Skip to content

Iompar muirí

Faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun an t-iompar muirí a dhéanamh níos iomaíche, níos glaise agus níos sábháilte.

Iompar muirí níos inbhuanaithe

Is é an muiriompar is cúis le thart ar 13 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an iompair. Tá roinnt tionscnamh glactha ag an Aontas Eorpach chun astaíochtaí ó earnáil muiriompair na hEorpa a laghdú agus í a choinneáil iomaíoch ag an am céanna.

FuelEU maritime: breoslaí dícharbónaithe

Leis an tionscnamh FuelEU maritime, atá mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, cuirfear chun cinn úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar.

Is é an sprioc atá ann déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long a laghdú suas le 80 % faoi 2050, trí úsáid breoslaí níos inbhuanaithe a chur chun cinn ag longa a úsáideann calafoirt an Aontais agus sreabhadh rianúil an tráchta mhuirí a chinntiú agus saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint ag an am céanna.

Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí Iúil 2023.

Cuirtear i láthair sa ghrafaic faisnéise spriocanna agus tairbhí rialacháin ReFuelEU aviation agus FuelEU maritime atá beartaithe, arb é is aidhm dóibh glacadh breoslaí níos inbhuanaithe a mhéadú sa dá earnáil iompair.
Oiriúnach do 55: glacadh breoslaí níos glaise a mhéadú sna hearnálacha eitlíochta agus muirí (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: glacadh breoslaí níos glaise a mhéadú sna hearnálacha eitlíochta agus muirí (Grafaic faisnéise)

Cur chuige domhanda i leith astaíochtaí muirí

Oibríonn an tAontas i gcomhthéacs na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) freisin chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa a laghdú. Glacadh straitéis athbhreithnithe IMO chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i mí Iúil 2023, agus é mar aidhm aici astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach faoi thart ar 2050. Tá bearta á bplé chun an straitéis athbhreithnithe IMO sin a chur chun feidhme.

Freastalaíonn uachtaránacht na Comhairle agus Ballstáit de chuid an Aontais ar chruinnithe IMO agus cuireann siad go gníomhach le bearta comhshaoil agus bearta eile a fhorbairt. Is comhaltaí den eagraíocht iad Ballstáit uile an Aontais.

Sábháilteacht iompair mhuirí

Chun tacú le loingseoireacht ghlan, níos sábháilte agus nua-aimseartha san Aontas, tá sraith de chúig phíosa reachtaíochta molta ag an Aontas, ar a dtugtar an pacáiste sábháilteachta muirí le chéile. Áirítear sa tacar bearta maidir leis an méid seo a leanas:

  • rialú stát an chalafoirt
  • truailliú ó longa
  • ceanglais an Bhratstáit a chomhlíonadh
  • imscrúdú timpistí
  • lena ndéantar athbhreithniú ar shainordú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)

Is é an sprioc atá ann rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht mhuirí a nuachóiriú agus truailliú uisce ó longa a laghdú agus iomaíochas earnáil loingseoireachta na hEorpa a chosaint ag an am céanna.

I mí na Samhna 2024, ghlac an Chomhairle ceithre chuid den phacáiste.

I mí na Bealtaine 2025, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an gcúigiú píosa reachtaíochta, ag díriú ar EMSA.

Tuilleadh eolais faoi mhodhanna eile iompair

Faigh tuilleadh eolais faoin méid a dhéanann an tAontas maidir le haeriompar, iompar d’iarnród agus iompar de bhóthar.

Roinnt biorán suímh curtha isteach ar léarscáil den Eoraip, bealaí taistil casta idir na bioráin mar aon le heitleán, traein agus bád farantóireachta forshuite ag imeall na híomhá.
Iompar atá nasctha ar bhealach níos fearr

Iompar atá nasctha ar bhealach níos fearr

An electric car plugged into a charging point in front of a large tank of hydrogen, wind turbines and stylised leaves.
Iompar níos glaise

Iompar níos glaise

A large ship, a train and a lorry below the figures of two workers in high-visibility safety gear consulting a clipboard.
Iompar níos sábháilte

Iompar níos sábháilte

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Aibreán 2026