Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18 Márta 2024

Na príomhthorthaí

Seisiún neamhfhoirmiúil tuairimíochta le Státrúnaí na Stát Aontaithe, Antony Blinken

Bhí seisiún neamhfhoirmiúil tuairimíochta ag na hairí le Státrúnaí na Stát Aontaithe, Antony Blinken, trí fhíschomhdháil, ag díriú dóibh ar fhogha na Rúise faoin Úcráin, an staid sa Mheánoirthear, an cur chuige i leith na Síne agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach.

Bhí na rannpháirtithe ar aon fhocal go bhfuil aontacht thrasatlantach ríthábhachtach i gcónaí chun dul i ngleic leis na dúshláin reatha agus, go sonrach, go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach a mhéid a bhaineann leis an Úcráin agus an Meánoirthear araon, go háirithe chun síocháin mharthanach idir Iosrael agus an Phalaistín a chur chun cinn, bunaithe ar réiteach an dá Stát.

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin

Ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an fogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, tar éis d’Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, a chomhghleacaithe san Aontas a chur ar an eolas trí fhíschomhdháil faoi na forbairtí is déanaí ar an láthair agus faoi thosaíochtaí reatha na hÚcráine.

Le linn na díospóireachta a bhí ag na hairí ina dhiaidh sin, ghlac an Chomhairle cinneadh chun €5 bhilliún a leithdháileadh faoin tSaoráid Eorpach Síochána ar mhaithe le tacaíocht mhíleata don Úcráin. Cuirfidh an Ciste Cúnaimh tiomnaithe nua don Úcráin le hintuarthacht thacaíocht mhíleata an Aontais agus leanfar dá threorú bunaithe ar riachtanais na hÚcráine.

Chinn na hairí freisin bailchríoch a chur ar na smachtbhannaí ina gcoinne siúd atá freagrach as dúnmharú Alexei Navalny faoi Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine.

Ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an ioncam urghnách a d’eascair as sócmhainní Rúiseachaatá blocáilte san Aontas i ngeall ar smachtbhannaí.

Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Tar éis an phlé inniu, chonaic mé go bhfuil tacaíocht láidir ann chun an t-ioncam agus na brabúis amhantair a úsáid chun tacú leis an Úcráin. Conas? Ar bhonn míleata, chun acmhainní na Saoráide Eorpaí Síochána a fheabhsú agus chun tacú le forbairt thionscal cosanta na hÚcráine freisin. Cuirfidh mé síos an togra seo le haghaidh cinneadh ón gComhairle agus oibreoidh mé i gcomhar leis an gCoimisiún chun rialachán ón gComhairle a fhormheas ionas go bpléifidh na Ballstáit togra nithiúil roimh an gComhairle Eorpach.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Ar deireadh, bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le toghcháin uachtaránachta na Rúise a bhí ar siúl ón 15 go dtí an 17 Márta i dtimpeallacht an-srianta inar baineadh fíor-rogha de na vótálaithe agus ina ndearnadh brú faoi chois inmheánach córasach. Sa ráiteas a d’eisigh 27 mBallstát an Aontais díreach roimh an gcruinniú den Chomhairle, cháin an tAontas na ‘toghcháin’, mar a thugtar orthu, a reáchtáladh go neamhdhleathach i gcríocha na hÚcráine atá á bhforghabháil go sealadach ag an Rúis.

An Bhealarúis

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis an mBealarúis agus béim á leagan, ar an gcéad dul síos, ar an méid breise is féidir leis an Aontas a dhéanamh chun freagairt ar staid chearta an duine agus tacú le sochaí shibhialta agus freasúra daonlathach na Bealarúise, agus ar an dara dul síos ar chomhpháirteachas na Bealarúise i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Chuir an Chomhairle in iúl gur cúis imní di an staid inmheánach atá ag dul in olcas i gcónaí, staid ina bhfuil cos ar bolg á dhéanamh ar leibhéil nach bhfacthas riamh roimhe seo, ina bhfuil staid chearta an duine ag dul in olcas, agus nach bhfuil deireadh leis na sáruithe ar chearta sibhialta agus polaitiúla mhuintir na Bealarúise.

Dhearbhaigh na hairí go bhfuil an Bhealarúis ina hardtosaíocht ar chlár oibre an Aontais i gcónaí, agus thathantaigh siad arís ar an réimeas na príosúnaigh pholaitiúla uile a scaoileadh saor láithreach agus gan choinníoll.

I gcomhréir le cur chuige céimnitheach an Aontais, tá an tAontas faoi réir chun tuilleadh bearta sriantacha spriocdhírithe a dhéanamh.

An staid sa Mheánoirthear

Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an staid sa Mheánoirthear, go háirithe i Stráice Gaza.

Phléigh na hairí an staid dhaonnúil atá ag dul in olcas i gcónaí i Stráice Gaza, mar a bhfuil formhór mór an daonra i mbaol an ghorta de réir na tuarascála a d’fhoilsigh an Clár Domhanda Bia le déanaí.

Phléigh an Chomhairle freisin tionscnamh na Cipire maidir le bealach daonnúil farraige. Leag an tArdionadaí béim ar an ngá atá le forbairt ar Bhealach Muirí na Cipire, ach chuir sé in iúl freisin nach mór d’Iosrael níos mó bealaí talún a chinntiú agus trasnuithe breise a oscailt.

Phléamar smachtbhannaí ina dhiaidh sin, smachtbhannaí ar Hamas agus smachtbhannaí ar lonnaitheoirí antoisceacha. […] Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh ag an gcruinniú deireanach den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, agus bhíothas in ann é a dhéanamh an tráth seo. Thángthas ar chomhréiteach láidir ar leibhéal oibre, agus tá súil agam go leanfar de go dtí go nglacfar go hiomlán é go luath. Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle freisin maidir leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus Iosrael. Tá an comhaontú sin bunaithe go sainráite ar luachanna atá i gcoiteann ag an Aontas agus ag Iosrael, mar atá urraim do chearta an duine, don smacht reachta agus don daonlathas.

Thug na hairí le fios go bhfuil siad ag súil le tuilleadh plé a dhéanamh le hIosrael maidir leis an staid in Gaza, agus mhol cuid acu go n-iarrfaí arís ar Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael agus ar Phríomh-Aire nua Údarás na Palaistíne freastal ar chruinniú a bheidh ag an gComhairle amach anseo.

Cúrsaí reatha

Maidir le cúrsaí reatha, bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis an Airméin/an Asarbaiseáin, an Nígir agus Háítí.

Ó thaobh Háítí de, chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad go láidir leis na hiarrachtaí leanúnacha chun aistriú polaitiúil cuimsitheach inbhuanaithe faoi stiúir na Háítíoch a chinntiú. Leag siad béim freisin ar an ngá atá leis na hiarrachtaí polaitiúla sin chun feabhsuithe nithiúla a dhéanamh a dhéanamh go pras ar an láthair.

Leag an tArdionadaí béim ar a thábhachtaí atá sé an Misean Tacaíochta Slándála Ilnáisiúnta a d’údaraigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a imscaradh go pras.

Tá an tAontas ag fiosrú conas tacú le cuspóirí níos leithne an mhisin ilnáisiúnta trína ionstraimí comhair.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Márta 2025