Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 25 Márta 2024 10:10

Slándáil an tsoláthair gáis: Cead deiridh tugtha ag an gComhairle do bhearta deonacha chun an t-éileamh a laghdú

Ghlac an Chomhairle an moladh go foirmiúil inniu lena moltar do na Ballstáit leanúint dá dtomhaltas gáis a laghdú 15% ar a laghad go dtí an 31 Márta 2025, i gcomparáid lena meántomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022.

Leis an moladh sin, cuideofar leis na Ballstáit bearta leordhóthanacha a dhéanamh maidir le slándáil an tsoláthair go dtí go ndéanfar na treoracha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh a thrasuí in 2025. Leis an dá threoir sin, laghdófar an t-éileamh struchtúrach go luath amach anseo, agus bainfear amach spriocanna dícharbónaithe an Aontais ag an am céanna.

Glacadh an rialachán roimhe seo maidir le bearta laghdaithe éilimh ar ghás in 2022 mar fhreagairt phráinneach ar an ngéarchéim fuinnimh arb é fogha míleata na Rúise faoin Úcráin is cúis léi agus cuireadh síneadh bliana leis in 2023. Beidh deireadh lena fheidhm ar an 31 Márta 2024. A bhuí leis na bearta laghdaithe éilimh, d’éirigh leis an Aontas deireadh a chur de réir a chéile le thart ar 65 bhilliún méadar ciúbach de ghás na Rúise in 2023, i dteaghlaigh agus i dtionscail go príomha.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Eanáir 2025