Skip to content
Page is loading

Foilseacháin

Foilseacháin

  • <em>AccessAble Brussels</em> – Treoir do rannpháirtithe nua faoi mhíchumas

    Sa Treoir seo, féachtar le cúnamh a thabhairt, trí roinnt leideanna úsáideacha a chur ar fáil a bhaineann le cóiríocht, iompar agus gníomhaíochtaí fóillíochta, do bhaill foirne agus d'oiliúnaithe nua de chuid an Aontais atá faoi mhíchumas, agus iad ag teacht isteach ar an saol sa Bhruiséil.

    2018, 12 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • An Chomhairle Eorpach, Bealtaine 2016 — Meitheamh 2018

    Déantar cur síos sa tuarascáil seo ar an obair a dhéanann an Chomhairle Eorpach, áit a dtagann ceannairí na mBallstát le chéile, ó mhí na Bealtaine 2016 go dtí mí an Mheithimh 2018. Léirítear inti conas a cothaíodh agus a neartaíodh aontacht pholaitiúil an Aontais in ainneoin na mbagairtí agus na ndúshlán iomadúil: brú imirce nach bhfacthas a leithéid de cheana, athruithe sa geopholaitíocht, bagairt leanúnach na sceimhlitheoireachta, ionchas eacnamaíochta neamhchinnte agus cinneadh vótálaithe na Breataine an tAontas a fhágáil.

    2018, 87 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • An chumarsáid chuimsitheach in Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

  • Ráiteas ar an gcomhshaol 2016 - 2015 sonraí

    Leagtar amach sa tuairisc seo an corás bainistíochta comhshaoil atá i bhfeidhm in Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC). Fairis sin, mínítear sa tuairisc feidhmíocht an ARC i ndáil le saincheisteanna comhshaoil idir 2010 agus 2015. Le linn na tréimhse seo d’éirigh leis an ARC a tomhaltas fuinnimh a laghdú 15% agus an méid páipéir a bhaintear úsáid as in aghaidh an duine a laghdú 61%, rud a rinne eiseamláir de ARC maidir le cur i bhfeidhm na mbeartas comhshaoil arna nglacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh. 2017, 58 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • An Dlí Sibhialta - Comhar Breithiúnach Eorpach

    Sa ríomhleabhar nuashonraithe seo tá ionstraimí dlíthiúla agus barúlacha araon, ó lucht léinn, ó bhreithiúna agus ó oifigigh ó roinnt Ballstát de chuid an Aontais. Maille le roinnt gníomhartha dlíthiúla bunúsacha amhail Rialachán an Bhruiséil I agus Coinbhinsiún Lugano, áirítear an dlí tráchtála, dlí na gconarthaí, dlí teaghlaigh agus fianaise a ghlacadh i measc na réimsí agus na n-ábhar a chuimsítear. Áirítear san eagrán nuashonraithe freisin caibidil úrnua i ndáil leis an nós imeachta maidir le hordú um chaomhnú cuntas, agus caibidil ar imeachtaí dócmhainneachta a bhfuil athbhreithniú beacht déanta uirthi. Is uirlis úsáideach é an ríomhleabhar do chleachtóirí dlí, d’údaráis náisiúnta, do mhic léinn dlí agus do shaoránaigh Eorpacha ar díol spéise dóibh dlí sibhialta na hEorpa, agus tá an t-ábhar go léir i bhformad ríomhleabhair fhóintigh. 2017, 0 pages, R-leabhair
  • Conradh Euratom - leagan comhdhlúite

    Is éard atá san fhoilseachán seo leagan nuashonraithe agus comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach, na hiarscríbhinní agus na prótacail san áireamh. Cuimsítear ann na leasuithe a rinneadh ar Chonradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2009.

    2016, 112 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Na Conarthaí Comhdhlúite, An Chairt um Chearta Bunúsacha 2016

    Is é atá san fhoilseachán seo na leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar atá siad de thoradh ar na leasuithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin. Cuimsítear ann freisin na leasuithe a rinneadh ar na conarthaí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm, amhail forálacha maidir leis an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht, maidir leis an gCúirt Bhreithiúnais, chomh maith leis na leasuithe a rinneadh de bharr aontachas na Cróite. Tá an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh le fáil san fhoilseachán freisin.

