Skip to content
Page is loading

Foilseacháin

Foilseacháin

  • <em>Working party on public international law (COJUR) report on the EU guidelines on promoting compliance with international humanitarian law</em> [Tuarascáil ón Meitheal um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) i ndáil le treoirlínte an Aontais maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn] – Iúil 2022

    Cloch choirnéil de dhlí idirnáisiúnta na linne seo é an dlí daonnúil idirnáisiúnta (DDI), lena bhféachtar le héifeachtaí na coinbhleachta armtha a theorannú agus le sibhialtaigh agus daoine eile nach bhfuil páirteach i gcogaíocht a chosaint. Le treoirlínte seo an Aontais cuirtear i dtreis a thiomanta atá an tAontas do chomhlíonadh DDI a chur chun cinn agus leagtar amach na príomhuirlisí atá ar fáil aige chuige sin. D’ullmhaigh Meitheal na Comhairle um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) an cúigiú tuarascáil bhliantúil seo maidir leis an ngníomhaíocht a rinne an tAontas Eorpach chun na treoirlínte sin a chur chun feidhme. Is ó mhí Eanáir 2021 go Nollaig 2021 an tréimhse thagartha atá i gceist.

    2022, 110 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Europa building

    The House of the European Council and the Council of the European Union

    The Europa building is the home of the European Council and the Council of the European Union. Since the beginning of 2017, it has hosted meetings of leaders, ministers and other representatives of the 27 member states.

    2022, 12 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Tréimhsí oiliúna i gComhairle an Aontais Eorpaigh

    An bhfuil spéis agat i dtréimhse oiliúna in Ardrúnaíocht na Comhairle? Gach eolas atá ag teastáil maidir le tréimhsí oiliúna, lena n-áirítear an nós imeachta roghnúcháin, fad na dtréimhsí oiliúna agus liosta teagmhálaithe le haghaidh ceisteanna sa bhreis, gheobhaidh tú sa bhileog eolais seo é. 2022, 6 pages, Bileoigín/fógrán
  • Do chéad fáilte isteach chuig Ionad na gCuairteoirí anseo sa Chomhairle

    Cuirtear fáilte roimh an bpobal sa Chomhairle. Is féidir le daoine aonair bualadh isteach chuig Ionad Cuairteoirí na Comhairle saor in aisce. Is féidir le grúpaí de 20 duine ar a laghad cuairt a thabhairt chomh maith. Faigh eolas faoina bhfuil le feiceáil agus le foghlaim i dteach Bhallstáit an Aontais Eorpaigh sa bhileog seo.

    2022, 3 pages, Bileoigín/fógrán
  • Straitéis Drugaí 2021-2025 an Aontais Eorpaigh

    Tá téacs iomlán straitéis drugaí an Aontais Eorpaigh 2021-2025 sa bhróisiúr seo. Leis an straitéis cuirtear creat polaitiúil agus tosaíochtaí ar fáil do bheartas drugaí an Aontais arna sainaithint ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais. Áirítear le haidhmeanna na straitéise cur le laghdú ar éileamh ar dhrugaí agus laghdú ar sholáthar drugaí san Aontas Eorpach, chomh maith le laghdú ar na rioscaí agus ar an dochar a bhaineann le drugaí i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsochaí.

    2022, 48 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh

    Is cinnteoir tábhachtach de chuid an Aontais í Comhairle an Aontais Eorpaigh - ar a dtugtar Comhairle an Aontais nó, go díreach, an Chomhairle, uirthi freisin go neamhfhoirmiúil. Tugann an institiúid airí ó Bhallstáit an Aontais i ndáil a chéile. Déanann siad ionadaíocht ar a rialtais náisiúnta arna dtoghadh sna limistéir sin ina dtugtar cead, leis na conarthaí - ar conarthaí iad a ghlac na Ballstáit - don Aontas gníomhú. Den chuid is mó, glacann an Chomhairle dlíthe agus comhordaíonn sí beartais chun go mbainfidh cinn stáit nó rialtais an Aontais amach na cuspóirí a leagadh amach sa Chomhairle Eorpach. Forbraíonn an Chomhairle comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, tugann sí comhaontuithe idirnáisiúnta chun críche agus, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, glacann sí buiséad an Aontais.

    2022, 6 pages, Bileoigín/fógrán
  • Tuarascáil ón Meitheal um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) i ndáil le treoirlínte an Aontais maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn – Meitheamh 2021

    Cloch choirnéil de dhlí idirnáisiúnta na linne seo é an dlí daonnúil idirnáisiúnta (DDI), lena bhféachtar le héifeachtaí na coinbhleachta armtha a theorannú agus le sibhialtaigh agus daoine eile nach bhfuil páirteach i gcogaíocht a chosaint. Le treoirlínte seo an Aontais cuirtear i dtreis a thiomanta atá an tAontas do chomhlíonadh DDI a chur chun cinn agus leagtar amach na príomhuirlisí atá ar fáil aige chuige sin. D'ullmhaigh Meitheal na Comhairle um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) an ceathrú tuarascáil bhliantúil seo maidir leis an ngníomhaíocht a rinne an tAontas Eorpach chun na treoirlínte sin a chur chun feidhme. Is ó mhí Eanáir 2020 go Nollaig 2020 an tréimhse thagartha atá i gceist.

