An trádáil dramhaíola
Féadfaidh sé gur acmhainn a bheadh sa dramhaíl. Is é is aidhm do rialacha nua an Aontais maidir le loingsiú dramhaíola borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach agus a chinntiú ag an am céanna nach mbeidh onnmhairí dramhaíola ina gcúis le truailliú.
An trádáil dramhaíola: céard é féin?
An dramhaíl a ghintear i dtír faoi leith, ní gá gur sa tír sin a dhéanfaí í a dhiúscairt ná a athchúrsáil. Is féidir dramhaíl a thrádáil idir na tíortha. Tarlaíonn sé seo chun críoch éagsúil, san áireamh:
- cóireáil dramhaíola (aisghabháil na n-amhábhar a bhíonn sa dramhaíl san áireamh)
- an diúscairt
Gineann gach gníomhaíocht eacnamaíoch agus gach teaghlach san Aontas breis agus 2 000 milliún tona dramhaíola gach bliain. Sin 4.8 tona dramhaíola in aghaidh an duine — is ionann sin agus an meáchan a bheadh in eilifint Afracach.
Cé go ndéantar formhór na dramhaíola a ghintear san Aontas a chóireáil ar bhonn intíre, seoltar go leor eile chuig tíortha eile. Onnmhairítear thart ar 32.7 milliún tona — méadú 75% ó 2004 i leith, agus déantar 70 milliún tona a thrádáil laistigh den Aontas.
Is í an Tuirc an príomhcheann scríbe a seoltar onnmhairí dramhaíola an Aontais chuige (13.7 milliún tona), agus ina dhiaidh sin an India agus an Ríocht Aontaithe (sonraí an Choimisiúin Eorpaigh, 2020).
Is iad an t-iarann agus an chruach an dramhaíl is mó a dhéanann an tAontas a thrádáil
Barrachairt chothrománach lena léirítear onnmhairiú agus allmhairiú dramhaíola ón Aontas nó isteach san Aontas in 2021 de réir chineál na dramhaíola. Is miotail fheiriúla iad breis agus leath d’onnmhairí dramhaíola an Aontais, i.e. an t-iarann agus an chruach (59% nó 19.48 milliún tona in 2021). Mar sin féin, allmhairíonn an tAontas dramhaíl mhiotail fheiriúil freisin, is é sin, 5.5 milliún tona in 2021.
Tuilleadh dramhaíola a onnmhairíodh agus a allmhairíodh in 2021, i milliún tona:
- páipéar agus cairtchlár: onnmhairiú 4.37; allmhairiú 2.41
- Miotal neamhfheiriúil: onnmhairiú 2.12; allmhairiú 1.44
- Teicstílí: onnmhairiú 1.52; allmhairiú 0.41
- Mianraí: onnmhairiú 1.47; allmhairiú 1.42
- Plaistigh: onnmhairiú 1.14; allmhairiú 0.74
- Rubar: onnmhairiú 0.94; allmhairiú 0.11
- Adhmad: onnmhairiú 0.72; allmhairiú 2.38
- Dramhaíl nach sonraítear: onnmhairiú 0.46; allmhairiú 3.58
- Orgánach: onnmhairiú 0.40; allmhairiú 1.06
- Gloine: onnmhairiú 0.37; allmhairiú 0.71
Foinse: Eurostat
Cén fáth a gcaithfear an trádáil dramhaíola a rialáil?
Is baol go ndéanfadh an trádáil dramhaíola dochar don chomhshaol agus do shláinte an duine, mura ndéanfaí í a rialú.
Is measa fós an truailliú talún agus aigéin má bhíonn substaintí guaiseacha sa dramhaíl sin, rud a fhágfadh go mbeadh iarmhairtí tubaisteacha aige ar an gcomhshaol. Is beag dramhaíl phlaisteach atá de bhunadh in-bhithmhillte, cuir i gcás, agus fanann sí sa chomhshaol ar feadh tréimhse an-fhada.
Is féidir rioscaí comhshaoil a theorannú nó a sheachaint trí shrianta a chur ar onnmhairí dramhaíola agus bearta faireacháin a chur ar bun.
Má leagtar síos rialacha maidir leis an trádáil dramhaíola, cuirfear cosc ar thruailliú, agus is féidir a chinntiú freisin gur féidir na hamhábhair atá sa dramhaíl a athúsáid nó a athchúrsáil agus, dá réir sin, gur féidir leo cabhrú le geilleagar ciorclach inbhuanaithe a fhorbairt.
Ní dhéantar athchúrsáil ach ar 46% den dramhaíl san Aontas faoi láthair (sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, 2020). Meastar nach ndéantar athchúrsáil ach ar níos lú ná 20% den dramhaíl ar fud an domhain. Is léir, i bhfianaise an mhéid seo, go bhfuil acmhainneacht ard ann chun cur leis na rátaí athchúrsála.
Cén cineál dramhaíola is mó a athchúrsáiltear san Aontas?
