Skip to content

Cóireáil fuíolluisce

Is gá fuíolluisce a chóireáil i gceart chun cáilíocht mhaith uisce a chinntiú. Thug an tAontas rialacha nua isteach chun cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine agus don chomhshaol.

Mórchúis leis an truailliú uisce

Mura ndéantar an chóireáil go cuí, féadfaidh an fuíolluisce a bheith ina chúis mhór le truailliú uisce, rud a bhfuil tionchar aige ar shláinte an duine agus an comhshaol.

Tá feabhas ollmhór tagtha ar cháilíocht an uisce san Aontas le 30 bliain anuas, go háirithe a bhuí le reachtaíocht an Aontais maidir le fuíolluisce uirbeach a chóireáil, ach tá an iomarca truaillithe fós ann, agus truailleáin nua ag teacht chun cinn an t-am ar fad. Ní mór dul i ngleic leis an truailliú sin chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint.

Tá sé d’aidhm ag an Aontas go mbeidh timpeallacht saor ó thruailliú ann faoi 2050. Chuige sin, ghlac an Chomhairle rialacha nuashonraithe maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, a théann siar go 1991.

Na príomhthruailleáin

Iompraíonn fuíolluisce a thagann ó theaghlaigh nó tionscail raon substaintí orgánacha agus neamhorgánacha, olaí agus cáithníní eile. Is iad an nítrigin, an fosfar, ábhair orgánacha agus micreathruailleáin cuid de na truailleáin is suntasaí.

Nítrigin agus fosfar

Nuair a itheann tú, d’fhéadfá truailliú nítrigine a dhéanamh.

Úsáidtear nítrigin agus fosfar mar leasacháin i dtáirgeadh bia, agus in earnálacha eile freisin, mar shampla mar bhreiseáin nó sa tionscal cógaisíochta.

Ábhair orgánacha

Nuair a úsáideann tú an leithreas, d’fhéadfá an t-éileamh bithcheimiceach ar ocsaigin a ardú.

Tá gá le hocsaigin chun ábhar orgánach a lobhadh. Dá mhéid an ábhair orgánaigh in uisce, is mó an t-éileamh ar ocsaigin - rud a chiallaíonn nach bhfuil go leor ocsaigine fágtha d’ainmhithe ar nós éisc.

Micreathruailleáin agus micreaphlaistigh

Má úsáideann tú cosmaid nó cógais, d’fhéadfá cur le micreathruailleáin.

Is ó chógais, mar shampla antaibheathaigh agus cosmaidí, a thagann 92% de na micreathruailleáin thocsaineacha a fhaightear i bhfuíolluisce an Aontais.

Is iad nítrigin agus fosfar na príomhchothaithigh i bhfuíolluisce. Cuireann leibhéil iomarcacha de na substaintí ceimiceacha sin in aibhneacha, lochanna nó farraigí fás tapa algaí agus plandaí uisceacha chun cinn, ar féidir leo leibhéil ocsaigine a ídiú nuair a fhaigheann siad bás agus nuair a lobhann siad. Déanann an t-ídiú ocsaigine sin dochar d’iasc agus orgánaigh uisceacha eile, próiseas ar a dtugtar eotrófú.

Tionchar dearfach na rialacha maidir le cóireáil fuíolluisce an Aontais

D’éirigh go maith le reachtaíocht fuíolluisce an Aontais le 30 bliain. Thar na blianta, chuidigh cur i bhfeidhm rialacha an Aontais go mór le haibhneacha, lochanna, screamhuisce agus farraigí a dhéanamh níos glaine.

De réir mheastóireacht 2019 ar reachtaíocht an Aontais a rinne an Coimisiún, tá ráta bailithe agus cóireála fuíolluisce an Aontais beagnach 100%, agus déantar os cionn 90% de a chóireáil i gcomhréir leis na caighdeáin arda atá beartaithe i rialacha an Aontais.

Mar thoradh air sin, tá laghdú ollmhór tagtha ar leibhéal na dtruailleán i bhfuíolluisce cóireáilte.

