- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 25 Meitheamh 2024 11:28
Caidreamh an Aontais le tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad: conclúidí formheasta ag an gComhairle
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le margadh inmheánach leathnaithe aonchineálach agus maidir le caidreamh an Aontais le tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad agus le hOileáin Fharó.
Sna conclúidí, a ghlactar gach 2 bhliain de ghnáth, déantar measúnú ar chaidreamh an Aontais leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, Andóra, San Mairíne agus Monacó, chomh maith le hOileáin Fharó mar thír fhéinrialaitheach laistigh de Ríocht na Danmhairge nach bhfuil feidhm ag conarthaí an Aontais maidir léi.
Mabhraítear don Chomhairle sna conclúidí uaithi gur den ríthábhacht don Aontas an dlúthchaidreamh atá aige le tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad mar chomhpháirtithe atá ar aon intinn leis agus comhtháite go mór leis an Aontas agus a bhfuil bunluachanna agus bunleasanna coiteanna ag an Aontas leo.
Leagann an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá aontacht i dtaobh cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tugann sí dá haire an comhar láidir le tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad i réimsí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus cuireann sí chun suntais gur gá leanúint den obair chomhpháirteach ar an leibhéal domhanda agus feabhas a chur uirthi chun ord domhanda iltaobhach riailbhunaithe a neartú agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna tosaíochta comhroinnte, lena gcuirtear san áireamh cearta an duine, an tsíocháin agus an tslándáil, agus an t-athrú aeráide a chomhrac.
Meabhraítear don Chomhairle freisin an comhtháthú agus an t-idirspleáchas eacnamaíoch idir an tAontas agus a chomhpháirtithe in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad faoi chuimsiú mhargadh inmheánach leathnaithe an Aontais. Maidir leis sin, cuireann sí i bhfios go láidir go bhfuil sé de fhreagracht ar na stáit uile atá rannpháirteach sa mhargadh inmheánach leathnaithe sláine agus aonchineálacht an mhargaidh sin a chinntiú agus go dtugtar lánurraim do chearta agus oibleagáidí cothroma saoránach agus gnólachtaí araon.
I measc réimsí eile, tugtar aghaidh sna conclúidí ón gComhairle freisin ar chomhar le tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad i réimsí shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus an bhonneagair fuinnimh, an cheartais agus gnóthaí baile, agus bhainistiú na stoc éisc san Atlantach Thoir Thuaidh.
Ina theannta sin, déantar measúnú sna conclúidí ar an gcomhar laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus in 2024 déantar comóradh ar 30 bliain ó theacht i bhfeidhm Chomhaontú LEE, chomh maith le comhar déthaobhach le gach ceann de na tíortha lena mbaineann.
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
- @dimos_mammonas
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025