Astaíochtaí tionsclaíocha
Bíonn gníomhaíochtaí tionsclaíocha ina gcúis le hastaíochtaí substaintí a dhéanann dochar do shláinte an duine agus don chomhshaol. Tá rialacha comhchoiteanna leagtha síos ag tíortha an Aontais chun na hastaíochtaí díobhálacha den chineál sin a theorannú.
Cad iad astaíochtaí tionsclaíocha?
Gineann na próisis agus gníomhaíochtaí tionsclaíocha astaíochtaí truailleán, cuir i gcás an ocsaíd nítrigine, amóinia, mearcair agus dé-ocsaíd charbóin, a thruaillíonn an t-uisce, an t-aer agus an talamh agus a dhéanann dochar do shláinte an duine, don chomhshaol agus don dúlra.
Samplaí de ghníomhaíochtaí tionsclaíocha a scaoileann astaíochtaí a thruaillíonn an comhshaol is iad leictreachas a tháirgeadh, dramhaíl a chóireáil agus a bhainistiú, beostoc a thógáil nó stroighin a dhéanamh.
D’fhéadfadh riochtaí sláinte amhail plúchadh, broincítis, ailse agus cliseadh croí a bheith mar thoradh ar thruailleáin a scaoileadh amach sa chomhshaol. Meastar go bhfuil astaíochtaí freagrach as na mílte bás anabaí gach bliain.
De réir mheastacháin 2017, déanann astaíochtaí tionsclaíocha damáiste ar fiú idir €277 mbilliún agus €433 bhilliún é san iomlán do shláinte an duine agus don chomhshaol gach bliain.
Conas a thugann tíortha an Aontais aghaidh ar astaíochtaí tionsclaíocha?
Tá rialacha leagtha síos ag an Aontas chun dul i ngleic leis an truailliú tionsclaíoch.
Is í an treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha príomhphíosa reachtaíochta an Aontais chun truailliú ó mhórghléasraí tionsclaíocha, lena n-áirítear gléasraí beostoic, san Aontas a chosc agus a laghdú.
Is é an cuspóir ginearálta éiceachórais agus sláinte an duine a chosaint.
Is é is aidhm do na rialacha:
- astaíochtaí aeir, uisce agus talún ó na gléasraí tionsclaíocha is mó san Eoraip a chosc agus a rialú
- úsáid acmhainní a íoslaghdú
- próisis a dhéanamh níos éifeachtúla
- cleachtais an gheilleagair chiorclaigh a spreagadh
- cosc agus rialú dramhaíola a chinntiú
Leis an an treoir, cumhdaítear breis agus 50 000 gléasra atá lonnaithe i dtíortha an Aontais atá freagrach as 20% de na truailleáin uile a astú san aer agus san uisce, agus 40% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas (d’fhéadfadh méadú teacht ar an líon sin tar éis an athbhreithnithe ar an treoir a glacadh in 2024).
An Treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha: figiúirí tábhachtacha (Grafaic faisnéise)
Ar na gníomhaíochtaí tionsclaíocha a rialaítear le rialacha an Aontais, áirítear gléasraí cumhachta, scaglanna, saoráidí cóireála dramhaíola agus loiscthe dramhaíola, táirgeadh miotal, stroighne, gloine, ceimiceán, laín agus páipéir, bia agus dí, agus diantógáil muc agus éanlaithe clóis.
Tugtar aghaidh freisin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais.
Conas a oibríonn an treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha?
Faoi rialacha an Aontais, ceanglaítear ar mhórghléasraí tionsclaíocha agus beostoic tuairisc a thabhairt ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil agus faireachán a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht sin agus iarrachtaí a dhéanamh chun a n-astaíochtaí a rialú.
Déanann údarás na tíre ina bhfuil na hoibreoirí tionsclaíocha a liostaítear sa treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha cead a dheonú do na hoibreoirí sin chun a bheith ag oibriú.
Is sna ceadanna a bhunaítear ar na Teicnící is Fearr atá ar Fáil (BAT) a shainítear na teorainnluachanna astaíochtaí le haghaidh substaintí truaillitheacha a astaíonn gléasra. Is é an Coimisiún a shainíonn na BATanna i gcomhar le saineolaithe ó na Ballstáit, ón lucht tionsclaíochta agus ó eagraíochtaí comhshaoil.
Ní mór feidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán gléasra a chur san áireamh sna ceadanna, lena gcumhdaítear, i measc nithe eile, astaíochtaí san aer, san uisce agus sa talamh, giniúint dramhaíola, úsáid amhábhar, agus éifeachtúlacht fuinnimh.
Ní mór do thíortha an Aontais cigireachtaí suímh a eagrú uair amháin gach 3 bliana ar a laghad, agus critéir rioscabhunaithe á n-úsáid acu.
Ceanglaítear ar na húdaráis náisiúnta faisnéis a chur ar fáil go poiblí maidir leis an méid seo a leanas:
- ceadanna agus iarratais
- faireachán a dhéanamh ar thorthaí
Úsáidtear Tairseach Eorpach na nAstaíochtaí Tionsclaíocha chun sonraí maidir leis na hastaíochtaí tionsclaíocha a bhailiú agus a chur i láthair.
Treochtaí in astaíochtaí tionsclaíocha an Aontais (Grafaic faisnéise)
Cad a athróidh sa treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha?
