Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
Scagairí:
- Cogadh na Rúise ar an Úcráin
21 Deireadh Fómhair 2026
16 Deireadh Fómhair 2026
- A ndúirt an tUachtarán António Costa ag an bpreasagallamh tar éis an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 15-16 Deireadh Fómhair 2026
Le linn an phreasagallaimh a tionóladh tar éis dheireadh an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 15-16 Deireadh Fómhair 2026, chuir an tUachtarán António Costa príomhthorthaí an phlé i láthair maidir le hiomaíochas agus praghsanna fuinnimh, trádáil, an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, an Úcráin, agus imirce.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 2026
An 15 agus an 16 Deireadh Fómhair, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir le hiomaíochas, an Úcráin, Poblacht na Moldóive, an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, an Meánoirthear, cosaint agus slándáil na hEorpa, an imirce, méadú agus athchóirithe, agus míreanna eile.
- A ndúirt an tUachtarán António Costa le linn an ráitis tairsí chomhpháirtigh leis na hUachtaráin Volodymyr Zelenskyy agus Ursula von der Leyen
Roimh thús an dara lá den chruinniú den Chomhairle Eorpach an 15-16 Deireadh Fómhair 2026, labhair Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen agus Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, leis an bpreas.
15 Deireadh Fómhair 2026
12 Deireadh Fómhair 2026
- Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: An pacáiste liostuithe is mó riamh comhaontaithe ag an Aontas lena ndírítear ar bheagnach 1600 duine aonair agus eintiteas i gcoimpléasc tionsclaíoch míleata na Rúise
Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne 826 chuideachta Rúiseacha agus 743 dhuine aonair atá gníomhach i gcoimpléasc tionsclaíoch míleata na Rúise sa tsraith liostuithe is mó ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
- Iomláine chríochach na hÚcráine: 77 nduine aonair liostaithe ag an gComhairle maidir le ‘toghcháin’ neamhdhleathacha Dhúma Stáit na Rúise i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach
Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne 77 nduine aonair a raibh baint acu – mar iarrthóirí nó mar chomhaltaí de Choimisiún Lárnach Toghchán Chónaidhm na Rúise – leis na ‘toghcháin’ neamhdhleathacha, mar a ghairtear díobh, do Dhúma Stáit na Rúise, a tionóladh i mí Mheán Fómhair 2026 i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach agus neamhdhleathach ag an Rúis.
8 Deireadh Fómhair 2026
- Comhairle Eorpach an 15-16 Deireadh Fómhair 2026 - Cuireadh ón Uachtarán António Costa do chomhaltaí na Comhairle Eorpaí
Thug Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, cuireadh do na ceannairí chuig cruinniú an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 2026 sa Bhruiséil, ina bpléifidh siad an t-iomaíochas, an Úcráin, an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile, an Meánoirthear, an chosaint agus an tslándáil, an imirce, agus méadú agus athchóirithe.
- Gníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise: síneadh curtha ag an gComhairle leis na bearta sriantacha go dtí mí Dheireadh Fómhair 2027
Chuir an Chomhairle síneadh bliana, go dtí an 9 Deireadh Fómhair 2027, le bearta sriantacha i gcoinne iad siúd atá freagrach as gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát agus a chomhpháirtithe.
28 Meán Fómhair 2026
- Sáruithe ar chearta an duine sa Rúis: deichniúr daoine aonair liostaithe ag an gComhairle maidir le cosc a chur ar Yabloko ó thoghcháin Dhúma an Stáit
D’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha ar dheichniúr daoine aonair Rúiseacha atá freagrach as cur faoi chois na saoirse chun tuairimí a nochtadh, na rochtana ar fhaisnéis agus na saoirse comhlachais sa Rúis.
- Smachtbhannaí curtha ag an Aontas ar 10 nduine aonair agus 17 n-eintiteas as leanaí Úcránacha a dhíbirt go neamhdhleathach chuig an Rúis
Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne 10 nduine aonair agus 17 n-eintiteas eile atá freagrach as leanaí Úcránacha a dhíbirt go córasach agus a aistriú le forneart chuig Cónaidhm na Rúise agus laistigh de chríocha atá faoi fhorghabháil shealadach.
24 Meán Fómhair 2026
- Bagairtí hibrideacha na Rúise: Xenia Fedorova liostaithe ag an Aontas mar gheall ar ghníomhaíochtaí ionramhála faisnéise
Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha breise i gcoinne Rúiseach atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí hibrideacha leanúnacha na Rúise, go háirithe ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis.
- Tacaíocht don Úcráin: Íocaíocht de bheagnach €3 bhilliún formheasta ag an gComhairle, fáiltíonn sí roimh ranníocaíocht airgeadais na hIorua
Beagnach €3 bhilliún formheasta ag an gComhairle don Úcráin faoin tSaoráid don Úcráin agus fáiltíonn sí roimh ranníocaíocht dheonach na hIorua dar luach geall le €92 mhilliún.
23 Meán Fómhair 2026
- Remarks by President António Costa at the United Nations Security Council meeting on maintenance of peace and security of Ukraine
On 23 September 2026, European Council President, António Costa, delivered a speech at the United Nations Security Council meeting on maintenance of peace and security of Ukraine, in the margins of the United Nations General Assembly High Level Week.
- Remarks by President António Costa at the “Building an Economy for the Many” High level breakfast
On 23 September 2026, European Council President, António Costa, delivered a speech at the “Building an Economy for the Many” High level breakfast hosted by New York City Mayor, Zohran Mamdani.
22 Meán Fómhair 2026
21 Meán Fómhair 2026
17 Meán Fómhair 2026
15 Meán Fómhair 2026
9 Meán Fómhair 2026