- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 17 Deireadh Fómhair 2025 16:05
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
An 29 Meán Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/19781 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine.
Tar éis smachtbhannaí agus srianta uile na Náisiún Aontaithe a bhaineann le cúrsaí núicléacha maidir leis an Iaráin a ath-fhorchur an 28 Meán Fómhair 2025, chinn an Chomhairle smachtbhannaí núicléacha an Aontais ar an Iaráin a thabhairt isteach arís, ar smachtbhannaí iad a cuireadh ar fionraí nó a foirceannadh faoin bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (PCCG). Is éard a chinn an Chomhairle go sonrach bearta sriantacha a thabhairt isteach an athuair i gcoinne 11 dhuine agus 101 eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES ar luadh a n-ainmneacha roimhe sin in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus na hiontrálacha comhfhreagracha a thabhairt cothrom le dáta. Scriostar ó Iarscríbhinn II na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine agus leis na heintitis eile ar luadh a n-ainmneacha roimhe sin in Iarscríbhinn VI, agus ar chinn an Chomhairle gan bearta sriantacha a ath-fhorchur ina leith. Scriostar Iarscríbhinn VI.
Seasann an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, Lichtinstéin, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Úcráin leis an gCinneadh sin ón gComhairle.
Cinnteoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh sin.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2025/1978, 29.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/ec/2025/1978/oj
Teagmhálaithe preasa
-
Anouar El Anouni Spokesperson
- +32 2 291 35 80
- +32 229-13580
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Deireadh Fómhair 2025