Cairt líne lena léirítear an ráta foriomlán athchúrsála san Aontas le himeacht ama agus na rátaí athchúrsála le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht, an dramhaíl chathrach agus an dramhaíl leictreach agus leictreonach.
Ar an iomlán, d’ardaigh an ráta athchúrsála san Aontas ó 42.9% in 2010 go 46.1% in 2020.
Tháinig méadú ar an ráta athchúrsála i gcás dramhaíl ó phacáistíocht ó 54.7% in 2005 go 67.6% in 2016 agus thit sé beagán go 64.3% in 2020.
Tá méadú leanúnach le feiceáil ar an dramhaíl chathrach: ó 32% in 2004 go 48.6% in 2020.
Tháinig méadú ar an ráta athchúrsála i gcás dramhaíl leictreach agus leictreonach ó 27.9% in 2010 go 39.5% in 2016 agus 2017 agus thit sé beagán go 38.9% in 2018.
Foinse: an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil
Gné eile is ea an trádáil neamhdhleathach dramhaíola.
Sa lá atá inniu ann, is baol gur loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola iad idir 15% agus 30% de na loingsithe dramhaíola. Mura ndéantar loingsithe a rianú, ní dhéanfar iniúchadh orthu agus is baol go ndéanfaí iad a dhiúscairt go mícheart nó go gcuirfear an chóireáil mhíchuí orthu, rud a chuirfeadh leis na rioscaí comhshaoil. D’fhéadfaí an dramhaíl a thrádáiltear go mídhleathach a úsáid freisin chun ábhair a athúsáid agus a athchúrsáil.
Cén chaoi a rialaíonn an tAontas na loingsithe dramhaíola?
Rialaítear an dá rud seo a leanas le rialacha an Aontais maidir le loingsithe dramhaíola, rialacha a glacadh den chéad uair in 2006:
- dramhaíl a onnmhairiú agus a allmhairiú ón Aontas chuig tíortha nach tíortha den Aontas iad
- na loingsithe dramhaíola idir Bhallstáit an Aontais
Baineann na rialacha le gach cineál dramhaíola.
Ceadaítear agus rialaítear loingsithe dramhaíola guaiseacha agus neamhghuaiseacha araon laistigh den Aontas. A mhéid a bhaineann le loingsithe lasmuigh den Aontas, áfach, cuireann na rialacha cosc ar onnmhairiú dramhaíola guaisí ó thíortha den Aontas chuig tíortha nach tíortha den Aontas iad agus tíortha nach tíortha de ECFE iad. Tá nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt agus le toiliú le haghaidh loingsithe dramhaíola leagtha amach sna rialacha.
Rialacha trasteorann
Cuireann rialachán an Aontais maidir leis an loingsiú dramhaíola le Coinbhinsiún Basel 1989, arb é an comhaontú comhshaoil domhanda is cuimsithí é maidir le dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl eile. Tá an tAontas Eorpach ina bhall den chomhaontú seo de chuid na Náisiún Aontaithe ó 1994 i leith.
Ina theannta sin, bunaíodh rialacha an Aontais maidir leis an loingsiú dramhaíola ar chinneadh 2001 ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) — a bhfuil formhór thíortha an Aontais ina mbaill de — lena mbunaítear córas rialaithe chun dramhaíl a aisghabháil laistigh de thíortha ECFE.
Nuashonrú ar rialacha an Aontais maidir le loingsithe dramhaíola
In 2024, thug an tAontas a chuid rialacha cothrom le dáta chun rialáil níos fearr a dhéanamh ar thrádáil dramhaíolalaistigh den Aontas agus le tíortha nach tíortha den Aontas iad. I gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an bplean gníomhaíochta maidir leis an ngeilleagar ciorclach, is iad seo a leanas cuspóirí rialachán athbhreithnithe an Aontais maidir leis an loingsiú dramhaíola:
- an geilleagar ciorclach a chur chun cinn laistigh den Aontas
- a chinntiú nach ndéanfaidh onnmhairí dramhaíola dochar don chomhshaol ná do shláinte an duine
- aghaidh a thabhairt ar loingsithe neamhdhleathacha
Beidh na rudaí a leanas san áireamh leis na rialacha nuashonraithe:
- rialacha níos déine maidir le honnmhairiú dramhaíola chuig tíortha nach tíortha den Aontas iad
- rialacha feabhsaithe maidir le loingsithe laistigh den Aontas
- bearta chun dul i ngleic le loingsithe neamhdhleathacha
Onnmhairithe chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad
Beidh forálacha níos déine maidir le honnmhairiú dramhaíola chuig tíortha nach tíortha den Aontas iad san áireamh leis na rialacha nua.
Is é an sprioc atá ann a chinntiú nach n-onnmhairítear dramhaíl ón Aontas chuig tíortha nach tíortha den Aontas iad ach amháin má tá ráthaíocht ann go bhfuil cleachtais bhainistíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i bhfeidhm ag an tír atá i gceist agus gur féidir léi dramhaíl a chóireáil ar bhealach inbhuanaithe.
