Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 18 Torthaí
An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas
Tá tíortha an Aontais ag obair ar an athrú aeráide a chomhrac agus ar an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Oiriúnach do 55: an chúis a bhfuil dianú á dhéanamh ag an Aontas ar chaighdeáin astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna
Is é is aidhm do na rialacha nua atá beartaithe spriocanna laghdaithe astaíochtaí CO2 a mhéadú le haghaidh gluaisteáin agus veaineanna nua, chun a chinntiú go rannchuideoidh an earnáil mótarfheithiclí le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach.

Comhaontú Glas don Eoraip
Is é is aidhm don Chomhaontú Glas don Eoraip, Eoraip níos glaine, níos sláintiúla agus aeráidneodrach a chruthú tríd an mbealach a dtáirgimid agus a dtomhlaímid a athrú ó bhonn.

Oiriúnach do 55: glacadh breoslaí níos glaise a mhéadú sna hearnálacha eitlíochta agus muirí
Is é is aidhm do na rialacháin ReFuelEU Aviation agus FuelEU Maritime atá beartaithe méadú a dhéanamh ar ghlacadh breoslaí inbhuanaithe le haghaidh aerárthaí agus long chun a lorg comhshaoil a laghdú.

Oiriúnach do 55: i dtreo iompair níos inbhuanaithe
Tá sé ríthábhachtach don Aontas úsáid breoslaí iontaise san iompar a laghdú chun an aeráidneodracht a bhaint amach. Chun an sprioc sin a bhaint amach, caithfidh go leor pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe i gcomhair breoslaí malartacha a bheith san Aontas do ghluaisteáin, eitleáin agus longa.

Oiriúnach do 55: athchóiriú ar chóras an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí
Is é córas an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí (CTA AE) príomhuirlis an Aontais i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tá an tAontas Eorpach ag obair ar a athbhreithniú.

8 ways life in the EU is becoming greener
EU rules to lower the EU's carbon footprint will reshape the way we live, work and travel. Here are some examples of what life in the EU will look like in 2030.

Oiriúnach do 55: astaíochtaí ó iompar, foirgnimh, talmhaíocht agus dramhaíl
Leis an rialachán maidir le comhroinnt díchill, leagtar amach sprioc le haghaidh gach Ballstáit i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i roinnt earnálacha eacnamaíocha a ghineann thart ar 60% d’astaíochtaí iomlána an Aontais faoi láthair.
