- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 25 Márta 2024
Na príomhthorthaí
An treoir réime dramhaíola
Bhí díospóireacht bheartais ag airí comhshaoil an Aontais maidir leis an togra ón gCoimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir réime dramhaíola, ag díriú ar na hearnálacha teicstíle agus bia. Ba é aidhm fhoriomlán an phlé treoir bhreise a chur ar fáil maidir leis an obair theicniúil leanúnach a dhéanfar ar na leasuithe atá beartaithe.
Gach bliain, caitear amach na milliúin tona bia agus teicstílí san Aontas, rud a mbíonn tionchar diúltach ollmhór aige ar an gcomhshaol. Is figiúirí scanrúla iad sin agus is é aidhm an togra atá pléite againn deireadh daingean a chur leis an treocht sin agus borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach. Bhí plé tairbheach againn chun an obair thábhachtach atá ar bun maidir leis an athbhreithniú spriocdhírithe ar an treoir réime dramhaíola a threorú. Táim cinnte go dtiocfaimid ar chomhaontú cothrom sna míonna amach romhainn.
Alain Maron, Aire Rialtais Réigiún Príomhchathrach na Bruiséile, a bhfuil freagracht air maidir leis an Athrú Aeráide, an Comhshaol, Fuinneamh agus an daonlathas rannpháirtíochta
Is é aidhm an togra laghdú a dhéanamh ar an tionchar comhshaoil agus aeráide a bhaineann le giniúint agus bainistiú dramhaíola teicstíle agus bia. Maidir le teicstílí, tugtar isteach scéimeanna éigeantacha agus comhchuibhithe freagrachta leathnaithe táirgeora ar fud an Aontais, ionas go gcumhdóidh táirgeoirí na costais a bhaineann le bainistiú dramhaíola teicstíle. Tá sé d’aidhm ag na rialacha atá beartaithe freisin a áirithiú go sórtáiltear teicstílí úsáidte lena n-athúsáid, agus go ndéanfar an méid nach féidir a athúsáid a athchúrsáil, i gcomhréir le ‘hord na réiteach dramhaíola’.
Leagtar amach sa togra freisin spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí do na Ballstáit maidir le cur amú bia a laghdú , ar spriocanna iad atá le baint amach faoi 2030 chun rannchuidiú le gealltanais an Aontais faoi na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Ina theannta sin, leis an treoir leasaithe ceanglaítear ar na Ballstáit a gcláir náisiúnta maidir le cosc ar chur amú bia a athbhreithniú agus a oiriúnú d’fhonn na spriocanna sin a bhaint amach.
I measc nithe eile, phléigh na hairí leibhéal uaillmhéine chuspóirí 2030 maidir le cur amú bia a laghdú agus éifeachtacht na freagrachta leathnaithe atá ar tháirgeoirí teicstíle chun an tionchar a bhíonn ag dramhaíl teicstíle ar an gcomhshaol a chomhrac.
Cur amú bia: cosc, athúsáid agus athchúrsáil (Grafaic faisnéise)
Truailliú micreaphlaisteach a laghdú
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí freisin faoin togra ón gCoimisiún maidir le cosc a chur ar chailliúint millíní plaisteacha sa chomhshaol. Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe an truailliú ó mhicreaphlaistigh a laghdú a thuilleadh, go háirithe dul i ngleic le scaoileadh neamhbheartaithe micreaphlaisteach a tharlaíonn de bharr millíní plaisteacha a bheith á láimhseáil.
Bunaíonn an togra oibleagáid ghinearálta ar oibreoirí agus iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach ón Aontas iad caillteanas millíní plaisteacha a chosc agus tá na cleachtais láimhseála is fearr d’oibreoirí ann, córas deimhniúcháin éigeantach agus modheolaíocht chomhchuibhithe chun caillteanais a mheas.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an togra agus bhí siad ar aon ghuth maidir leis an tábhacht a bhaineann le reachtaíocht ar leibhéal an Aontais a bheith dírithe ar thruailliú micreaphlaisteach a laghdú. Dhírigh siad ar na forálacha atá ann, féachaint an bhfuil siad leordhóthanach nó nach bhfuil, agus meastóireacht á déanamh acu ar an rialachán atá beartaithe maidir leis an bhfreagracht a leithdháiltear ar gníomhaithe éagsúla poiblí agus príobháideacha. Rinne siad measúnú freisin ar an ngá atá le bearta a bhaineann le muiriompar a bheith san áireamh, nach gcumhdaítear sa togra ón gCoimisiún.
Sprioc aeráide 2040
Bhí seisiún tuairimíochta ag airí comhshaoil an Aontais freisin faoin teachtaireacht a tháinig ón gCoimisiún le déanaí maidir le sprioc aeráide 2040 an Aontais. Is é aidhm na teachtaireachta tús a chur le díospóireacht pholaitiúil agus bonn eolais a chur faoi ullmhú an chreata beartais aeráide Eorpaigh iar-2030.