Laghdú ar phríomhthruailleáin i bhfuíolluisce cóireáilte

Leagan téacs

Taispeántar leis an mbarrachairt leibhéil na dtrí phríomhthruailleán in 1990 agus 2014 i dtonaí.

Éileamh bithchemiceach ar ocsaigin

1990: 3.7 milliún tona

2014: 1.4 mhilliún tona

Nítrigin

1990: 1 mhilliún tona

2014: 0.6 milliún tona

Fosfar

1990: 0.2 milliún tona

2014: 0.1 milliún tona

Tá treochtaí soiléire atá ag dul i laghad le feiceáil freisin i leibhéal na dtruailleán in aibhneacha agus screamhuisce an Aontais.

Leibhéal níos ísle truailleán in aibhneacha agus screamhuisce

Leagan téacs

Léirítear sa chairt an laghdú ar leibhéil na dtrí phríomhthruailleán i screamhuisce agus aibhneacha idir 2000 agus 2020.

Tháinig laghdú 9% ar níotráití i screamhuisce.

Tháinig laghdú 17.2% ar fhosfáití in aibhneacha.

Tháinig laghdú 21.1% ar éileamh bithchemiceach ar ocsaigin in aibhneacha.

Rialacha nua maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh

Tá tríocha bliain caite ó glacadh na rialacha maidir le cóireáil fuíolluisce den chéad uair. Tá truailleáin nua ann sa lá atá inniu ann agus tá deiseanna nua tagtha chun cinn chun cóireáil uisce a dhéanamh tíosach ar fhuinneamh agus chun úsáid níos fearr a bhaint as sonraí.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra chun an treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh a nuashonrú (Treoir 91/271/CEE ón gComhairle, a leasaíodh níos déanaí in 1998 mar threoir 98/15/CE ón gCoimisiún). Bunaíodh an togra ar mheastóireacht ar na rialacha a tugadh i gcrích in 2019 a thug léargas ar na torthaí nithiúla ar chuidigh an treoir lena mbaint amach agus ar na dúshláin atá fós ann freisin.

Tháinig na 27 mBallstát ar chomhaontú maidir lena seasamh laistigh den Chomhairle (‘cur chuige ginearálta’) i mí Dheireadh Fómhair 2023. Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh an mhí chéanna. I mí Eanáir 2024, tháinig an Chomhairle agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an togra nua. Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí na Samhna 2024.

Déanfar an méid seo a leanas leis an treoir athbhreithnithe:

  • na rialacha a chur i bhfeidhm i mbailte beaga
  • oibríochtaí cóireála a fheabhsú a thuilleadh
  • úsáid fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa na hearnála a laghdú
  • beidh ar thruaillitheoirí íoc
  • cuidiú le faireachán a dhéanamh ar phaindéimí agus cosc a chur orthu
  • an tsláintíocht a fheabhsú, go háirithe do na daoine is leochailí

Beidh gá le hinfheistíocht san earnáil chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, níltear ag súil go n-éireoidh seirbhísí uisce níos costasaí do theaghlaigh aonair, agus sáróidh na tairbhí fadtéarmacha maidir le sláinte an duine agus an comhshaol na costais a thabhaíonn oibreoirí.

Bailte beaga a chur san áireamh

Tá níos lú ná 2 000 coibhéis daonra ag 43% de cheirtleáin uirbeacha uile an Aontais (is é ‘coibhéis daonra’ an tomhas a úsáidtear chun truailliú fuíolluisce uirbigh a ríomh). Faoi rialacha 1991 an Aontais, ní gá an fuíolluisce a bhailiú agus a chóireáil sna bailte beaga sin; bíodh sin mar atá, áfach, déanann siad truailliú suntasach i ndobharlaigh.

Faoi na rialacha nua, beidh ar gach baile ina bhfuil daonra de 1 000 duine nó níos mó cloí leis na rialacha maidir le cóireáil fuíolluisce faoi 2035. Áirítear air sin:

  • córais bhailithe fuíolluisce uirbigh a bhunú
  • fuíolluisce a chóireáil chun ábhar orgánach in-bhithdhíghrádaithe a bhaint sula scaoilfear isteach sa chomhshaol é

Tá feidhm ag roinnt maoluithe maidir le ceirtleáin bheaga agus leo siúd sna Ballstáit is déanaí a tháinig isteach san Aontas.

