Míniú ar an ngeilleagar ciorclach
Ní gan teorainn iad acmhainní an Domhain. Leis an ngeilleagar ciorclach, is ar bhealach inbhuanaithe a úsáidtear táirgí agus ábhar agus tugtar deis don Aontas a bheith níos iomaíche.
An geilleagar ciorclach - céard atá ann?
Córas is ea an geilleagar ciorclach ina ndéantar táirgí agus ábhair a chomhroinnt, a ligean ar léas, a athúsáid, a dheisiú agus a athchúrsáil in áit iad a chaitheamh amach. Tugann sin saolré níos faide dóibh, agus laghdaítear dramhaíl agus an gá le hearraí nua a tháirgeadh.
Faoi láthair, tá geilleagar an domhain bunaithe go príomha ar mhúnla líneach ina n-úsáidtear earraí ar feadh tréimhse ghearr agus ina ndéantar iad a dhiúscairt ansin. Cuireann sin brú mór ar an dúlra agus ar acmhainní, agus méadaíonn sé na leibhéil dramhaíola agus truaillithe.
An geilleagar ciorclach
- laghdaítear dramhaíl, úsáid acmhainní agus truailliú
- laghdaítear ár lorg tomhaltais agus ár n-astaíochtaí
- cruthaítear poist nua agus deiseanna gnó nua
- déantar an Eoraip níos iomaíche sa domhan
An geilleagar líneach
- bunaithe ar an tsamhail ‘tóg-déan-úsáid-diúscair’
- cuirtear brú ar acmhainní nádúrtha
- cruthaítear dramhaíl agus truaillítear an comhshaol
- is mó an gá le hamhábhair, rud a fhágann an tAontas níos spleáiche ar allmhairí
An gá atá le geilleagar ciorclach
Leis na patrúin táirgthe agus tomhaltais atá ann faoi láthair agus an daonra domhanda ag dul i méid, faoi 2050 bheadh gá le trí phláinéad ar mhéid an Domhain.
Dá mbeadh geilleagar ciorclach againn, ba lú earraí agus ábhar a bheadh le táirgeadh againn, rud a d'fhágfadh gurbh ísle leibhéil na n-astaíochtaí CO2 agus na dtruailleán eile, agus gur lú freisin an úsáid a bheadh á baint as acmhainní teoranta an Domhain.
Is chun tairbhe na nithe a leanas a théann an geilleagar ciorclach:
- an comhshaol (trí chosaint níos fearr a chur ar fáil dó)
- an geilleagar (tríd an spleáchas ar amhábhair a laghdú)
- an tsochaí (trí dheiseanna nua a chur ar fáil do ghnólachtaí agus do phoist)
An geilleagar ciorclach san Aontas
Faoi láthair, is ar éigin a thagann 10 % de na hábhair a úsáidtear san Aontas ó ábhair athchúrsáilte. Ba é 11.8 % an ráta úsáide ciorclaí ábhair in 2023 — méadú beag 1.1 pointe céatadáin i gcomparáid le 2010.
Maidir le tomhaltas na n-amhábhar, tá laghdú mall tagtha le 15 bliana anuas ar an tomhaltas per capita. Léiríonn na sonraí gur úsáideadh 14.1 tona d’amhábhair per capita san Aontas in 2023, i gcomparáid le 16.3 tona in 2009 (Eurostat, 2023).
Táirgtear os cionn 185 kg de dhramhaíl phacáistíochta per capita san Aontas (Eurostat, 2025), agus ní athchúrsáiltear ach 38 % den dramhaíl sin sa chaoi gur féidir earraí nua a tháirgeadh aisti.
Conas atá an Eoraip ag bogadh i dtreo geilleagar ciorclach?
Is é sprioc an Aontais go mbunófaí geilleagar ciorclach aeráidneodrach faoi 2050, agus go mbeadh a dhá oiread úsáide á baint as ábhair athchúrsáilte in 2030 ná mar a bhí in 2020.
Tá sraith tionscnamh beartais seolta ag an Aontas chun bogadh i dtreo na sprice sin.
Áirítear orthu sin an plean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach, an treoir maidir le héicidhearthóireacht agus an treoir maidir leis an ‘ceart chun deisiúcháin’.
Féach freisin
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025