Oiriúnach do 55: astaíochtaí ó iompar, foirgnimh, talmhaíocht agus dramhaíl
Tá sprioc leagtha síos ag an Aontas dó féin aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad le hais leibhéil 1990 faoi 2030.
Ceann de na gnéithe a chuideoidh chun na spriocanna sin a bhaint amach is ea an t-athbhreithniú ar an rialachán maidir le comhroinnt díchill, lena dtugtar cothrom le dáta spriocanna reatha na mBallstát do 2030 maidir le hastaíochtaí a laghdú in earnálacha amhail earnálacha an iompair, na tógála, na talmhaíochta agus na dramhaíola.
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh an rialacháin athbhreithnithe i mí an Mheithimh 2022. Thángthas ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa i mí na Samhna 2022.
Ghlac an Chomhairle an rialachán athbhreithnithe maidir le comhroinnt díchill go foirmiúil i mí an Mhárta 2023
Míniú ar an athbhreithniú ar an rialachán maidir le comhroinnt díchill
Leis an rialachán maidir le comhroinnt díchill, leagtar amach sprioc le haghaidh gach Ballstáit i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i roinnt earnálacha eacnamaíocha a ghineann thart ar 60% d’astaíochtaí iomlána an Aontais faoi láthair. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Aontas ar an rialachán sin chun é a ailíniú lena spriocanna nua uaillmhianacha aeráide.
Cad iad na hearnálacha a chumhdaítear?
- Iompar de bhóthar
- Foirgnimh
- Talmhaíocht
- Dramhaíl
- Tionscail bheaga
Ní chumhdaítear na hearnálacha sin le córas reatha trádála astaíochtaí an Aontais (CTA AE) lena gcumhdaítear suiteálacha móra, gléasraí cumhachta agus an eitlíocht tráchtála (le hathbhreithniú ar CTA atá beartaithe mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, leathnaítear raon feidhme CTA chuig an iompar muirí).
Faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, tá córas nua trádála astaíochtaí beartaithe le haghaidh earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a chumhdófar faoin rialachán maidir le comhroinnt díchill agus faoin CTA nua araon.
Cad atá i gceist leis na rialacha nua?
Leis na rialacha nuashonraithe, tá sé d’aidhm ag an Aontas na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha a bhaineann leis an rialachán maidir le comhroinnt díchill a laghdú 40% faoi 2030.
Sprioc reatha 2030: Laghdú 29%
Sprioc nua 2030: Laghdú 40%
(le hais leibhéil 2005)
Spriocanna náisiúnta
- Rannchuideoidh gach Ballstát le laghdú na n-astaíochtaí sna hearnálacha sin.
- Leis an rialachán atá beartaithe, leagtar amach spriocanna nua ceangailteacha do 2030 le haghaidh gach Ballstáit, agus sainítear teorainneacha maidir le hastaíochtaí bliantúla náisiúnta a dhruideann de réir a chéile i dtreo na spriocanna náisiúnta do 2030.
- Leagtar amach na spriocanna ar bhealach cothrom costéifeachtach lena gcuirtear cúinsí náisiúnta san áireamh
- Féadfar na conairí náisiúnta laghdaithe astaíochtaí a choigeartú le haghaidh gach Ballstáit in 2025 má mheastar go bhfuil gá leis sin i bhfianaise thionchar COVID-19 nó imeachtaí eile gan choinne ar na hastaíochtaí.
Solúbthachtaí atá ann le cuidiú le Ballstáit a spriocanna a bhaint amach
- Baincéireacht: más lú astaíochtaí tíre ná a teorainn bhliantúil, féadfaidh sí cuid den bharrachas a úsáid don bhliain dár gcionn
- Iasachtaíocht: más mó astaíochtaí tíre ná a leithdháileadh bliantúil, féadfaidh sí iasacht a fháil ó leithdháileadh na bliana dar gcionn
- Trádáil: is féidir le tíortha farasbarr leithdháiltí a cheannach agus a dhíol eatarthu féin
Ina theannta sin:
- Córas trádála astaíochtaí: féadfaidh roinnt tíortha úsáid a bhaint as líon teoranta liúntais CTA chun spriocanna faoin rialachán maidir le comhroinnt díchill a bhaint amach
- An rialachán maidir le húsáid talún agus foraoiseacht: féadfar úsáid a bhaint as líon teoranta creidiúintí ó aistrithe carbóin faoin rialachán maidir le húsáid talún agus foraoiseacht chun spriocanna faoin rialachán maidir le comhroinnt díchill a bhaint amach
Conas a chuireann an rialachán nua leis an aistriú glas?
- Astaíochtaí carbóin príomhearnálacha eacnamaíocha a laghdú
- An t-ualach a dháileadh ar na Ballstáit ar bhealach cothrom costéifeachtach
Tá an rialachán maidir le comhroinnt díchill fite fuaite leis an méid seo a leanas:
- córas an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí
- An rialachán maidir le húsáid talún agus foraoiseacht
- An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’: rialacháin glactha ag an gComhairle maidir le comhroinnt díchill agus earnáil na húsáide talún agus na foraoiseachta (preaseisiúint, an 28 Márta 2023)
- ‘Oiriúnach do 55’: spriocanna laghdaithe astaíochtaí do na Ballstáit neartaithe ag an Aontas (preaseisiúint, an 8 Samhain 2022)
- An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’: an Chomhairle tagtha ar chur chuige ginearálta maidir le laghduithe astaíochtaí agus a dtionchar sóisialta (preaseisiúint, an 29 Meitheamh 2022)
- Oiriúnach do 55 (eolas cúlra)
- Oiriúnach do 55: athchóiriú ar chóras trádála astaíochtaí an Aontais (grafaic faisnéise)
- Oiriúnach do 55: spriocanna aeráide in earnáil na húsáide talún agus na foraoiseachta (grafaic faisnéise)
- An Comhaontú Glas don Eoraip (eolas cúlra)
An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2025