Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 65 Torthaí
Comhar an Aontais leis na Náisiúin Aontaithe
Tá an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe tiomanta seasamh leis an gcóras iltaobhach lena rialaítear an caidreamh domhanda ar bhealach a rachaidh chun tairbhe do chách. Is é an tAontas agus a Bhallstáit i dteannta a chéile an ranníocóir airgeadais is mó a chuireann le córas na Náisiún Aontaithe.

An Chosaint Shibhialta san Aontas
Cuidíonn an tAontas le tíortha ullmhú do thubaistí agus freagairt orthu tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Comhordaíonn sé cúnamh i gcás éigeandálaí ar nós falscaithe, tuilte, eipidéimí, creathanna talún agus tubaistí arb é an duine is cúis leo, san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Pacáistíocht
Tá méadú ag teacht ar an dramhaíl ó phacáistíocht san Aontas Eorpach. Tá sé d’aidhm ag reachtaíocht nua an Aontais dul i ngleic leis an bhfadhb sin, rialacha ar fud na mBallstát a chomhchuibhiú agus borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach.

An compás iomaíochais
Plean atá sa chompás iomaíochais chun go mbeidh ar chumas na hEorpa filleadh ar an bhfás eacnamaíoch agus rathúnas a bhaint amach an athuair.

Aeriompar
Tá an tAontas ag obair chun earnáil aeriompair atá sábháilte, inbhuanaithe agus iomaíoch a chruthú.

Iompar de bhóthar
Faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun an t-iompar de bhóthar a dhéanamh níos iomaíche, níos glaise agus níos sábháilte.

Rialacha an Aontais a shimpliú
Ní mór rialacha níos simplí a chur i bhfeidhm dá mba mhian linn iomaíochas fadtéarmach an Aontais a neartú. Tá an tAontas ar an mbóthar ceart chun an reachtaíocht i roinnt réimsí a shimpliú, agus a spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a chosaint ag an am céanna.

Oiriúnach do 55: an chaoi a n-éireoidh an tAontas níos fuinneamhéifeachtúla
Conas a éireoidh an tAontas níos fuinneamhéifeachtúla? Tá spriocanna nua á leagan síos ag an Aontas maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh.

Oiriúnach do 55
Fágfaidh an dlí aeráide Eorpach gur oibleagáid dhlíthiúil a bheidh ann sprioc aeráide an Aontais a bhaint amach, is é sin laghdú 55%, ar a laghad, a dhéanamh ar astaíochtaí an Aontais faoi 2030. Ghlac tíortha an Aontais reachtaíocht nua chun an sprioc sin a bhaint amach agus chun go mbeidh an tAontas aeráidneodrach faoi 2050.

Athléimneacht agus cosaint foraoisí
Tá an tAontas tiomanta d’fhoraoisí a chosaint agus d’fheabhas a chur ar a gcumas dúshláin aeráide agus chomhshaoil a sheasamh.