    2016, 412 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Treoir don ghnáthnós imeachta reachtach

    Mínítear go mion sa lámhleabhar seo gach gné den ghnáthnós imeachta reachtach athbhreithnithe agus leagtar amach ann na róil a bheidh ag an Uachtaránacht agus Ardrúnaíocht na Comhairle faoi seach. Déantar cur síos ann ar chéimeanna éagsúla an nós imeachta: na trí léamh, an nós imeachta idir-réitigh agus na cruinnithe trípháirteacha. Tá liosta ann freisin de na bunúis dlí ábhartha, táblaí a léiríonn céimeanna i bhfoirm ghrafach, agus spriocdhátaí. 2016, 48 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • An Chomhairle Eorpach: Mí na Nollag 2014 go mí Aibreáin 2016

    Bhí dúshláin pholaitiúla ríthábhachtacha os comhair na Comhairle Eorpaí ón 1 Nollaig 2014 go dtí an 30 Aibreán 2016. Áiríodh sreafaí iarrthóirí tearmainn agus sreafaí imirceach neamhrialta nach bhfacthas a iontamhail cheana ar na dúshláin sin; b'éigean teacht ar shocrú nua don Ghréig, maidir le todhchaí na tíre mar bhall den limistéar euro, agus freisin don Bhreatain agus reifreann istigh/amuigh le bheith ann faoi bhallraíocht san Aontas. B'éigean do na ceannairí Eorpacha freagairt a thabhairt ar na bagairtí tromchúiseacha slándála freisin, idir bagairtí inmheánacha agus seachtracha. Tugann Donald Tusk forléargas ar an obair a rinne an Chomhairle Eorpach le linn na tréimhse atá á hathbhreithniú agus liostaítear na cinntí polaitiúla agus na ráitis pholaitiúla is ríthábhachtaí sa tuarascáil.

    2016, 82 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Ráiteas ar an gcomhshaol, 2015

  • An tAontas Eorpach - Aontas dlí (póstaer)

    Ó Pháras go Liospóin, tá an-chuid déanta ag an Aontas Eorpach ón uair a leag na sé Bhallstát a bhunaigh an tAontas an bhunchloch le haghaidh an Aontais atá inniu ann – comhphobal eacnamaíoch agus polaitiúil a bhfuil beagnach 509 milliún áitritheoir ina gcónaí in 28 mBallstát. Léirítear sa phóstaer seo na céimeanna lárnacha i lánpháirtiú na hEorpa agus tugtar cuntas ann ar na príomhchonarthaí agus ar na conarthaí aontachais. Léiríonn na conarthaí, bunchloch an Aontais Eorpaigh, an chaoi a ndeachaigh na Ballstáit i ngleic le dúshláin inmheánacha agus sheachtracha nua. Rianaítear iontu teacht chun cinn aontas daoine agus stát atá faoi threoir an smachta reachta. 2016, 1 pages, Póstaeir
  • Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas

    Leis an dara plean gníomhaíochta maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas, lena gcumhdaítear an tréimhse 2015-2019, tá sé mar aidhm cur chun feidhme bheartas an Aontais um chearta an duine sna gníomhaíochtaí go léir a threisiú. Dírítear ann, go háirithe, ar na hinstitiúidí áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chumhachtú.  Na prionsabail threoracha a bheidh ann, luathbhrath, cosc, agus idirghabháil coinbhleachta. Sa bhróisiúr seo freisin, tá réamhrá ó Federica Mogherini, an tArdionadaí; conclúidí ón gComhairle maidir leis an bplean gníomhaíochta, agus creat straitéiseach an Aontais maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas. Foilsítear an plean gníomhaíochta i mBéarla agus i bhFraincis. 2015, 52 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Ár dtodhchaí chomhchoiteann á múnlú - Comhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC)

    Tháinig 61 ceannaire ón Aontas agus ó Mheiriceá Laidineach agus ón Mhuir Chairib le chéile ag an gcruinniú mullaigh AE-CELAC, lena n-áirítear os cionn 40 Ceannaire Stáit nó Rialtais. San fhoilseachán seo tugtar faisnéis riachtanach ar an ócáid agus cuirtear i láthair na doiciméid is tábhachtaí a glacadh le linn an chruinnithe mullaigh. Cuirtear ar fáil leis freisin réamhráite ó Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ó Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus ó Rafael Correa Delgado, Uachtarán sealadach CELAC. 2015, 87 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Cabhair dhaonnúil

