An teagasc agus an fhoghlaim le haghaidh an oideachais meánscoile agus an ardoideachais
Anseo, tá acmhainní oideachais in aisce faoin gComhairle Eorpach agus faoi Chomhairle an Aontais Eorpaigh do dhaltaí sa mheánoideachas agus san ardoideachas, lena n-áirítear ceachtanna réamhdhéanta, cleachtadh rólimeartha agus uirlis foghlama de chineál tráth na gceist.
Má tá acmhainní á lorg agat don oideachas réamhscoile agus bunscoile, is féidir leat cuairt a thabhairt ar an leathanach seo:
Ceachtanna teagaisc réamhdhéanta
Ar mhaith leatsa ceachtanna ar an Aontas agus ar an gcaoi a gcomhoibríonn na 27 mBallstát le chéile a theagasc? B’fhéidir nach bhfuil an t-am agat an taighde a dhéanamh agus na ceachtanna a phleanáil?
Tá ‘Pacáiste Oideachais Saoránaigh’ curtha ar fáil ag an gComhairle ina bhfuil seacht gceacht réamhdhéanta, atá deartha chun cabhrú le múinteoirí, léachtóirí ollscoile agus gairmithe oideachais chun an obair a dhéanann Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Chomhairle Eorpach a mhíniú.
Ag gabháil le gach ceacht tá lámhleabhair an mhúinteora ina bhfuil treoir ama agus cur síos céim ar chéim ar na gníomhaíochtaí, agus an t-ábhar ar fad atá le húsáid sa rang, cuir i láthair PowerPoint, físeáin agus naisc chuig doiciméid tacaíochta ina measc.
Is mar seo a leagtar amach na ceachtanna:
- aoisghrúpa: daltaí, mic léinn agus foghlaimeoirí atá idir 9-12, 12-19, 17-25 agus 60+
- modh teagaisc: d’fhoghlaimeoirí atá idir 12 bhliain agus 25 bliana d’aois, déan rogha idir na ceachtanna d’fhoghlaimeoirí teoiriciúla agus na ceachtanna sin d’fhoghlaimeoirí praiticiúla, bunaithe ar an modh is fearr a d’oirfeadh do na foghlaimeoirí, nó déan meascán den dá chur chuige.
Féadfar na ceachtanna a íoslódáil in aisce trí chliceáil ar na naisc thíos:
Ceacht do dhaltaí idir 9 mbliana agus 12 bhliain d’aois:
Ceachtanna d’aoisghrúpaí 12 bhliain – 19 mbliana d’aois agus 17 bhliain – 25 mbliana d’aois. Tá lámhleabhar an mhúinteora mar aon le cur i láthair tacaíochta san áireamh sna comhaid uile:
- Ceacht d’fhoghlaimeoirí praiticiúla ± 12 bhliain – 19 mbliana d’aois
- Ceacht d’fhoghlaimeoirí teoiriciúla ± 12 bhliain – 19 mbliana d’aois
- Ceacht d’fhoghlaimeoirí praiticiúla ± 17 bhliain – 25 mbliana d’aois
- Ceacht d’fhoghlaimeoirí teoiriciúla ± 17 bhliain – 25 mbliana d’aois
- Ceacht faoi Uachtaránacht na Comhairle d’fhoghlaimeoirí 12 bhliain - 25 bliana d’aois
Ceachtanna d’fhoghlaimeoirí atá 60 bliain d’aois nó níos sine:
‘Aire ar feadh lae’ – cluiche ionsamhlúcháin na Comhairle
Ar mhaith leat go bhfoghlaimeodh do dhaltaí agus iad ag gníomhú sa rang?
Ionsamhlúchán ar chruinniú den Chomhairle atá i gcleachtadh rólimeartha na Comhairle inar féidir leis daltaí páirt na n-airí náisiúnta a ghlacadh. Cuireann na rannpháirtithe seasamh a dtíortha i láthair agus téann siad i mbun caibidlíochta le tíortha eile de chuid an Aontais, agus ag an am céanna cleachtann siad scileanna ríthábhachtacha, cuir i gcás an óráidíocht, an chaibidlíocht agus an éisteacht ghníomhach.
