Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 15 Iúil 2025 15:10

Háítí: Triúr daoine aonair liostaithe ag an Aontas agus athnuachan déanta aige ar an gcóras smachtbhannaí go ceann bliain eile

Chinn an Chomhairle triúr a bhí ag gabháil do ghníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean droinge i Háítí a liostú, agus, dá bhrí sin, atá freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na tíre i mbaol.

Tá triúr ceannairí drong liostaithe ag an gComhairle: Micanor Altès, ceannaire dhrong Wharf Jérémie atá freagrach as sléacht 207 nduine i mí na Nollag 2024; Christ-Roi Chéry, ceannaire dhrong Ti Bwa, agus Jeff Larose, ceannaire dhrong Canaan, atá freagrach as leanaí a earcú go héigeantach, fuadach, dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe.

Beidh na daoine sin faoi réir reo sócmhainní agus toirmeasctarcistí nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, dóibh siúd a liostaítear nó chun tairbhe na ndaoine sin. Ina theannta sin, tá feidhm ag toirmeasc taistil chuig an Aontas orthu.

<p>Kaja Kallas, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála</p>

Níl an ghéarchéim chontúirteach i Háítí ach ag dul i dtreo amháin, sé sin in olcas. Tá smachtbhannaí spriocdhírithe nua forchurtha ag an Aontas ar dhaoine aonair, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil baint acu le hollmharuithe, le hearcú le forneart leanaí, le fuadach, le dúnbhású agus le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe. Tráth seo na héagobhsaíochta tromchúisí, tá tacaíocht ón gcomhphobal idirnáisiúnta de dhíth go práinneach ar Háítí. Leis an bplé a dhéanfar ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ba cheart todhchaí an Mhisin Tacaíochta Slándála Ilnáisiúnta a chinntiú gan a thuilleadh moille, lena n-áirítear tríd an maoiniú is gá a thabhairt dó chun a shainordú a chomhlíonadh maidir leis an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an smacht reachta a athbhunú sa tír.

<p>Kaja Kallas, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála</p>

Kaja Kallas, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Thairis sin, chinn an Chomhairle athnuachan a dhéanamh go dtí an 29 Iúil 2026 ar chreat an Aontais le haghaidh bearta sriantacha i gcoinne iad siúd atá freagrach as síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí a chur i mbaol nó as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa tír, ós rud é go bhfuil imní fós ar an Aontas faoi na gníomhaíochtaí coiriúla leanúnacha díchobhsaitheacha, lena n-áirítear na hardleibhéil foréigin drong, a bhaineann an bonn de chobhsaíocht an réigiúin.

Sna conclúidí uaithi an 17 Deireadh Fómhair 2024, thug an Comhairle Eorpach le fios gur údar mór imní di go fóill an staid i Háítí, agus d’iarr sí go gcuirfí smachtbhannaí spriocdhírithe nua ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as an bhforéigean, chun rannchuidiú le hathbhunú na síochána, na slándála, na cobhsaíochta, an daonlathais agus an smachta reachta i Háítí.

Foilsíodh na gníomhartha dlíthiúla ábhartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Cúlra

An 21 Deireadh Fómhair 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe rún 2653 (2022), lenar bunaíodh córas smachtbhannaí ar Háítí, lenar áiríodh reo sócmhainní spriocdhírithe, srianta taistil agus bearta trádbhac arm. An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí, rud a chuir an rún sin de chuid na Náisiún Aontaithe i bhfeidhm.

An 28 Iúil 2023, rinne an Chomhairle a córas smachtbhannaí a leasú i bhfianaise na staide i Háítí, ag ligean don Aontas bearta sriantacha a fhorchur go neamhspleách ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Háítí a chur i mbaol, nó as an mbonn a bhaint den daonlathas nó den smacht reachta i Háítí. Comhlánaíonn an creat na smachtbhannaí a d’fhorchuir Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i mí Dheireadh Fómhair 2022.

áit dhaingean ag Háítí ar chlár oibre an Aontais i gcónaí. Tá dhá chuspóir ag an tacaíocht ón Aontas: ar thaobh amháin, an acmhainneacht institiúideach a neartú agus ar an taobh eile, rochtain an phobail ar sheirbhísí poiblí bunúsacha a éascú sa chomhthéacs éiginnte agus luaineach atá ann faoi láthair. Is é atá i gceist leis an tacaíocht ón Aontas ná cúnamh maicreacnamaíoch mar aon le cúnamh don oideachas, don tslándáil bia agus cothú, d’ullmhacht i gcomhair tubaistí agus don chosaint agus cobhsaíocht lena n-áirítear Póilíní Náisiúnta Háítí.

Is comhpháirtí seanbhunaithe polaitiúil agus forbartha de chuid Háítí é an tAontas Eorpach, agus leanfaidh sé dá chion a dhéanamh in éineacht le comhpháirtithe réigiúnacha eile, chun aghaidh a thabhairt ar an staid uafásach, agus ar an ngéarchéim dhaonnúil, sa tír.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Nollaig 2025