    2021, 82 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Environmental statement 2020 - 2019 data (updated: October 2020)

  • An Trédhearcacht agus an Oscailteacht

    Ar an ábhar gurb iomaí sin gné de shaol an tsaoránaigh (os cionn 500 milliún) a mhúnlaíonn beartais an Aontais Eorpaigh, is den ríthábhacht go ndéanfaí gach cinneadh de chuid an Aontais ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus chomh gar agus is féidir don saoránach. Chuige sin, ní mór do dhaoine a bheith in ann teacht ar fhaisnéis shoiléir maidir le conas agus cén fáth a nglactar reachtaíocht san Aontas Eorpach. Tugtar forléargas san fhoilseachán seo ar an oscailteacht agus ar an trédhearcacht sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh. Cuireann sé rochtain éasca ar fhoinsí éagsúla faisnéise ar fáil.

    2020, 13 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • An tAontas Eorpach - Fíricí agus figiúirí

    Cé mhéad duine a chónaíonn san Iodáil? Céard é an córas polaitiúil sa Liotuáin? Céard í príomhchathair na Cipire? Aimsigh freagraí na gceisteanna seo agus ceisteanna eile nach iad sa leagan is nuaí de 'An tAontas Eorpach - Fíricí agus figiúirí'. Is leabhrán beag áisiúil é a thugann eolas riachtanach faoin Aontas Eorpach, na hinstitiúidí, na Ballstáit agus na tíortha is iarrthóirí. Tá fíricí ann maidir leis na teangacha oifigiúla, tá suímh ghréasáin na rialtas ann agus sonraí úsáideacha eile faoi gach tír. Tá an foilseachán ar fáil i 24 teanga an Aontais.

    2020, 88 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • <em>Working party on public international law (COJUR) report on the EU guidelines on promoting compliance with international humanitarian law</em> [Tuarascáil ón Meitheal um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) i ndáil le treoirlínte an Aontais maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn] – Meitheamh 2020

    Cloch choirnéil de dhlí idirnáisiúnta na linne seo é an dlí daonnúil idirnáisiúnta (DDI), lena bhféachtar le héifeachtaí na coinbhleachta armtha a theorannú agus le sibhialtaigh agus daoine eile nach bhfuil páirteach i gcogaíocht a chosaint. Le treoirlínte seo an Aontais cuirtear i dtreis a thiomanta atá an tAontas do chomhlíonadh DDI a chur chun cinn agus leagtar amach na príomhuirlisí atá ar fáil aige chuige sin. D'ullmhaigh Meitheal na Comhairle um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) an tríú tuarascáil bhliantúil seo maidir leis an ngníomhaíocht a rinne an tAontas Eorpach chun na treoirlínte sin a chur chun feidhme. Is ó mhí Eanáir 2019 go Nollaig 2019 an tréimhse thagartha atá i gceist.

    2020, 78 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Léarscáil an Aontais Eorpaigh

  • Ráiteas ar an gcomhshaol 2019 - sonraí 2018

  • <em>Working party on public international law (COJUR) report on the EU guidelines on promoting compliance with international humanitarian law </em>[Tuarascáil ón Meitheal um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) i ndáil le treoirlínte an Aontais maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn] - Meitheamh 2019

    Cloch choirnéil dlí idirnáisiúnta na linne seo é an dlí daonnúil idirnáisiúnta (DDI), lena bhféachtar le héifeachtaí na coinbhleachta armtha a theorannú agus le sibhialtaigh agus daoine eile nach bhfuil páirteach i gcogaíocht a chosaint. Le treoirlínte seo an Aontais cuirtear i dtreis a thiomanta atá an tAontas do chomhlíonadh DDI a chur chun cinn agus leagtar amach na príomhuirlisí atá ar fáil aige chuige sin. D'ullmhaigh Meitheal na Comhairle um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) an dara tuarascáil bhliantúil seo maidir leis an ngníomhaíocht a rinne an tAontas Eorpach chun na treoirlínte a chur chun feidhme. Is ó Iúil 2017 go Nollaig 2018 an tréimhse thagartha atá i gceist. Beidh sí ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis.