Taithí phraiticiúil ar chinnteoireacht an Aontais do dhaltaí meánscoile agus mic léinn ollscoile atá 16 bliana d’aois nó níos sine atá in ‘Aire ar feadh lae’. Is féidir é a imirt i ngrúpaí de 20 go 50 duine, agus tógann sé 120 nóiméad ar a laghad é a imirt.
Cuireann an t-ionsamhlúchán seo trí thopaic ar leith ar fáil d’éascaitheoirí agus do ghrúpaí as a bhféadfaidh siad rogha a dhéanamh: ‘Rialachán maidir le lipéadú cóirfhaisin’, ‘Rialachán maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin paisinéirí’ agus ‘Creat intleachta saorga a thabhairt isteach’. Pléitear, faoi gach téama, togra beartais amháin ó dhearcthaí éagsúla.
Tá lámhleabhar ann don mhúinteoir/éascaitheoir agus 29 rólphróifíl atá le dáileadh ar na rannpháirtithe.
Ábhar tacaíochta don éascaitheoir:
Rólphróifílí de réir topaice ionsamhlúcháin:
- Rialachán maidir le lipéadú cóirfhaisin — Próifílí róil (comhad PDF, 13.4Mo)
- Rialachán maidir le hastaíochtaí C02 le haghaidh gluaisteáin paisinéirí (leagan caighdeánach) — Rólphróifílí (comhad PDF, 13Mo)
- Rialachán maidir le hastaíochtaí C02 le haghaidh gluaisteáin paisinéirí (ardleagan) — Rólphróifílí (comhad PDF, 11.7 Mo)
- Creat IS a thabhairt isteach (leagan caighdeánach) — Rólphróifílí (comhad PDF, 10,9Mo)
- Creat IS a thabhairt isteach (ardleagan) — Rólphróifílí (comhad PDF, 11Mo)
Europa Quest: uirlis foghlama idirghníomhach de chineál thráth na gceist
An bhfuil tú ag lorg bealach siamsúil chun do dhaltaí a mhúineadh faoin Aontas Eorpach agus faoin gcaoi a n-oibríonn 27 mBallstát an Aontais le chéile? Uirlis oideachais atá bunaithe ar thráth na gceist is ea Europa Quest a ceapadh chun obair bhuíne agus cumarsáid a spreagadh i measc rannpháirtithe, rud a chothaíonn muintearas agus comhfhoghlaim.
Tagann sé mar lámhleabhar PDF le treoir céim ar chéim agus cur i láthair tacaíochta PowerPoint ina bhfuil na ceisteanna agus na freagraí, ar féidir iad a réamh-mheas le linn na gníomhaíochta (roghnach), chomh maith le nótaí don mhodhnóir.
Áirítear sa phacáiste leagan tosaitheoirí atá oiriúnach do leanaí idir 9 agus 14 bliana d’aois, agus leagan ardleibhéil do dhaltaí atá 15 bliana d’aois nó níos sine, ionas gur féidir leat an ghníomhaíocht a chur in oiriúint do riachtanais do dhaltaí.
Íoslódáil Europa Quest thíos:
Doiciméid ghaolmhara agus foilseacháin ghaolmhara
- Cláraigh lenár nuachtlitir The Pulse le haghaidh nuashonruithe míosúla ar obair na Comhairle, imeachtaí an Aontais agus deiseanna fostaíochta
- Cá háit agus conas teacht ar dhoiciméid oifigiúla na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí
- Eolas mionsonraithe faoi bheartais na Comhairle
- Faigh amach faoi rogha acmhainní eolais a bhaineann le hobair na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí: bunachair sonraí, (ríomh)irisí, (ríomh)leabhair, ailt agus foilseacháin de chuid an Aontais
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Aibreán 2026