An nítrigin agus an fosfar a bhaint

Leis na rialacha nua, cuirfear de cheangal ar na Ballstáit an nítrigin agus an fosfar a bhaint faoi 2039, trí chóireáil bhreise a dhéanamh ar fhuíolluisce i ngléasraí do 150 000 coibhéis daonra nó níos mó. Faoi 2045, beidh ar thíortha an Aontais na micreathruailleáin a bhaint freisin.

Ina theannta sin, beidh ar thíortha an Aontais uisce báistí a bhainistiú ar bhealach níos fearr (i gcathracha móra amháin) chun astaíochtaí ábhair orgánaigh agus truailleáin eile a laghdú. Cuideoidh sé sin le dul i ngleic níos fearr le báisteach throm, rud atá éirithe níos minice mar gheall ar an athrú aeráide.

Rannchuidiú le spriocanna aeráide agus an geilleagar ciorclach

Faoi na rialacha nua, beidh ar earnáil an fhuíolluisce a cuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, arb iad is cúis le thart ar 0.85% d’astaíochtaí uile an Aontais.

Ina theannta sin, ba cheart don earnáil an neodracht fuinnimh a bhaint amach, rud a chiallaíonn go mbeidh ar ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh an fuinneamh a ídíonn siad a tháirgeadh faoi 2045. Is féidir an fuinneamh sin a tháirgeadh ar an láthair nó lasmuigh de, agus is féidir suas le 35% den fhuinneamh a cheannach ó fhoinsí seachtracha.

Cuideoidh na rialacha nua freisin le caillteanas acmhainní a sheachaint agus lena n-athúsáid mar shamhail chiorclach a spreagadh. Mar shampla, déanfar fosfar as sloda a aisghabháil agus a athúsáid chun leasacháin a dhéanamh le haghaidh táirgeadh barr.

Beidh ar an earnáil tionsclaíochta íoc

Is iad cógaisíocht agus cosmaidí is cúis le níos mó ná 90% de na micreathruailleáin a fhaightear i bhfuíolluisce.

Tá cóireálacha chun substaintí tocsaineacha a bhaint de na hearnálacha sin ar fáil agus iad éifeachtach. Leis na rialacha nua, cuirfear de cheangal ar tháirgeoirí agus allmhaireoirí na cóireálacha sin a chur i bhfeidhm trí fhreagracht leathnaithe táirgeora a thabhairt isteach, bunaithe ar an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’.

Faireachán a dhéanamh ar phaindéimí

Is fearr go bhféadfaí víris agus paindéimí a chosc trí fhaireachán a dhéanamh ar fhuíolluisce.

Is féidir anailís a dhéanamh ar fhuíolluisce uirbeach chun láithreacht pataiginí atá freagrach as galair dhaonna agus paindéimí a rianú. Léiríodh ón taithí a fuarthas ó COVID-19 gur féidir le faireachán a dhéanamh ar fhuíolluisce a bheith ina mhodh an-éifeachtach chun leathadh víreas amach anseo a thuar.

Leis an treoir nua, ceanglaítear ar thíortha an Aontais faireachán a dhéanamh ar pharaiméadair sláinte áirithe i bhfuíolluisce uirbeach. Cuirtear víreas SARS-CoV-2, póilióvíreas, víris fhliú agus pataiginí eile san áireamh leis sin.

Sláintíocht a fheabhsú

Dar le Eurostat, níl rochtain ag thart ar 10 milliún duine san Aontas ar shaoráidí sláintíochta bunúsacha.

Leis na rialacha nua, cuirfear de cheangal ar na Ballstáit seirbhísí sláintíochta a chinntiú, go háirithe do na daoine is imeallaithe agus is leochailí san Aontas. Caithfear feabhas a chur freisin ar rochtain ar leithris phoiblí do chách.

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025