Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 15 Torthaí
Cóireáil fuíolluisce
Is gá fuíolluisce a chóireáil i gceart chun cáilíocht mhaith uisce a chinntiú. Thug an tAontas rialacha nua isteach chun cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine agus don chomhshaol.

Pacáistíocht
Tá méadú ag teacht ar phacáistíocht san Aontas Eorpach. Le reachtaíocht nua de chuid an Aontais, rachfar i ngleic leis an bhfadhb sin, déanfar rialacha ar fud na mBallstát a chomhchuibhiú agus cuirfear borradh faoin ngeilleagar ciorclach.

Astaíochtaí tionsclaíocha
Bíonn gníomhaíochtaí tionsclaíocha ina gcúis le hastaíochtaí substaintí a dhéanann dochar do shláinte an duine agus don chomhshaol. Tá rialacha comhchoiteanna leagtha síos ag tíortha an Aontais chun na hastaíochtaí díobhálacha den chineál sin a theorannú.

An trádáil dramhaíola
Féadfaidh sé gur acmhainn a bheadh sa dramhaíl. Is é is aidhm do rialacha nua an Aontais maidir le loingsiú dramhaíola borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach agus a chinntiú ag an am céanna nach mbeidh onnmhairí dramhaíola ina gcúis le truailliú.

Straitéis ceimiceán an Aontais ar mhaithe le timpeallacht atá níos inbhuanaithe agus saor ó thocsainí
Is é is aidhm do straitéis ceimiceán an Aontais don inbhuanaitheacht sláinte an duine a chosaint níos fearr, iomaíochas gnó a neartú, agus tacú le timpeallacht atá saor ó thocsainí, mar chuid d'uaillmhian maidir le truailliú nialasach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
