Teagasc agus foghlaim don réamhscolaíocht agus don bhunscolaíocht
Tá teacht ar ábhar teagaisc agus foghlama a chuireann an Chomhairle ar fáil agus atá dírithe ar dhaltaí réamh-bhunscoile agus bunscoile, mar shampla scéalta maisithe, leabhair ghníomhaíochta, foghlaim de chineál thráth na gceist agus leabhair dhathúcháin.
Má tá acmhainní á lorg agat don mheánoideachas agus don ardoideachas, is féidir leat cuairt a thabhairt ar an gcuid seo dár suíomh gréasáin:
Pacáiste oideachasúil ʻYooki agus Aontas na Coilleʼ
Ar mhaith leat go bhfaigheadh do chuid daltaí eolas bunúsach ar an Aontas Eorpach, ach an mbraitheann tú go bhféadfadh an t-ábhar a bheith róchasta dóibh?
Cuideoidh an pacáiste oideachasúil ‘Yooki agus Aontas na Coille’ leo teacht ar eolas ar a bhfuil i gceist leis an Aontas, an fáth ar cruthaíodh é agus ról na Comhairle agus na mBallstát. Míníonn sé bunadh an Aontais trí dhomhan samhailteach mar a bhfuil cónaí ar an lampróigín Yooki agus ar na hainmhithe eile is cairde leis.
Tá an pacáiste ar fáil saor in aisce i 24 theanga agus tá sé curtha in oiriúint do pháistí idir 7 agus 9 mbliana d’aois.
An méid seo a leanas atá ann:
- scéal maisithe ‘Yooki agus Aontas na Coille’
- leabhar cleachtaidh ‘Seo leat. Bí ag foghlaim le Yooki’
- léarscáil mhaisithe den Aontas Eorpach
- treoirleabhar múinteora
Ordaigh cóip chlóite saor in aisce
Ach an stoc a bheith ar fáil, is féidir le múinteoirí atá ag obair i mbunscoileanna san Aontas cóip chlóite amháin den phacáiste a ordú, saor in aisce, ina bhfuil an scéal maisithe, an leabhar gníomhaíochta agus an léarscáil.
An scéal
Insíonn an scéal ‘Yooki agus Aontas na Coille’ mar a cruthaíodh an tAontas Eorpach, le cabhair íomhánna agus meafair. Conas is féidir le Yooki, lampróigín óg, a chur ina luí ar a chompánaigh gur cheart dóibh a ndíospóidí a réiteach?
Cabhróidh draíocht na coille le Yooki. Agus é faoi stiúir ag crann darach stuama, tagann sé ar áit mhistéireach inar treise an comhréiteach ná an choimhlint: an Lóchrann.
Ar fáil mar leabhar digiteach, i bhformáid PDF agus i gcló.
Leabhar cleachtaidh ‘Seo leat. Bí ag Foghlaim le Yooki’
Mínítear sa leabhar cleachtaidh an stair, agus na himeachtaí atá mar bhonn ag na meafair a úsáidtear sa scéal.
Tá cluichí agus gníomhaíochtaí ann le húsáid sa seomra ranga chun cabhrú le leanaí foghlaim agus iad ag spraoi.
Ar fáil i bhformáid PDF agus i gcló.
Léarscáil mhaisithe den Aontas Eorpach
Féadfar an léarscáil seo a úsáid sa seomra ranga do chuid de na gníomhaíochtaí a mholtar sa leabhar cleachtaidh.
Ar fáil i bhformáid PDF agus i gcló.
Treoirleabhar an mhúinteora
Féadfaidh tú an treoir seo a úsáid chun do chuid ranganna a ullmhú.
Tá moltaí ann don phlé téamach agus do ghníomhaíochtaí is féidir leis na leanaí a dhéanamh chun cuspóirí foghlama sainithe a bhaint amach.
Ar fáil i bhformáid PDF.
Ceisteanna nó aiseolas?
Europa Quest: uirlis foghlama idirghníomhach de chineál thráth na gceist
An bhfuil tú ag lorg bealach siamsúil chun do dhaltaí a mhúineadh faoin Aontas Eorpach agus faoin gcaoi a n-oibríonn 27 mBallstát an Aontais le chéile? Uirlis oideachais atá bunaithe ar thráth na gceist is ea Europa Quest, a ceapadh chun obair bhuíne agus cumarsáid a spreagadh i measc rannpháirtithe, rud a chothaíonn muintearas agus comhfhoghlaim.
Áirítear sa phacáiste leagan tosaitheoirí atá oiriúnach do leanaí idir 9 agus 14 bliana d’aois, agus leagan ardleibhéil do dhaltaí atá 15 bliana d’aois nó níos sine, ionas gur féidir leat an ghníomhaíocht a chur in oiriúint do riachtanais do dhaltaí.
Íoslódáil an leagan tosaitheoirí atá curtha in oiriúint do leanaí 9 go 14 bliana d’aois thíos:
- Lámhleabhar an mhodhnóra (comhad PDF)
- Tráth na gceist idirghníomhach: bunleagan do dhaltaí idir 9 agus 14 bliana d’aois (comhad PowerPoint)
Chun an t-ardleagan de Europa Quest a fháil, do dhaltaí atá 15 bliana d’aois nó níos sine, tabhair cuairt ar an leathanach:
Foilseacháin eile
Leabhar dathúcháin ‘Dathaímse san Eoraip le Yooki’
An bhfuil bealach spraíúil á lorg agat chun páistí óga a chur i láthair an Aontais Eorpaigh? D’fhéadfadh an leabhar dathúcháin oideachasúil seo a bheith ina thús maith. Is féidir le páistí bratacha thíortha an Aontais a dhathú trí úsáid a bhaint as na múnlaí a chuirtear ar fáil, a n-ainmneacha a scríobh síos leis an leid a thugtar, agus na greamáin a mheaitseáil leis na bratacha agus na cruthanna tíre comhfhreagracha.
Tá sé ar fáil i 24 theanga.
Oiriúnach do pháistí idir 5 agus 8 mbliana d’aois.
Leabhar gníomhaíochtaí “An Eoraip agus Tusa”
Ar mhaith leat go bhfoghlaimeodh do dhaltaí níos mó faoi na 27 dtír atá san Aontas Eorpach?
Leis an leabhar gníomhaíochtaí seo is féidir leo fíricí spraíúla fúthu a aimsiú, eolas a chur ar ainmneacha a bpríomhchathracha agus a mbratacha a dhathú.
Tá sé ar fáil i 24 theanga.
Oiriúnach do pháistí idir 7 agus 10 mbliana d'aois.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Meitheamh 2025