Iompar atá nasctha ar bhealach níos fearr
Tá sé d’aidhm ag an Aontas feabhas a chur ar naisc iompair idir tíortha trí bhonneagar a mhaoiniú, taisteal níos glaise a spreagadh agus a chinntiú go n-oibríonn córais éagsúla a chéile.
Cén fáth a bhfuil an idirnascacht tábhachtach?
Cuireann an earnáil iompair thar ar 5% le OTI an Aontais agus fostaítear níos mó ná 10 milliún duine inti san Eoraip. Dá mbeadh naisc réidhe ann idir modhanna éagsúla iompair bheadh na hamanna taistil níos giorra, bheadh níos lú bráca ann do phaisinéirí (e.g. a bhuí le ticéid idirmhódúla a cheannach ar bhealach níos éasca), bheadh na costais níos ísle do phaisinéirí agus do lasta agus bheadh na hastaíochtaí CO2 níos ísle.
An gréasán tras-Eorpach iompair (GTE-I)
Bunaíodh an gréasán tras-Eorpach iompair (GTE-I), a seoladh in 1996, chun critéir a leagadh síos do thionscadail trasteorann lena mbainfear an nascacht thras-Eorpach amach.
Tugadh na treoirlínte GTE-I atá ann faoi láthair cothrom le dáta roinnt uaireanta, agus rinneadh an t-athbhreithniú is déanaí orthu i mí an Mheithimh 2024, nuair a ghlac an Chomhairle athbhreithniú ar an rialachán maidir le treoirlínte an Aontais chun gréasán GTE-I a fhorbairt.
Is é is aidhm don reachtaíocht nua gréasán iompair iontaofa, saoráideach agus ar ardchaighdeán a thógáil a chinnteoidh go mbeidh nascacht inbhuanaithe ann ar fud na hEorpa gan briseadh fisiciúil ná scrogaill tráchta. Déanfar an gréasán GTE-I trí chiseal a fhorbairt nó a uasghrádú céim ar chéim agus leagfar síos spriocdhátaí soiléire leis an rialachán chun é chur i gcrích. Seo a leanas na sprioc-amanna:
- an croíghréasán curtha i gcrích faoi 2030
- an croíghréasán nua-bhreisithe curtha i gcrích faoi 2040
- an gréasán iomlán curtha i gcrích faoi 2050
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
Is clár cistiúcháin de chuid an Aontais í an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) a cuireadh ar bun ar mhaithe le feabhas a chur ar an mbonneagar ar fud na mór-roinne. Is é is aidhm don tionscnamh infheistíochtaí a dhéanamh i mbonneagar inbhuanaithe ardfheidhmíochta san earnáil iompair, dhigiteach agus fuinnimh, agus ar an gcaoi sin margadh inmheánach an Aontais a neartú agus fás eacnamaíoch a chur chun cinn.
I mí an Mheithimh 2021, ghlac an Chomhairle an dara heagrán den chlár sin, ar a dtugtar SCE 2.0, ar mhaithe le os cionn €33 bhilliún a leithdháileadh don tréimhse 2021-2027.
Tá sciar suntasach (os cionn 75%) de bhuiséad SCE 2.0 tiomnaithe don earnáil iompair, ag díriú ar mhodhanna éagsúla iompair a nuachóiriú agus a nascadh, bealaí iarnróid, bóithre, uiscebhealaí intíre agus muirí san áireamh.
Chomh maith leis an iompar, maoiníonn SCE 2.0 tionscadail sna hearnálacha digiteacha agus fuinnimh freisin, agus tá sé d’aidhm leis sin an Eoraip a dhéanamh níos nasctha agus níos inbhuanaithe ach an t-aistriú glas a chur chun cinn, an tslándáil fuinnimh a fheabhsú agus an nascacht dhigiteach a fheabhsú do chách.
An 15 Nollaig 2025, tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach maidir le forálacha oibríochtúla an rialacháin atá beartaithe lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don tréimhse 2028-2034 (SCE-III). Tá an togra mar chuid den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile.
Córais chliste iompair
Ghlac an Chomhairle creat nua maidir le córais chliste iompair a rolláil amach, d’fhonn dlús a chur leis an aistriú digiteach agus le soghluaiseacht níos cliste san Aontas. Is cuid iad na rialacha nua de straitéis soghluaisteachta inbhuanaithe cliste an Choimisiúin.
Le córais chliste iompair mar shampla pleanálaithe turais, eCall agus gluaisteáin uathoibrithe, tá athrú ollmhór tagtha ar an mbealach a mbogann daoine timpeall, rud a fhágann go sábháiltear am, laghdaítear astaíochtaí agus brú tráchta, agus déantar pleanáil turais a shimpliú.
Tá sé d’aidhm ag an treoir athbhreithnithe maidir le córais chliste iompair, a ghlac an Chomhairle i mí Dheireadh Fómhair 2023, dlús a chur le hinfhaighteacht agus feabhas a chur ar idir-inoibritheacht na sonraí digiteacha a chuireann seirbhísí maidir le córais chliste iompair ar fáil, mar shampla pleanálaithe turas ilmhódach agus seirbhísí loingseoireachta. Ligfidh sé sin d’fheithiclí agus do bhonneagar bóthair cumarsáid a dhéanamh lena chéile, mar shampla chun rabhadh a thabhairt faoi eachtraí gan choinne, mar shampla tranglaim tráchta.
Na beartas iompair de réir modha
Faigh tuilleadh eolais faoin méid a dhéanann an tAontas maidir le haeriompar, iompar d’iarnród, iompar de bhóthar agus muiriompar.
Ábhair ábhartha
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Nollaig 2025