Tá an toirmeasc ar onnmhairiú a dhéanamh i bhfeidhm i nuashonrú na rialacha i gcónaí:
- dramhaíl lena diúscairt chuig tíortha nach tíortha den Aontas iad
- dramhaíl ghuaiseach a bheidh le cóireáil i dtíortha nach tíortha de ECFE iad
Ina theannta sin, tugtar isteach rialacha níos déine maidir le dramhaíl phlaisteach a onnmhairiú chuig tíortha nach tíortha den Aontas iad. Cuirtear san áireamh leis sin toirmeasc ar dhramhaíl phlaisteach neamhghuaiseach a onnmhairiú chuig tíortha nach tíortha de ECFE iad, agus cé go gceadaítear dramhaíl phlaisteach neamhghuaiseach a onnmhairiú chuig tíortha ECFE, beidh siad faoi réir nós imeachta níos déine maidir le toiliú a fháil roimh ré.
Beidh na rudaí a leanas san áireamh leis na rialacha nuashonraithe:
- liostú na dtíortha atá údaraithe dramhaíl a allmhairiú ón Aontas, bunaithe ar acmhainní cóireála dramhaíola sna tíortha sin
- faireachán agus rialú ag an gCoimisiún Eorpach ar onnmhairí dramhaíola chuig tíortha ECFE
- oibleagáid ar chuideachtaí onnmhairiúcháin an Aontais iniúchtaí neamhspleácha a dhéanamh ar shaoráidí bainistithe dramhaíola
- critéir cheangailteacha a leagan síos le haghaidh ‘earraí úsáidte’, ina measc feithiclí agus ceallraí
Loingsithe laistigh den Aontas
An sprioc a bhaineann leis na rialacha nua is ea an dramhaíl a bhogadh idir tíortha an Aontais agus borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach.
Leis na rialacha, cuirfear feabhas ar nósanna imeachta chun bainistiú níos inbhuanaithe ar dhramhaíl a chothú agus chun cur le rátaí athchúrsála d’amhábhair.
I measc na mbeart, tá:
- toirmeasc ar loingsithe dramhaíola uile lena diúscairt, ach amháin má údaraítear iad faoi nós imeachta um thoiliú roimh ré
- nósanna imeachta nach bhfuil chomh dian céanna le haghaidh na loingsithe dramhaíola ‘atá ar an liosta glas’, mar a thugtar orthu, lena n-athghabháil
- digiteáil na nósanna imeachta
- dlús a chur leis na nósanna imeachta maidir le dramhaíl atá le haisghabháil
- comhchuibhiú an aicmithe dramhaíola laistigh den Aontas
Loingsithe neamhdhleathacha
Is éard a leanas is aidhm do na rialacha nuashonraithe chun aghaidh a thabhairt ar thrádáil neamhdhleathach:
- tacú le himscrúduithe trasnáisiúnta ar gháinneáil dramhaíola
- grúpa forfheidhmithe san Aontas a chruthú chun cur leis an gcomhordú, i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta freisin
- na rialacha maidir le pionóis agus forfheidhmiú a fheabhsú
Ról na Comhairle
Leanann rialachán an Aontais maidir le loingsiú dramhaíola an gnáthnós imeachta reachtach. Gníomhaíonn an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa mar chomhreachtóirí agus ní mór dóibh teacht ar chomhaontú maidir le téacs deiridh na rialacha nuashonraithe.
Ag eascairt as an togra le haghaidh athbhreithniú ar na rialacha ón gCoimisiún Eorpach i mí na Samhna 2021, bhí plé ag an gComhairle ar an leibhéal teicniúil le hionadaithe na mBallstát laistigh den Mheitheal um an gComhshaol.
I mí na Bealtaine 2023, tháinig Ballstáit an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa. Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú i mí na Samhna 2023.
Ghlac an Chomhairle na rialacha sin i mí an Mhárta 2024, rud a chuir clabhsúr leis an bpróiseas reachtach.
Cad as a dtagann dramhaíl an Aontais?
Is í an earnáil tógála is cúis le os cionn 35% de dhramhaíl a ghintear san Aontas. Is iad an mhianadóireacht agus an cairéalú an dara hearnáil is airde ó thaobh giniúint dramhaíola de.
Barrachairt ingearach lena léiríonn giniúint dramhaíola an Aontais de réir earnála in 2020. Is ón earnáil tógála a tháinig an chuid is mó den dramhaíl (37.5%), agus ina dhiaidh sin ón mianadóireacht agus cairéalú (23.4%), dramhaíl agus seirbhísí uisce (10.8%), déantúsaíocht (10.7%) agus dramhaíl tí (9.4%). Gineadh an 8.2% eile den dramhaíl de bharr gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile: seirbhísí (4.4%), fuinneamh (2.3%), talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht (1%), agus mórdhíol dramhaíola agus fuíoll (0.5%).
Foinse: Eurostat
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024