Iompar níos glaise
Tá sé tábhachtach earnáil an iompair a dhéanamh níos inbhuanaithe chun go mbainfear sprioc na haeráidneodrachta amach faoi 2050. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach an tsoghluaisteacht a dhéanamh níos inbhuanaithe agus an nascacht a chinntiú ag an am céanna.
An tábhacht a bhaineann leis an iompar ó thaobh spriocanna aeráide a bhaint amach
Tráth a ghlac siad an Dlí Aeráide Eorpach, gheall tíortha an Aontais go mbeadh an tAontas aeráidneodrach faoi 2050. Chun an sprioc sin a bhaint amach, laghdóidh an tAontas a astaíochtaí gás ceaptha teasa 55% ar a laghad, i gcomparáid le leibhéil 1990, faoi 2030. Leanfaidh sé freisin d’astaíochtaí a laghdú de réir a chéile go dtí 2050.
Chun gur féidir léi a cuid féin a dhéanamh, ní mór athrú ó bhonn teacht ar earnáil an iompair, athrú óna dteastóidh laghdú 90% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (i gcomparáid le leibhéil 1990) faoi 2050.
Is as earnáil an iompair a thagann an ceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais
Ba mhoille an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le hastaíochtaí a laghdú in earnáil an iompair ná in earnálacha eacnamaíocha eile. Cé gur tháinig laghdú suntasach ar astaíochtaí in earnálacha eile, tá méadú tagtha ar astaíochtaí iompair le blianta beaga anuas. Is den ríthábhacht é, dá bhrí sin, iompar paisinéirí agus lastais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos neamhspleáiche ó bhreoslaí iontaise.
Cad iad na hiarrachtaí atá a ndéanamh ag an Aontas chun na hastaíochtaí iompair a laghdú?
An Pacáiste ‘Oiriúnach do 55’
Tá níos mó ná 12 thogra reachtacha sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, tograí darb aidhm na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Ailínítear dlíthe an Aontais leis na spriocanna aeráide, agus ag an am céanna cuireann sé teicneolaíochtaí níos glaine, an éifeachtúlacht fuinnimh agus an t-iompar inbhuanaithe chun cinn.
Is éard a bhí sa phacáiste nuashonruithe agus rialacha nua ar fud earnálacha éagsúla, ina measc an earnáil fuinnimh, an earnáil tionsclaíochta, an earnáil foirgneamh agus an earnáil soghluaisteachta. Is iad idir athchóirithe praghsála carbóin agus spriocanna fuinnimh in-athnuaite is ábhar do na tograí. Bhí tionchar díreach ag roinnt tograí ar iompar, mar shampla:
- na hathbhreithnithe ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA)
- CTA nua a thabhairt isteach le haghaidh an iompair de bhóthar agus foirgneamh
- caighdeáin nua astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna (gach feithicil nua le bheith saor ó astaíochtaí faoi 2035)
- breoslaí malartacha agus bonneagar malartach a chur chun cinn
Ghlac an Chomhairle na tograí le linn 2023 agus 2024.
An t-iompar lastais a ghlasú
Céim thábhachtach eile i dtreo na n-astaíochtaí a laghdú is ea an t-iompar lasta a ghlasú, ós rud é gurb é an lasta a ghineann os cionn 30% do na hastaíochtaí CO2 a bhaineann le hiompar agus go meastar go dtiocfaidh méadú ar mhéideanna na n-astaíochtaí sin. I mí Iúil 2023, mhol an Coimisiún Eorpach pacáiste chun an t-iompar lasta a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe, pacáiste lena gcuirtear roghanna níos glaise, cuir i gcás iarnróid agus uiscebhealaí intíre, chun cinn.
I mí na Nollag 2023, ghlac an Chomhairle a seasamh ar chuid den phacáiste, eadhon rialachán nua chun feabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa arb iad na seirbhísí iompair a ghineann iad a ríomh agus a chomhroinnt, rud a chuideoidh le custaiméirí roghanna níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a dhéanamh.
I mí an Mheithimh 2024, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh i ndáil le cuid eile den phacáiste, eadhon rialachán chun feabhas a chur ar an gcaoi a n-úsáidtear bonneagar iarnróid ar fud an Aontais. Is é an sprioc atá aige borradh a chur faoin éifeachtúlacht trí phleanáil, comhordú agus bainistiú trasteorann níos fearr a dhéanamh ar an toilleadh iarnróid. Meastar go mbeidh ról tábhachtach aige sin sa chaoi is gur mó an lasta a bhogfar d’iarnród dá réir.
I mí na Samhna 2025, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach chun modh aonair a leagan amach chun sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar paisinéirí agus lasta a ríomh, chun inchomparáideacht fheabhsaithe na n-astraíochtaí sin a chinntiú.
- Pacáiste lasta ghlais: a seasamh glactha ag an gComhairle maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair (preaseisiúint, an 4 Nollaig 2023)
- Pacáiste maidir le hiompar lasta a ghlasú: Seasamh glactha ag an gComhairle chun toilleadh agus trácht bonneagair iarnróid a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla (preaseisiúint, an 18 Meitheamh 2024)
- Iompar paisinéirí agus lasta: trédhearcacht agus inchomparáideacht na sonraí maidir le gáis ceaptha teasa neartaithe ag comhaontuithe sealadacha (preaseisiúint, an 5 Samhain 2025)
- Comhaontú Glas don Eoraip
Na beartas iompair de réir modha
Faigh tuilleadh eolais faoin méid a dhéanann an tAontas maidir le haeriompar, iompar d’iarnród, iompar de bhóthar agus muiriompar.
Ábhair ábhartha
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Aibreán 2026