    Féachann an tAontas agus a chuid Ballstát le beatha daoine a shábháil agus an méid atá á fhulaingt ag daoine mar gheall ar na coinbhleachtaí, tubaistí nádúrtha agus cásanna géarchéime eile a mhaolú. Tá fíricí tábhachtach ar fáil sa bhileog eolais maidir leis an gcúnamh daonnúil a chuireann tíortha an Aontais Eorpaigh ar fáil, agus béim faoi leith á leagan ar dhídeanaithe ón gcogadh sa tSiria agus ar na daoine sin atá buailte le Ebola. Mínítear na prionsabail dhaonnúla ar a mbunaítear an chabhair sa bhróisiúr freisin, chomh maith leis an ról atá ag Meitheal na Comhairle maidir le Cúnamh Daonnúil agus Cúnamh Bia. 2015, 6 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Cartlann Lárnach na Comhairle Eorpaí agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh

    Tá níos mó ná 7 000 méadar líneach de dhoiciméid bailithe ag Cartlann Lárnach na Comhairle Eorpaí agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Mínítear ról na cartlainne agus na cúraimí atá ar fhoireann na cartlainne sa bhileog eolais. Mínítear an próiseas trína gcuirtear doiciméid i gcartlann freisin, agus tugtar miontreoracha do thaighdeoirí ar mian leo leas a bhaint as an gcartlann. 2015, 2 pages, Bileoigín/fógrán
  • Comhoiriúnacht leis na cearta bunúsacha

    San fhoilseachán seo tugtar sraith de threoirlínte do chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle. Is é is aidhm do na treoirlínte cur leis an bhfeasacht maidir le cúrsaí cearta bunúsacha. Beidh siad ina gcabhair freisin do chomhlachtaí ullmhúcháin agus iad ag déileáil le ceisteanna cearta bunúsacha i ndáil le tograí reachtacha atá á bplé acu. 2015, 20 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Straitéis chomhpháirteach na hAfraice-an Aontais Eorpaigh

    Tionóladh an ceathrú Cruinniú Mullaigh AE-na hAfraice sa Bhruiséil i mí Aibreáin 2014. San fhoilseachán seo beidh tú in ann an fhaisnéis uile a aimsiú a bhaineann leis an gcruinniú, lena n-áirítear an dearbhú a glacadh, treochlár 2014-2017 agus dearbhú AE-na hAfraice maidir le himirce agus soghluaisteacht. 2014, 66 pages, Leabhair faoi chlúdach bog

    Ar fáil freisin i bhfoirm PDF sna teangacha seo a leanas, nach teangacha de chuid an Aontais iad

  • Beartas eachtrach - príomhthéarmaí i 24 Theanga

    Cuirtear gluais ar fáil leis an mbróisiúir ón gComhairle, Beartas Eachtrach - Príomhthéarmaí i 24 theanga, de na téarmaí is comónta a úsáidtear maidir le Comhbheartas Eachrach agus Slándála an Aontais, CBES. Liostaítear ann an béarlagair teicniúil - agus sainmhínithe i mBéarla - a bhíonn sna doiciméid ar an ábhar. Is é an aidhm atá ag an mbróisiúir an tuiscint a fheabhsú ar an obair a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

    2014, 79 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Dlí Sibhialta - Comhar Breithiúnach Eorpach

    Sa chnuasach tá ionstraimí dlíthiúla agus barúlacha araon, ó lucht léinn, ó bhreithiúna agus ó ardoifigigh ó roinnt Ballstát AE. Maille le roinnt gníomhartha dlíthiúla bunúsacha amhail an Bhruiséil I agus Coinbhinsiún Lugano, áirítear, mar shampla, dlí tráchtála, dlí na gconarthaí, dlí teaghlaigh agus fianaise a ghlacadh i measc na réimsí agus na n-ábhar a chuimsítear.- Dlí Sibhialta - Is uirlis áisiúil an Comhar Breithiúnach Eorpach do bhreithiúna agus do chleachtóirí dlí eile, d'údaráis náisiúnta, do mhic léinn dlí agus do shaoránaigh ar spéis leo an dlí sibhialta Eorpach, atá ar fáil i bhfoirm phraiticiúil mar ríomhleabhar. 2013, 0 pages, R-leabhair
  • Treoir maidir le físchomhdháil in imeachtaí trasteorann

    Cumhdaítear leis an treoir seo trealamh físchomhdhála a úsáid in imeachtaí cúirte trasteorann san Aontas Eorpach. Pléitear inti na gnéithe eagrúcháin, teicniúla agus dlíthiúla a bhaineann le teicneolaíocht físchomhdhála a úsáid agus tá comhairle agus treoir inti do lucht gairme an dlí, don chléireach cúirte agus don fhoireann theicniúil. 2013, 38 pages, R-leabhair