Skip to content
Page is loading

Foilseacháin

Foilseacháin

  • Comhairle an Aontais Eorpaigh - 1952-2012: Seasca bliain de reachtóireacht agus cinnteoireacht

    Leagtar amach sa leabhrán seo bunús agus stair Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Leagtar amach ann na heachtraí a tharla le linn na Comhairle ón lá a cruthaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Chomhairle a bhí aige, go dtí an lá inniu - athruithe ar chonarthaí, géarchéimeanna agus méaduithe. Tugtar léirmheas ann ar an gcaoi a ullmhaítear obair na Comhairle agus ar an gcóras vótála. Le roinnt forálacha bunúsacha dlíthiúla, tugtar sampla den stair shaibhir sin thar tréimhse 60 bliain. 2013, 45 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Rialacha maidir le himeachtaí na gCruinnithe Mullaigh faoin Euro a eagrú

    Sna Rialacha maidir le himeachtaí na gCruinnithe Mullaigh faoin Euro a eagrú, tá na treoirphrionsabail maidir leis na cruinnithe mullaigh faoin Euro a stiúradh. Ionas go n-áiritheofar trédhearcacht agus éifeachtacht na gcruinnithe, déantar cur síos sa bhróisiúir seo ar na forálacha lena rialaítear eagrú na gCruinnithe Mullaigh faoin Euro, lena n-áirítear ullmhú, clár oibre, comhdhéanamh nó na ráitis na gcruinnithe. Tá sé ar fáil i 22 teanga.

    2013, 46 pages, R-leabhair
  • Imirce - Téarmaí Tábhachtacha i 23 Theanga

  • Leagan comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

    Is é atá sa ríomhleabhar seo an leagan comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (EURATOM) in éineacht leis na hIarscríbhinní agus na Prótacail a ghabhann leis, mar atá siad de thoradh ar na leasuithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2009.

    2012, 0 pages, R-leabhair
  • Leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

    Is é atá sa ríomhleabhar seo na leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, in éineacht leis na hIarscríbhinní agus na Prótacail a ghabhann leo, mar atá siad de thoradh ar na leasuithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2009. Áirítear ann freisin Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar a mbronntar an luach céanna dlí is atá ag na Conarthaí. Is leagan nuashonraithe é an ríomhleabhar d'eagrán clóite 2010.

    2012, 0 pages, R-leabhair
  • Aontas dlí: ó Pháras go Liospóin - súil á caitheamh siar ar chonarthaí an Aontais Eorpaigh

    Cuirtear i láthair san fhoilseachán seo stair lánpháirtiú na hEorpa, a tharla de bhíthin na gconarthaí, amhail ón gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach ar aghaidh go dtí Conradh Liospóin. Áirítear san iarscríbhinn amlíne a ngabhann sonraí gach conartha léi.

    2012, 55 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • An ghéarchéim eacnamaíochta: téarmaí tábhachtacha i 23 theanga

    Sa ghluaisín seo i sraith na dTéarmaí Tábhachtacha, dírítear ar an ngéarchéim airgeadais. Ní hamháin go bhfaightear aistriúcháin chuí inti ar théarmaí an Bhéarla ach is uirlis thábhachtach í freisin chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tuairiscí nuachta, ar phlé na bpróiseas cinnteoireachta agus ar na scéalta móra atá i mbéal an phobail.

    2012, 67 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Stair na Comhairle Eorpaí:- cruinnithe mullaigh le caoga bliain anuas

    Sa leabhrán seo caitear súil siar ar stair na Comhairle Eorpaí ón gcéad chruinniú mullaigh a tionóladh i bPáras na Fraince i 1961 go dtí an uair a rinneadh institiúid oifigiúil den Chomhairle Eorpach in 2009 trí bhíthin Chonradh Liospóin. Áirítear freisin an liosta iomlán de chruinnithe uile na Comhairle Eorpaí. 2011, 23 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • An tAthrú Aeráide - téarmaí tábhachtacha i 23 theanga