Chuige sin, leagtar amach sa teachtaireacht fís chun cuspóir na hEorpa maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, sprioc idirmheánach 2040 san áireamh, mar a leagtar amach i ndlí aeráide an Aontais. Mhol an Coimisiún glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 90% faoi 2040 i gcomparáid le 1990.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an teachtaireacht ach go háirithe agus leag siad béim ar an ngá atá le sprioc uaillmhianach a bheith ann lena gcinnteofaí san am céanna aistriú cóir agus inbhuanaitheacht iomaíoch. Phléigh siad an chaoi ar cheart don Aontas tabhairt faoin aistriú i dtreo na haeráidneodrachta agus faoi na coinníollacha tábhachtacha cumasúcháin a bheadh ann do chreat iar-2030. Bhí seisiún tuairimíochta acu freisin ar na hearnálacha is mó a bhfuil sé d’acmhainn acu cur leis an aistriú.
Míreanna ‘A’ agus gnó eile
I dtús an chruinnithe, ghlac airí comhshaoil an Aontais go foirmiúil an t-athbhreithniú ar an rialachán maidir le loingsithe dramhaíola mar mhír reachtacha ‘A’.
Le linn an lóin, bhí an Coimisinéir Wopke Hoekstra agus an tOllamh Patrick Willems ó KU Leuven i dteannta na n-airí chun an athléimneacht uisce a phlé. Bhí an plé neamhfhoirmiúil dírithe ar thionchair thrasteorann an athraithe aeráide ar an athléimneacht uisce ar fud na hEorpa agus ar an ngá atá ann go gcuirfeadh an tAontas tacaíocht bhreise airgeadais agus rialála ar fáil.
Faoi ‘gnó eile’, cuirfidh an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh ar an rialachán maidir le creat faireacháin foraoise de chuid an Aontais agus ar an rialachán maidir le hathchóiriú an dúlra.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Athchóiriú an dúlra: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha nua chun gnáthóga díghrádaithe san Aontas a athchóiriú agus a chaomhnú (preaseisiúint, an 9 Samhain 2023)
Chuir an Coimisiún i láthair a mheastóireacht mheántéarma ar an ochtú clár gníomhaíochta don chomhshaol agus an teachtaireacht uaidh maidir le rioscaí aeráide a bhainistiú san Eoraip. Chuir sé na hairí ar an eolas freisin faoi staid na himeartha i ndáil leis na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAanna).
Pleananna náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid (Grafaic faisnéise)
Thuairiscigh an uachtaránacht maidir le himeachtaí ardleibhéil a d’eagraigh sí agus, i gcomhar leis an gCoimisiún, thug sí tuairisc ar na príomhchruinnithe idirnáisiúnta le déanaí, ina measc:
- an 14ú Cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (COP 14) in Samarkand, an Úisbéiceastáin (an 12 go dtí an 17 Feabhra 2024), agus
- an 6ú seisiún de Chomhthionól Comhshaoil na Náisún Aontaithe (UNEA-6) in Nairobi na Céinia (an 26 go dtí an 1 Márta 2024)
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas freisin faoi chomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha éagsúla a dhaingniú.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuala na hairí ón tSeicia agus ón tSlóvaic faoin ‘Karlovy Vary Annual Policy Dialogue Statement’ [Ráiteas maidir le hIdirphlé Bliantúil Beartais Karlovy Vary] agus faoin ngá atá ann an t-aistriú cóir a neartú sna réigiúin is mó atá thíos leis an dícharbónú.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Ostair na hairí ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le líonraí feirmeoirí beaga agus feirmeoirí le haghaidh rialachán inbhuanaithe an Aontais maidir le síolta, i gcomhthéacs na hoibre leanúnaí ar rialachán an Aontais maidir le hábhar atáirgthe plandaí.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir toscaireachtaí na Rómáine, na Slóvaice agus na Fionlainne na hairí ar an eolas faoi athmheasúnú a dhéanamh ar stádas caomhnaithe na mbéar donn ar fud na hEorpa.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuala na hairí freisin ón bhFrainc, ón Danmhairg agus ón tSualainn maidir le togra le haghaidh rialú níos déine ar onnmhairiú dramhaíola teicstíle chuig tíortha atá i mbéal forbartha, i gcomhthéacs an 17ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel (COP17).
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Thíolaic an Liotuáin iarraidh, le tacaíocht ón tSeicia, ón Eastóin agus ón Laitvia, ar ghníomhaíochtaí chun stop a chur le hallmhairí dramhaíola ón Rúis isteach san Aontas.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- ISIL/Da’esh agus Al-Qaeda: Duine amháin agus eintiteas amháin curtha ag an gComhairle lena liosta uathrialach smachtbhannaí
- 25/03/2024
- Foréigean agus ciapadh san ionad oibre a chomhrac: iarrann an Chomhairle ar thíortha an Aontais Coinbhinsiún EIS a dhaingniú
- 25/03/2024
- An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: Síneadh curtha ag an gComhairle leis an gcreat do bhearta sriantacha go dtí mí an Mhárta 2026
- 25/03/2024
- Slándáil an tsoláthair gáis: Cead deiridh tugtha ag an gComhairle do bhearta deonacha chun an t-éileamh a laghdú
- 25/03/2024
- Loingsithe dramhaíola: rialacha níos éifeachtúla, nuashonraithe formheasta ag an gComhairle
- 25/03/2024
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2025