Oiriúnach do 55: athchóiriú ar chóras an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí
Is é córas an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí (CTA AE) príomhuirlis an Aontais i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Is cuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ é an t-athchóiriú – sraith tograí chun reachtaíocht an Aontais i dtaca leis an aeráid, an fuinneamh, agus an t-iompar a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta. Is chun tairbhe spriocanna aeráide an Aontais a bheidh siad: na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
I mí na Nollag 2022, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir le hathchóiriú CTA. Ghlac an Chomhairle an reachtaíocht nua go foirmiúil i mí Aibreáin 2023.
Míniú ar an athchóiriú ar chóras an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí
Tá córas an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí (CTA AE) ar cheann de na margaí carbóin is mó ar domhan agus is é príomhuirlis an Aontais é i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.
- Cuireann an córas praghas ar charbón. Gach bliain, ní mór d’eintitis a chumhdaítear le CTA ‘lamháltais’ a cheannach bunaithe ar a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa seo.
- Gach bliain, leagtar síos caidhp astaíochtaí i ndáil le cé mhéad lamháltas a chuirtear ar an margadh don bhliain sin; gach bliain, tagann laghdú ar an gcaidhp sin. Cruthaíonn sé sin dreasachtaí airgeadais do chuideachtaí a n-astaíochtaí a laghdú.
- Mar sin féin, faigheann earnálacha áirithe atá neamhchosanta ar ‘sceitheadh carbóin’ lamháltais saor in aisce chun tacú lena n-iomaíochas.
Cén chaoi a rannchuidíonn CTA AE le sprioc na haeráidneodrachta?
Le CTA AE, cumhdaítear thart ar 40% d’astaíochtaí iomlána an Aontais agus tá sé léirithe cheana gurb é an phríomhuirlis é i ndáil le laghdú astaíochtaí.
Ó 2005 (nuair a tugadh isteach é) i leith, tá laghdú 41% tagtha ar astaíochtaí an Aontais sna hearnálacha a chumhdaítear leis.
Mar thoradh ar an athchóiriú, beidh tuilleadh laghduithe astaíochtaí ann, rud a thabharfaidh an tAontas níos gaire don aeráidneodracht.
Cé na hearnálacha a chumhdaítear faoi láthair?
Cumhdaítear le CTA AE thart ar 10 000 cuideachta
- giniúint leictreachais agus teasa
- earnálacha tionsclaíochta atá dian ar fhuinneamh (e.g. scaglanna ola, an tionscal cruach, táirgeadh stroighne, gloine agus páipéir)
- eitlíocht tráchtála (eitiltí laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch)
Cé na hathruithe a bheidh ann de bharr an athchóirithe?
-
spriocanna níos uaillmhianaí maidir le laghdú astaíochtaí
- laghdú nua 62%
-
laghdú níos tapúla ar an gcaidhp, níos lú lamháltas ar an margadh:
- laghdú de 117 milliún lamháltas i gcaitheamh 2 bhliain
- Laghdú 4.3 % in aghaidh na bliana (2024 go 2027) agus 4.4 % (2028 go 2030) in ionad an 2.2% atá ann faoi láthair
-
CTA chun earnálacha nua a chlúdach:
- síneadh chuig iompar muirí (a thabharfar isteach de réir a chéile idir 2024 agus 2026)
- CTA nua ar leithligh i gcomhair foirgneamh, iompar de bhóthar agus breoslaí le haghaidh earnálacha breise
- deireadh a chur de réir a chéile le lamháltais saor in aisce i dtaca le hearnálacha áirithe (i gcomhthráth leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a thabhairt isteach – córas praghsála carbóin is infheidhme maidir le táirgí atá dian ar fhuinneamh a allmhairítear isteach san Aontas chun an sceitheadh carbóin a sheachaint)
-
cistiú méadaithe le haghaidh earnálacha CTA a dhícharbónú
- an ciste don nuachóiriú
- an ciste don nuálaíocht
-
Suas le €65 bhilliún chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar praghsála carbóin a bheidh ag CTA atá beartaithe i gcomhair foirgneamh agus iompar de bhóthar agus breoslaí le haghaidh earnálacha breise
- tabharfar ranníocaíocht as cuid den ioncam ó lamháltais i gcomhair foirgneamh, iompar de bhóthar agus breoslaí le haghaidh earnálacha breise don chiste aeráide sóisialta (agus na daoine agus na cuideachtaí is leochailí á gcosaint ag an am céanna ar thionchar praghsála carbóin an chórais nua CTA seo)
- ‘Oiriúnach do 55’: príomhphíosaí reachtaíochta glactha ag an gComhairle chun spriocanna aeráide 2030 a bhaint amach (preaseisiúint, an 25 Aibreán 2023)
- ‘Oiriúnach do 55’: Cinneadh glactha ag an gComhairle maidir le cúltaca cobhsaíochta an mhargaidh (preaseisiúint, an 28 Márta 2023)
- ‘Oiriúnach do 55’: An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach maidir le córas trádála astaíochtaí an Aontais agus maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta (18 Nollaig 2022)
- An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’: an Chomhairle tagtha ar chur chuige ginearálta maidir le laghduithe astaíochtaí agus a dtionchar sóisialta (preaseisiúint, an 29 Meitheamh 2022)
- Oiriúnach do 55 (eolas cúlra)
- An Comhaontú Glas don Eoraip (eolas cúlra)
An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2025