Le measúnú a rinne an Coimisiún ar thionchar na treorach maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, leagadh síos go raibh ról tábhachtach ag rialacha an Aontais maidir le hastaíochtaí truailleán ón tionscal a laghdú, go háirithe san aer. Mar sin féin, léiríodh sa staidéar gur teoranta an tionchar a d’imir na rialacha sin ar an dícharbónú agus ar an ngeilleagar ciorclach.
I mí Aibreáin 2022, chuir an Coimisiún tograí ar aghaidh chun na rialacha maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha a nuashonrú agus a nuachóiriú (lena leasaítear Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus Treoir 1999/31/CE maidir le líonadh talún le dramhaíl).
Is é an sprioc atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha atá ann faoi láthair chun iad a chur in oiriúint d’uaillmhianta an Aontais maidir leis an aeráid agus truailliú, mar a chuirtear i láthair iad sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Is é an cuspóir deiridh claochlú cuimsitheach ar mhórghléasraí agraithionsclaíocha a spreagadh chun geilleagar truaillithe nialasaigh, ciorclach, iomaíoch, aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050.
Príomhghnéithe an athbhreithnithe
Is iad príomhghnéithe an togra:
- níos mó gléasraí tionsclaíocha a áireamh sa reachtaíocht
- ceadanna a dhéanamh níos éifeachtaí
- costais riaracháin a laghdú
- rochtain ar fhaisnéis, trédhearcacht agus rannpháirtíocht an phobail a mhéadú
- níos mó tacaíochta a thabhairt do theicneolaíochtaí ceannródaíocha agus do chineálacha cur chuige nuálacha eile
Leis na rialacha nua, leathnófar raon feidhme na rialacha chun go mbeidh feidhm acu maidir leis an méid seo a leanas freisin:
- tuilleadh feirmeacha móra diantógála beostoic ar a dtógtar muca agus éanlaith chlóis ach nach dtógann eallach orthu
- earnáil na mianadóireachta
- gléasraí móra chun ceallraí a tháirgeadh
Beidh ar na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a ghearradh orthu siúd a sháraíonn na bearta a glacadh chun an treoir a chur chun feidhme. Ina theannta sin, beidh orthu a chinntiú go mbeidh daoine i dteideal cúiteamh a éileamh i gcás ina ndearnadh dochar dá sláinte mar thoradh ar shárú ar na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an treoir.
Go leictreonach a eiseofar na ceadanna do shuiteálacha tionsclaíocha feasta, trí chóras ríomhcheadaithe a bhunófaí tráth nach déanaí ná 2035. Is éasca agus is éifeachtúla a bheidh na nósanna imeachta ceadaithe dá bharr. Socróidh údaráis inniúla teorainnluachanna ceangailteacha feidhmíochta comhshaoil (EPLVanna) sna ceadanna chun bunú agus oibriú suiteálacha a údarú.
Leis na rialacha nua, ceanglófar ar an gCoimisiún freisin measúnú a dhéanamhar chur chun feidhme na treorach faoi 2028 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, d’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar tháirgí talmhaíochta a allmhairítear ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus é mar aidhm leis sin a chinntiú gurbh ionann, a bheag nó a mhór, caighdeáin chomhshaoil na dtáirgí sin agus na caighdeáin atá i bhfeidhm laistigh den Aontas.
Baineann an t-athbhreithniú ar rialacha astaíochtaí tionsclaíocha freisin le rialachán maidir le tuairisciú sonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha (CE Uimh. 166/2006). Cuirfear na rialacha nua an tairseach Eorpach um astaíochtaí tionsclaíocha in ionad an Chláir Eorpaigh ar scaoileadh agus aistriú truailleán (E-PRTR).
Tháinig tíortha an Aontais i dtionól na Comhairle ar chomhaontú i mí an Mhárta 2023 maidir le comhsheasamh caibidlíochta – ‘cur chuige ginearálta’ – maidir le hathbhreithniú ar an treoir a bunaíodh ar an togra a thíolaic an Coimisiún i mí an Mhárta 2022. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i ndáil le rialachán maidir leis an tairseach um astaíochtaí tionsclaíocha níos déanaí i mí an Mheithimh.
I mí na Samhna 2023, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach ag na cruinnithe tríthaobhacha maidir leis na rialacha athbhreithnithe don treoir agus don tairseach um astaíochtaí.
Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí Aibreáin 2024.
- Astaíochtaí tionsclaíocha: Rialacha nuashonraithe formheasta ag an gComhairle chun cosaint níos fearr a thabhairt don chomhshaol (preaseisiúint, an 12 Aibreán 2024)
- Astaíochtaí tionsclaíocha: An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha nua chun astaíochtaí díobhálacha ó earnáil na tionsclaíocha a laghdú agus chun rochtain phoiblí ar fhaisnéis a fheabhsú (preaseisiúint, an 29 Samhain 2023)
- An Comhaontú Glas don Eoraip: An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le suiteálacha tionsclaíochta chun go gcuirfí sonraí níos fearr maidir leis na hastaíochtaí comhshaoil a bhaineann leo (preaseisiúint, an 7 Meitheamh 2023)
- An Chomhairle tagtha ar chomhaontú i ndáil leis na leasuithe ar an treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (preaseisiúint, an 16 Márta 2023)
Féach freisin
Cáilíocht an aeir
Comhaontú Glas don Eoraip
Oiriúnach do 55
An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Aibreán 2024