    Tá an t-athrú aeráide ar cheann de na príomhdhúshláin atá romhainn inniu. As Béarla den chuid is mó atá go leor de na coincheapa agus de na téarmaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus ní raibh trácht orthu i dteangacha eile an Aontais go dtí seo. Sa ghluaisín seo, atá curtha le chéile ag Seirbhís Aistriúcháin na Comhairle, mínítear na téarmaí tábhachtacha a bhaineann leis an athrú aeráide agus cuirtear an t-aistriúchán atá orthu ar fáil i 23 theanga oifigiúla an Aontais. 2011, 48 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Tairbhiú lucht leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach de chearta uile an duine a chur chun cinn

    Baintear úsáid fós as féiniúlacht inscne agus as gnéaschlaonadh mar chosaint ar sháruithe a dhéantar ar chearta an duine ar fud an domhain. Déantar cur síos sa bhróisiúir seo ar an tsraith uirlisí nach mór a úsáid nuair a dhéantar teagmháil le tríú tíortha chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint don lucht leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach.Is i bhformáid leictreonach amháin atá an foilseachán seo ar fáil. 2010, 32 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Tionscadal na hEorpa 2030 - dúshláin agus deiseanna

  • Straitéis slándála inmheánaí don Aontas Eorpach - I dtreo samhail don tslándáil Eorpach

    Glacadh an straitéis slándála inmheánaí d'fhonn cuidiú an Eoraip a chur chun tosaigh, agus tugtar le chéile inti gníomhaíochtaí atá ann cheana agus leagtar amach na prionsabail agus na treoirlínte don ghníomhaíocht sa todhchaí. Ceapadh an straitéis le coireanna a chosc agus le gurbh fhearr an cumas freagairt go tráthúil agus go hiomchuí do thubaistí nádúrtha nó do thubaistí de dhéanamh an duine trí uirlisí leormhaithe a fhorbairt agus a bhainistiú ar bhealach éifeachtach.Is i bhformáid leictreonach amháin atá an foilseachán seo ar fáil. 2010, 31 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Straitéis Slándála na hEorpa - An Eoraip ag teacht slán i saol níos fearr

    I mí na Nollag 2003 ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis Slándála na hEorpa (SSE). Don chéad uair riamh bunaíodh prionsabail agus leagadh síos cuspóirí soiléire i dtaca le leas slándála AE a chur chun cinn ar bhealach a bheadh bunaithe ar ár mbunluachanna. Cur chuige cuimsitheach atá i gceist leis an straitéis agus is iomlán ábhartha i gcónaí í. Níl an tuarascáil seo á cur in ionad SSE, ach treisítear ESS léi. Tugtar deis leis an tuarascáil seo súil a chaitheamh ar an méid atá déanta againn go nuige seo agus féachaint ar an méid is féidir a dhéanamh amach anseo chun feabhas a chur ar chur chun feidhme.Is i bhformáid leictreonach amháin atá an foilseachán seo ar fáil. 2009, 43 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Athrú aeráide agus slándáil idirnáisiúnta

    Dírítear sa tuarascáil ar thionchar an athraithe aeráide ar shlándáil idirnáisiúnta agus meabhraítear ansin tionchar na n-iarmhairtí slándála idirnáisiúnta sin ar shlándáil na hEorpa féin, agus conas ba cheart don Aontas Eorpach freagairt air sin.Is i bhformáid leictreonach amháin atá an foilseachán seo ar fáil. 2008, 15 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Cearta daonna agus Inscne a phríomhshruthú sa Bheartas Eorpach Slándála agus Cosanta

    Cuirtear na doiciméid ina bhfuil na treoirphrionsabail do phleanálaithe oibríochtaí AE le chéile sa lámhleabhar seo. Áirítear ann freisin samplaí de na bealaí inar úsáideadh na treoirphrionsabail i ndoiciméid phleanála iarbhír a rinneadh a dhí-rúnaicmiú ar mhaithe leis an bhfoilseachán seo.Is i bhformáid leictreonach amháin atá an foilseachán seo ar fáil. 2008, 75 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Rochtain ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

    Sa treoir seo, a chuir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile go comhpháirteach, tugtar comhairle phraiticiúil ar an gcaoi ar féidir rochtain a fháil ar a gcuid doiciméad.Is i bhformáid leictreonach amháin atá an foilseachán seo ar fáil. 2002, 37 pages, Leabhair faoi chlúdach bog