Skip to content

Foilseacháin agus físeáin

Bróisiúir, bileoga eolais agus físeáin faoin Aontas Eorpach, faoin gComhairle Eorpach agus faoi Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus faoi nósanna imeachta reachtacha an Aontais.

Cé muid féin?

An tAontas Eorpach – fíricí agus figiúirí

Féach go bhfuil leagan amach an leabhráin seo fíor-áisiúil. Tá eolas ann faoin Aontas, faoina institiúidí, faoina Bhallstáit agus faoi na tíortha is iarrthóirí (mar a thugtar orthu). Tá fíricí ann maidir leis na teangacha oifigiúla, tá suíomhanna gréasáin na rialtas ann mar aon le sonraí úsáideacha eile faoi gach aon Bhallstát.

An Eoraip ó ghlúin go glúin

Colúin na hEorpa – Oidhreacht Chonradh Maastricht – tráth comórtha 25 bliana

Cor cinniúnach i bpróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí ab ea Conradh Maastricht. San athbhreithniú stairiúil seo, scrúdaítear an bóthar fadálach a thug go Maastricht sinn agus déantar achoimre ann ar na príomhéachtaí a bhain leis an gconradh.

Léarscáil den Aontas Eorpach

Feictear 27 mBallstát an Aontais agus ardchathair gach Ballstáit. Feictear bratach náisiúnta an Bhallstáit mar aon le críocha neamh-ilchríochacha agus críocha thar toinn na mBallstát.

Eolas faoin gComhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

Tá ainmneacha sách cosúil ar an gComhairle Eorpach agus ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Feidhmíonn an péire acu mar ghuth do rialtais na mBallstát san Aontas. Ach cad í an difríocht idir an dá institiúid seo de chuid an Aontais?

Faigh tuilleadh eolais inár míniú faoina ndéanann siad, faoin gcaoi a dtagann siad ar chinneadh agus faoin gcaoi a dtagann siad le chéile.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Tá an Chomhairle ar cheann de phíomhchinnteoirí an Aontais. Tá eolas níos mionsonraithe le fáil ar an suíomh gréasáin; tugtar achoimre ar cé mar a oibríonn an Chomhairle mar aon le spléachadh ar chúraimí éagsúla na n-uachtaránachtaí rothlacha.

Fáilte chuig an gComhairle

An Chomhairle Eorpach

Bí ar an eolas faoin gcaoi a ndéanann an Chomhairle Eorpach, ina cáil mar chomhlacht straitéiseach an Aontais, treoir ghinearálta agus tosaíochtaí ginearálta an Aontais a shainiú. Féach an mionchur síos a dhéantar ar chúraimí an Uachtaráin ar an suíomh gréasáin agus ar an mbileog eolais.

An Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle – Teach na mBallstát

Cén fáth a dteastaíonn na cruinnithe mullaigh? Cé mar a ghlactar dlíthe an Aontais? Féach go bhfuil 13 bhileog eolais ann a thugann eolas faoi ról na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle maidir le beartais an Aontais a leagan amach.

Is leor cúig nóiméad chun aon cheann de na bileoga eolais sin a léamh.

An Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh le himeacht aimsire

Cé mar a d’fhorbair an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle in imeacht na mblianta? Ó chéad fhréamhacha Pháras go Conradh Liospóin, tá mionléargas ar bhunús agus ar stair an dá institiúid le fáil san fhoilseachán seo. Déantar é seo ó thaobh an dlí agus na polaitíochta de.

An Chomhairle Eorpach – ar chúl an stáitse

San fhíseán seo, léirítear a mbíonn ar siúl agus cruinniú mullaigh an Aontais á eagrú ó thaobh na n-ullmhúchán lóistíochta agus polaitiúla de.

Obair na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí – a bhfuil i gceist

Uachtaránacht na Comhairle – a bhfuil i gceist

A bhfuil i gceist le hUachtaránacht na Comhairle agus an chaoi a n-oibríonn sí Ról uachtaránacht rothlach na Comhairle – tuilleadh eolais.

Cé mar a ghlacann an tAontas dlí?

Eolas maidir leis an ngnáthnós imeachta reachtach

Sa lámhleabhar seo, mínítear cé mar a ghlacann na comhreachtóirí – an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa – dlí an Aontais. Déantar cur síos ann ar chéimeanna éagsúla an nós imeachta: na trí léamh, an nós imeachta idir-réitigh agus na cruinnithe trípháirteacha. Ina theannta sin, feictear liosta de bhunúis dlí ábhartha, táblaí grafacha de chéimeanna agus spriocdhátaí.

Mar a dhéantar dlí de chuid an Aontais as togra

Próiseas cinnteoireachta na Comhairle

San fhíseán seo, mínítear cé mar a oibríonn próiseas cinnteoireachta na Comhairle agus cé mar a ghlactar reachtaíocht an Aontais.

EUropeans – taithí an Eorpaigh (an físeán)

Éagsúil – Cosúil – Eorpach ... taithí an Eorpaigh (an físeán).

Scéal pearsanta a thugann spléachadh ar a bhfuil i gceist le cónaí a dhéanamh san Aontas Eorpach.

Le chéile – gualainn ar ghualainn

An t-athbhreithniú deireanach: an 21 Márta 2024