Skip to content

Straitéis ceimiceán an Aontais ar mhaithe le timpeallacht atá níos inbhuanaithe agus saor ó thocsainí

Grafaic faisnéise – Straitéis ceimiceán an Aontais ar mhaithe le timpeallacht atá níos inbhuanaithe agus saor ó thocsainí

Grafaic faisnéise – Straitéis ceimiceán an Aontais ar mhaithe le timpeallacht atá níos inbhuanaithe agus saor ó thocsainí

Tá ceimiceáin ríthábhachtach do chaighdeáin mhaireachtála nua-aimseartha agus don gheilleagar. Mar sin féin, is féidir le substaintí ceimiceacha dochar a dhéanamh do dhaoine agus don chomhshaol.

Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag obair ar straitéis ceimiceán nua chun:

  • sláinte an duine a chosaint níos fearr
  • tacú le comhshaol atá saor ó thocsainí

Cén fáth a bhfuil ceimiceáin tábhachtach agus cad iad na rioscaí a bhaineann leo?

Tá substaintí ceimiceacha bunriachtanach le haghaidh go leor gníomhaíochtaí laethúla.

Tá ról ríthábhachtach acu sna nithe seo a leanas:

  • bia a sholáthar
  • an dea-bhail a chinntiú
  • an tsláinte a chosaint

Faightear iad:

  • i leictreonaic
  • i gcosmaidí
  • i dtroscán
  • i dteicstílí
  • i mbréagáin
  • agus i go leor gnáth-tháirgí eile.

Mar sin féin, d’fhéadfadh ceimiceáin ag a bhfuil airíonna guaiseacha éifeachtaí díobhálacha a bheith acu ar shláinte an duine. Tugann roinnt staidéar a rinneadh san Aontas le fios go bhfuil méadú tagtha ar líon ceimiceán guaiseach éagsúil i gcorp an duine. Is féidir leis na ceimiceáin sin a bheith ina chúis leis an méid seo:

  • ailse
  • bristeacha i gcórais cholainne
  • athléimneacht lagaithe in aghaidh vacsaíní
  • leochaileacht mhéadaithe i leith galar

Tionscal ceimiceán na hEorpa

Tá ról tábhachtach ag ceimiceáin i ngeilleagar an Aontais agus san iomaíochas.

Is í an mhonaraíocht ceimiceán an 4ú tionscal is mó san Aontas ina bhfuil 30 000 cuideachta agus 1.2 milliún duine fostaithe go díreach. Is fiontair bheaga agus mheánmhéide iad 95 % de na gnólachtaí.

In 2018, ba í an Eoraip an dara táirgeoir ceimiceán ar domhan, arb ionann a díolacháin agus 16.9 % de dhíolacháin dhomhanda.

Straitéis ceimiceán nua an Aontais don inbhuanaitheacht

Le straitéis ceimiceán nua an Aontais, ba mhian leis an Aontas agus a Bhallstáit an méid seo a bhaint amach:

  • Tacú leis an nuálaíocht chun táirgí atá níos sábháilte a dhearadh
  • Ceimiceáin thocsaineacha a chosc seachas sa chás go bhfuil siad riachtanach agus nach bhfuil aon roghanna malartacha ann, chun cosaint an duine a chinntiú
  • Teagmháil le ceimiceáin a dhéanann dochar do na córais hormónacha agus teagmháil le héifeachtaí tocsaineacha comhcheangailte na gceimiceán a theorannú
  • Dlíthe a fheabhsú agus nósanna imeachta a shimpliú chun measúnú a dhéanamh ar riosca na gceimiceán
  • A bheith ina n-eiseamláirí do phláinéad atá saor ó thocsainí

Tugtar dhá phrionsabal nua isteach leis an straitéis:

  • cosc a chur ar cheimiceáin thocsaineacha a áireamh i dtáirgí ag céim an deartha, seachas iad a rialú nuair a bheidh siad ar an margadh
  • gan úsáid na gceimiceán is díobhálaí a cheadú, ach amháin má tá siad riachtanach don tsláinte, don tslándáil nó criticiúil le haghaidh fheidhmiú na sochaí

Cén fáth a bhfuil an méid seo tábhachtach?

Cuirfidh an tAontas agus a Bhallstáit an straitéis ceimiceán chun feidhme sna blianta amach romhainn agus beidh sé mar aidhm:

  • an inbhuanaitheacht in earnáil na gceimiceán a chothú ar mhaithe le hEoraip atá saor ó thocsainí i gcomhréir le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip
  • borradh a chur faoin nuálaíocht agus feabhas a chur ar iomaíochas thionscal na gceimiceán

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2025