    Sa chomhthéacs sin, tá an tuarascáil ar chur chun feidhme gealltanas a thíolaic an tAontas agus Foireann Mhíleata an Aontais ag an 32ú seisiún de Chomhdháil Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg ar fáil ar líne:

    Tuarascáil ar chur chun feidhme gealltanas a thíolaic an tAontas agus Foireann Mhíleata an Aontais ag an 32ú seisiún de Chomhdháil Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg (ST 11210/19)

    2019, 82 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Téarmaí AE i mBéarla go Fionlainnis

    Foclóir an-úsáideach é seo nuair is gá teacht ar aistriúchán d’fhocail agus de nathanna cainte AE i mBéarla agus i bhFionlainnis. Tá focail agus nathanna cainte ó gach réimse beartais ann agus teanga níos ginearálta leis. Is ó Bhéarla go Fionlainnis atá an phríomhchuid, ach tá liosta cuimsitheach d’fhocail ón bhFionlainnis go Béarla sa leabhar freisin. Aonad aistriúcháin na Fionlainnise ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a chuir an foclóir le chéile.

    2019, 151 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Colúin na hEorpa: Oidhreacht Chonradh Maastricht tar éis 25 bliana

    Cor cinniúnach i bpróiseas an lánpháirtithe Eorpaigh ab ea Conradh Maastricht. Den chéad uair riamh, rinneadh uaillmhian an aontais pholaitiúil a chur ar bhonn foirmiúil, ag bogadh ó chuspóir tosaigh na lánpháirtíochta eacnamaíche mar ionstraim le haghaidh athmhuintearas polaitiúil. Léiríonn an bróisiúr seo, atá maisithe go hálainn, an bealach mionsonraithe chuig Maastricht. Tá sí ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis.

    2019, 22 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Ráiteas ar an gcomhshaol 2018 - sonraí 2017

    Tugtar sa tuarascáil seo forléargas ar shonraí comhshaoil na hArdrúnaíochta in 2017. Úsáideadh 62% níos lú páipéir in aghaidh an duine (ó 2010 go 2017) a bhuí le córas bainistíochta comhshaoil atá i gcomhréir le córas bainistíochta comhshaoil EMAS. Tá sé d’aidhm le EMAS feidhmíocht comhshaoil eagraíochtaí a fheabhsú trí chabhair a thabhairt dóibh tionchair a gcuid gníomhaíochtaí ar an gcomhshaol a rialú.

    2019, 64 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Cén chaoi a n-oibríonn an sásra maidir le Freagairt Chomhtháite Pholaitiúil do Ghéarchéim?

    Sásra na Comhairle maidir le freagairt do ghéarchéim is ea an Fhreagairt Chomhtháite Pholaitiúil do Ghéarchéim; is "uirlis" é is féidir an Uachtaránacht a úsáid chun an fhreagairt pholaitiúil do ghéarchéimeanna tromchúiseacha casta trasearnála a chomhordú, gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta san áireamh.
    Leis an bpóstaer seo, a bhfuil leagan Béarla de ar fáil, tugtar forléargas ar an gcaoi a n-oibríonn an Fhreagairt Pholaitiúil Chomhtháite do Ghéarchéim.

    2018, 1 pages, Póstaeir
  • Timthriall beartais an Aontais do choireacht idirnáisiúnta eagraithe thromchúiseach

    Is éard é an timthriall beartais modheolaíocht a ghlac an tAontas Eorpach sa bhliain 2010 chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí coiriúla ba mhó a bhí ag déanamh tinnis don Aontas. Ceithre bliana a mhaireann gach timthriall ina bhféachtar le barr feabhais a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú a dhéantar ar thosaíochtaí éagsúla i leith na coireachta. Soláthraítear sa bhileog seo forléargas ar na céimeanna éagsúla a bhaineann leis an timthriall. Tá sé ar fáil i 24 theanga de chuid an Aontais.

    2018, 6 pages, Bileoigín/fógrán
  • Ainmneacha eachtracha sa tSualainnis - Treoir do thraslitriú agus do leaganacha éagsúla d'fhoirmeacha ainmneacha geografacha

    An mbíonn ort tabhairt faoi ainmneacha eachtracha a litriú sa tSualainnis go minic? Má bhíonn, is duitse an treoir seo! Tá réiteach fhadhb an traslitrithe ann agus tá comhairle chiallmhar ann chomh maith faoi conas ainmneacha daoine agus áiteanna a litriú i gceart sa tSualainnis. Tá samplaí sa treoir de litriú focal ó gach tír agus ó gach críoch ar domhan, tá tuairim agus 50 teanga agus córas scríofa ann. Is furasta an leabhar a úsáid a bhuí leis an gclár cuimsitheach agus an innéacs atá ann - stór focal atá ann do lucht an aistriúcháin, scríbhneoirí, eagarthóirí agus taiscéalaithe tíreolaíochta.
    Ba é aonad aistriúcháin Sualainnise na Comhairle, i gcomhar le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais, a chuir an leabhar i dtoll a chéile. Is sa tSualainnis amháin atá sé ar fáil.

    2018, 166 pages, Leabhair faoi chlúdach bog