- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 25 Meitheamh 2024
Na príomhthorthaí
Nós imeachta Airteagal 7 maidir leis an Ungáir
Mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) maidir leis an Ungáir, thionóil an Chomhairle éisteacht.
Ba é sin an seachtú héisteacht ag an Ungáir mar chuid de nós imeachta Airteagal 7. Cumhdaíodh ann na saincheisteanna go léir a tarraingíodh anuas sa togra réasúnaithe ó Pharlaimint na hEorpa i mí Mheán Fómhair 2018, lenar cuireadh tús leis an nós imeachta. Ba é an aidhm a bhí leis léargas cothrom le dáta a thabhairt don Chomhairle ar an staid san Ungáir.
Dhírigh na malartuithe go háirithe ar fheidhmiú an chórais bhunreachtúil agus ar shrianta agus ceartúcháin, ar chomhrac an éillithe, ar chosaint an spáis shibhialta, ar shaoirse acadúil agus saoirse na meán, agus ar chosaint chearta LGBTIQ san Ungáir.
Tá urraim don smacht reachta agus dár mbunluachanna coiteanna ríthábhachtach d’fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá ábhair imní thábhachtacha fós ann sna réimsí a chumhdaítear leis an togra réasúnaithe ó Pharlaimint na hEorpa. Le hAirteagal 7 is féidir linn aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhfanfadh sé ar ár gclár oibre go dtí go réiteofar na saincheisteanna atá fós gan réiteach.
Hadja Lahbib, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Eorpacha na Beilge
Ionadaíocht leasa thar ceann tríú tíortha
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i ndáil leis an treoir maidir le trédhearcacht na hionadaíochta leasa thar ceann tríú tíortha. Leis an díospóireacht sin, rinneadh an dul chun cinn ar an leibhéal teicniúil a mheas agus cuireadh treoir ar fáil maidir leis an obair atá le déanamh amach anseo.
Le linn an phlé, dhearbhaigh na hairí go dtacaíonn siad go ginearálta le cuspóirí na treorach atá beartaithe agus le haghaidh a thabhairt ar shaincheist na trasnaíochta eachtraí. D’aontaigh siad gur gá sainmhínithe soiléire a bheith ann bunaithe ar chritéir oibiachtúla sa treoir atá beartaithe, chomh maith le coimircí láidre i gcoinne stiogmataithe agus chun saoirsí bunúsacha a chosaint.
Mheabhraigh na hairí freisin gur ionstraim trédhearcachta amháin é an togra seo. Leagadh béim ar an ngá atá ann an t-ualach riaracháin a íoslaghdú. Cé gur iarr roinnt airí go gcumhdófaí gach gníomhaíocht bhrústocaireachta, sa bhreis ar na gníomhaíochtaí sin a dhéantar thar ceann tríú tíortha, d’iarr roinnt eile acu go ndéanfaí measúnú tionchair breise ar an togra.
Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh
Lean na hairí de na hullmhúchán don chruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 27 agus an 28 Meitheamh 2024 trí dhréachtchonclúidí a phlé.
Ag an gcruinniú a bheidh acu i mí an Mheithimh, tabharfaidh ceannairí an Aontais aghaidh ar an méid seo a leanas:
- An Úcráin
- An Meánoirthear
- an tslándáil agus an chosaint
- iomaíochas
- an chéad timthriall institiúideach eile
- míreanna eile
Todhchaí na hEorpa
Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir an Uachtaránacht a tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid na n-airí maidir leis an obair a rinneadh faoi Uachtaránacht na Beilge ar Thodhchaí na hEorpa.
Míreanna gan phlé
LEE agus Sásraí Airgeadais na hIorua le haghaidh 2021-2028
Ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach na gcomhaontuithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Sásraí Airgeadais na hIorua don tréimhse 2021-2028. Cuirfidh an dá shásra airgeadais le chéile ranníocaíocht airgeadais €3.268 billiún ar fáil don chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
Chomhaontaigh an Chomhairle i bprionsabal freisin agus chinn sí toiliú Pharlaimint na hEorpa a iarraidh chun an dá chomhaontú a thabhairt i gcrích.
maidir le caidreamh an Aontais le tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le margadh inmheánach leathnaithe aonchineálach agus maidir le caidreamh an Aontais le tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad agus le hOileáin Fharó.
Sna conclúidí, a ghlactar gach 2 bhliain de ghnáth, déantar measúnú ar chaidreamh an Aontais leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, Andóra, San Mairíne agus Monacó, chomh maith le hOileáin Fharó mar thír fhéinrialaitheach laistigh de Ríocht na Danmhairge nach bhfuil feidhm ag conarthaí an Aontais maidir léi.
Gealltanais chomhpháirteacha slándála idir an tAontas agus an Úcráin
D'údaraigh an Chomhairle síniú ionstraime neamhcheangailtí i bhfoirm gealltanas comhpháirteach slándála idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin.
Ag an gcruinniú a bhí aici i mí Dheireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Eorpach an comhaontú tosaigh go rannchuideodh an tAontas agus a Bhallstáit, san fhadtéarma agus i gcomhar lena gcomhpháirtithe, le gealltanais slándála don Úcráin, rud a chuideodh leis an Úcráin í féin a chosaint, cur i gcoinne iarrachtaí díchobhsaithe agus gníomhartha foghacha a dhíspreagadh amach anseo.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- EUBAM Rafah agus EUPOL COPPS: Síneadh curtha ag an gComhairle le sainorduithe an dá mhisean sibhialtach CBSC go dtí mí an Mheithimh 2025
- 25/06/2024
- Caidreamh an Aontais le tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad: conclúidí formheasta ag an gComhairle
- 25/06/2024
- Dídeanaithe ón Úcráin: Síneadh curtha ag an gComhairle leis an gcosaint shealadach go dtí mí an Mhárta 2026
- 25/06/2024
- Bonneagar criticiúil: Treoirphlean chun saoránaigh an Aontais agus an margadh inmheánach a chosaint
- 25/06/2024
- Cead tugtha ag an gComhairle do chomhaontuithe maidir le Sásra Airgeadais LEE agus maidir le Sásra Airgeadais na hIorua don tréimhse 2021-2028
- 25/06/2024
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025