Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 16 Nollaig 2024 13:30

Bagairtí hibrideacha na Rúise: An tAontas tagtha ar chomhaontú maidir leis na chéad liostuithe mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha i gcoinne an Aontais, a Bhallstát agus a chomhpháirtithe

Den chéad uair riamh, chinn an Chomhairle bearta sriantacha a fhorchur ar 16 dhuine aonair agus ar 3 eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise thar lear. Is freagairt iad na bearta sin ar ghníomhaíochtaí mailíseacha na Rúise agus ar an easpa measa atá aici ar ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus ar an dlí idirnáisiúnta.

Bunaíodh an creat ábhartha le haghaidh bearta sriantacha an 8 Deireadh Fómhair 2024 chun díriú orthu siúd atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí agus do bheartais de chuid rialtas Chónaidhm na Rúise, lena mbaintear an bonn de bhunluachanna an Aontais agus a Bhallstát, dá slándáil, dá gcobhsaíocht, dá neamhspleáchas agus dá sláine, chomh maith le bunluachanna eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha trí ghníomhaíochtaí hibrideacha éagsúla, i measc eile úsáid a bhaint as ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis. An lá céanna, d’eisigh an tAontas ráiteas inar cáineadh feachtas gníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise, atá ag éirí níos déine.

Áirítear ar na liostuithe atá i dtrácht Aonad 29155 de chuid GRU, aonad ceilte laistigh de ghníomhaireacht faisnéise míleata na Rúise (GRU), a bhfuil cáil air as a rannpháirtíocht i bhfeallmharuithe eachtracha agus i ngníomhaíochtaí díchobhsaithe mar shampla buamáil agus cibirionsaithe ar fud na hEorpa, agus cuid dá phearsanra míleata atá gníomhach san Úcráin, in Iarthar na hEorpa agus san Afraic.

I ndáil leis an Afraic, chinn an Chomhairle na daoine seo a leanas a liostú: an Groupe Panafricain pour le Commerce et l’Investissement,líonra bréagaisnéise a dhéanann oibríochtaí tionchair ceilte ar son na Rúise, go háirithe i bPoblacht na hAfraice Láir agus i mBuircíne Fasó, agus a bhunaitheoir, Harouna Douamba. Ina theannta sin, liostaigh an Chomhairle African Initiative, gníomhaireacht nuachta a bhfuil baint aici le bolscaireacht agus bréagaisnéis na Rúise a scaipeadh ar mhór-roinn na hAfraice, a príomheagarthóir agus Oifigeach Sheirbhís Slándála Cónaidhme na Rúise a raibh baint aige le feachtais bhréagaisnéise chomhordaithe, san Eoraip agus san Afraic araon, Artem Kureev, chomh maith le hardoifigeach míleata GRU, a ghlac ceannas ar oibríochtaí an Ghrúpa Wagner san Afraic, tar éis bhás Yevgeny Prigozhin.

Chomh maith leis sin, dhírigh an Chomhairle ar an bhfeachtas ‘Doppelganger’, feachtas bréagaisnéise digití faoi stiúir na Rúise arb é is aidhm dó faisnéis a ionramháil agus bréagaisnéis a scaipeadh mar thaca le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus díriú ar Bhallstáit an Aontais, ar na Stáit Aontaithe agus ar an Úcráin, trí smachtbhannaí a chur ar Sofia Zakharova, ceann roinne in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise um Fhorbairt Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide agus Bonneagar Cumarsáide, agus ar Nikolai Tupikin, ceann agus bunaitheoir GK Struktura.

Díríonn na smachtbhannaí freisin ar Vladimir Sergiyenko, iar-chúntóir parlaiminteach an Chomhalta de Bundestag na Gearmáine, Eugen Schmidt, a bhí i mbun claonpháirteachas gníomhach le hoifigigh faisnéise Rúiseacha, agus fiontraí Rúiseach, Visa Mizaev, agus a chomhpháirtí gnó agus a bhean chéile, a raibh ról lárnach acu in oibríocht faisnéise Rúiseach i gcoinne Sheirbhís Faisnéise Cónaidhme na Gearmáine (BND) inar cuireadh faisnéis an-rúnaicmithe ar aghaidh chuig Seirbhís Slándála na Cónaidhme.

Ar deireadh, dhírigh an Chomhairle freisin ar chomhoibrithe Rialtas Chónaidhm na Rúise sa Fhrainc: Alesya Miloradovich, fostaí de chuid rialtas na Rúise, agus Anatolii Prizenko, fear gnó ón Moldóiv a chomhordaigh seoladh roinnt saoránach ón Moldóiv chuig an bhFrainc i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Beidh na daoine agus na heintitis sin atá ainmnithe faoi réir reo sócmhainní agus beidh coscar shaoránaigh agus ar chuideachtaí an Aontaiscistí a chur ar fáil dóibh. Lena chois sin, beidh daoine nádúrtha faoi réir toirmeasc taistil a chuirfidh bac orthu dul isteach i gcríocha an Aontais nó idirthuras a dhéanamh tríothu.

Sna conclúidí uaithi an 27 Meitheamh 2024, cháin an Chomhairle Eorpach go láidir gach cineál gníomhaíochta hibridí, a bhfuil a líon ag dul i méid agus agus atá dírithe ar an Aontas, a Bhallstáit agus a chomhpháirtithe.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Aibreán 2025