Cluichí agus quizeanna
EUcraft: téigh i mbun caibidlíochta agus tar ar chomhaontú i gComhairle an Aontais Eorpaigh
Glac ról aire náisiúnta agus faigh léargas ar chinnteoireacht an Aontais trí chaibidlíocht a dhéanamh faoi fhíorábhair thábhachtacha.
Teacht ar chomhaontú maidir le luchtaire uilíoch do do ghléasanna, cosc a chur ar phlaistigh aon úsáide nó tacú leis an aistriú chuig gluaisteáin leictreacha agus foirgnimh níos glaise — fútsa atá sé.
Imir EUcraft — cluiche digiteach ionsamhlúcháin. Ar fáil ar an ngréasán agus ar an bhfón póca.
Oiriúnach do dhaoine atá 15 bliana d’aois nó níos sine.
Íoslódáil an aip:
An tAontas Eorpach – tráth na gceist na Comhairle
Céard atá ar eolas agat faoin Aontas Eorpach? Oibrigh ort!
Cérbh é nó í an chéad uachtarán ar an gComhairle Eorpach? Cé na hinstitiúidí de chuid an Aontais a ghlacann dlíthe an Aontais? Cén t-achar a mbíonn Uachtaránacht na Comhairle ag Ballstát?
Tá dhá leibhéal ann – leibhéal na dtosaitheoirí agus leibhéal na saineolaithe.
Oiriúnach do dhaoine atá 12 bhliain d’aois nó níos sine.
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Deireadh Fómhair 2025