de chistí a d'fhéadfadh na Ballstáit a ath-leithdháileadh chun tacú le dídeanaithe ón Úcráin a bhfuil riachtanais phráinneacha acu, mar shampla tithíocht, oideachas, cúram sláinte agus cúram leanaí.

Grúpa dídeanaithe, triúr daoine fásta agus beirt leanaí ina mheasc.
An chaoi a gcabhraíonn an tAontas le dídeanaithe ón Úcráin

An chaoi a gcabhraíonn an tAontas le dídeanaithe ón Úcráin

An Rúis a thabhairt chun cuntais

Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá clárú déanta i mórán tuarascálacha inchreidte ar na coireanna idirnáisiúnta is tromchúisí agus ar choireanna ainghníomhartha san Úcráin – coireanna atá á ndéanamh go fóill sa lá atá inniu ann.

Is iad na coireanna idirnáisiúnta is tromchúisí agus coireanna ainghníomhartha na sáruithe is tromchúisí dá bhfuil ann ar an dlí idirnáisiúnta. Áirítear orthu sin coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh, cinedhíothú agus coireanna an fhogha.

Tacaíonn an tAontas agus a Bhallstáit go hiomlán leis an Úcráin chun a chinntiú go dtabharfar chun cuntais iad siúd atá freagrach as na hainghníomhartha tromchúiseacha sin san Úcráin.

Bantiarna an Cheartais agus casúr.
Cogadh na Rúise ar an Úcráin: an tsaoirse ó phionós a chomhrac

Cogadh na Rúise ar an Úcráin: an tsaoirse ó phionós a chomhrac

Fuinneamh agus bonneagar

Tacaíonn an tAontas le slándáil fuinnimh na hÚcráine, go príomha trí chiste tacaíochta fuinnimh na hÚcráine agus trí shásra an Aontais um chosaint shibhialta trínar chuir an tAontas na mílte gineadóirí cumhachta, na milliúin bolgán solais LED agus trealamh eile ar fáil don Úcráin. I mí an Mhárta 2022, rinneadh eangach leictreachais na hÚcráine a shioncrónú le heangach mhór-roinn na hEorpa.

I mí an Mheithimh 2023, shínigh an tAontas agus an Úcráin comhaontú lena ndearnadh an Úcráin a chomhlachú le clár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa. Glacann an Úcráin páirt freisin i bhFís Eorpach agus i gclár taighde agus oiliúna Euratom.

An 1 Eanáir 2026, tugadh an Úcráin isteach i limistéar ‘fánaíocht ar tháillí baile’ an Aontais. Ciallaíonn sé sin go bhfuil muintir na hÚcráine atá ar chríoch an Aontais agus saoránaigh an Aontais atá san Úcráin in ann glaonna a chur, téacsanna a sheoladh agus sonraí móibíleacha a úsáid gan táillí breise

Líonraí leictreachais agus cruthanna teibí sa chúlra.
Cúnamh ón Aontas don Úcráin: slándáil fuinnimh agus bonneagar

Cúnamh ón Aontas don Úcráin: slándáil fuinnimh agus bonneagar

Féach freisin

An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Lúnasa 2026