Skip to content

Tabhair cuairt orainn

Tig leat cuairt a thabhairt ar fhoirgnimh na Comhairle sa Bhruiséil nó tabhairt faoi thuras fíorúil. Bain lán do shúl amach – cuirfidh sé le do chuid teagaisc agus do chuid foghlama faoin Aontas.

Tabhair cuairt ranga ar an gComhairle

Buail isteach chuig an gComhairle, cuir eolas ar fheidhmiú na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí; is anseo a thagann ceannairí an Aontais le chéile, agus is ann a mhúnlaítear todhchaí na hEorpa.

Tá ár saineolaithe sa Chomhairle sásta an t-eolas agus an taithí atá acu féin a roinnt leat faoin obair a bhíonn ar bun i dTeach na mBallstát.

Tugann cuairt ar an gComhairle an deis do dhaltaí:

  • an t-eolas atá acu faoi ról na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle a leathnú agus a chomhdhlúthú
  • eolas a fháil ar a mbíonn ag tarlú ar chúl an stáitse sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle
  • na hábhair a bhaineann le beartais ar spéis leo iad a phlé lenár saineolaithe agus cé mar a oibríonn an dá institiúid a phlé leo freisin
Cuairteoirí i bhfoirgneamh na Comhairle
Cuireann an Chomhairle gníomhaíochtaí éagsúla ar fáil do chuairteoirí

Turas fíorúil: féach thart ar an gComhairle

Mura féidir leat teacht chomh fada linn, tig leat triail a bhaint as an turas fíorúil. Féach thart ar an gComhairle ó gach uile thaobh, féach ar na seomraí cruinnithe nach mbíonn rochtain ag cuairteoirí orthu ach go hannamh. Bain sult as an deis eisiach seo chun súil a chaitheamh ar an seomra ina dtionóltar cruinnithe cheannairí an Aontais.

Bíodh an tAontas sa seomra ranga

Tugann na seisiúin eolais deis do dhaltaí bualadh le hoifigigh an Aontais ina seomra ranga féin (bídís fíorúil nó fisiciúil). Roinneann an fhoireann a thugann cuairt orainn a gcuid eolais féin faoin gcaoi a n-oibríonn an tAontas Eorpach agus faoina dtaithí phearsanta.

Leis na cláir sin, tá cosán eile ar fáil do dhaoine óga chun foghlaim faoin Aontas, faoina bheartais agus faoina fhorbairtí is déanaí.

An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Márta 2026