Pacáistíocht
Tá méadú ag teacht ar an dramhaíl ó phacáistíocht san Aontas Eorpach. Tá sé d’aidhm ag reachtaíocht nua an Aontais dul i ngleic leis an bhfadhb sin, rialacha ar fud na mBallstát a chomhchuibhiú agus borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach.
Méadú ag teacht ar phacáistíocht
Tá reachtaíocht an Aontais maidir le pacáistíocht i bhfeidhm ó na 1990idí i leith. Mar sin féin, d’ainneoin na mbeart agus na n-iarrachtaí chun pacáistíocht a laghdú, tá méadú ag teacht ar an méid dramhaíola ó phacáistíocht san Aontas, go háirithe mar gheall ar an méadú atá tagtha ar cheannacháin ar líne agus ar sheachadtaí baile le blianta beaga anuas, chomh maith leis an méadú atá tagtha ar thomhaltas beir leat.
Léiríonn na figiúirí is déanaí a d’eisigh Eurostat gur ghin gach Eorpach os cionn 188 kg de dhramhaíl ó phacáistíocht ar an meán in 2021. Bíodh beartáin ceannachán ar líne, scannán cumhdaithe nó scragall, nó cupáin chaife beir leat agus capsúil dí i gceist, gan ach an méid sin a lua, caitheann gach uile Eorpach amach – go minic díreach tar éis a ceannaithe – leathchileagram pacáistíochta gach lá.
In 2021, ghin tíortha an Aontais 84 mhilliún tona dramhaíola ó phacáistíocht, 24% níos mó ná in 2010.
Mura ndéanfar aon ghníomhaíocht, d’fhéadfadh méadú 19% eile teacht ar an dramhaíl ó phacáistíocht faoi 2030. Le blianta beaga anuas, tá fás níos tapúla tagtha ar an méid pacáistíochta a úsáidtear ná ar gheilleagar agus daonra an Aontais.
Bearna atá ag dul i méid idir rátaí dramhaíola agus athchúrsála
Cé gur tháinig méadú 23% ar rátaí athchúrsála san Aontas i gcomparáid le 2010, níor leor é sin chun coinneáil suas leis an méadú ar an méid iomlán dramhaíola ó phacáistíocht a gineadh. Léirítear sna sonraí go bhfuil bearna ann idir fás na dramhaíola ó phacáistíocht agus fás na hathchúrsála.
Líne-chairt ina léirítear an méadú ar dhramhaíl ó phacáistíocht agus athchúrsáil idir 2010 agus 2021 i gcileagraim per capita. Go dtí 2017, tá an méadú a tháinig ar na méideanna pacáistíochta a athchúrsáladh beagnach chomh hard leis an méadú a tháinig ar dhramhaíl ó phacáistíocht. Ina dhiaidh sin, scarann na línte ó chéile toisc nár tháinig méadú ar na méideanna a athchúrsáladh a oiread agus a tháinig ar mhéideanna na dramhaíola ó phacáistíocht.
Léiríodh i dtuarascáil a d’eisigh an Coimisiún Eorpach in 2023 go bhfuil sé ag dul dian ar a lán Ballstát spriocanna athchúrsála an Aontais a bhaint amach. Tá pacáistíocht nach féidir a athchúrsáil ar cheann de na cúiseanna leis sin. Ní féidir pacáistíocht a athchúrsáil nuair nach féidir í a bhailiú ar leithligh nó a shórtáil i gceart, nó nuair atá bonneagar agus próisis athchúrsála in easnamh nó neamhéifeachtúil.
Is iad páipéar agus cairtchlár na hábhair is mó atá sa dramhaíl ó phacáistíocht
Is iad páipéar agus cairtchlár na hábhair is mó a bhíonn i ndramhaíl ó phacáistíocht: is iad a bhí i gceist le 34 mhilliún tona den mhéid iomlán dramhaíola ó phacáistíocht a gineadh in 2021.
Píchairt ina léirítear an sciar den ábhar a bhí i ndramhaíl ó phacáistíocht in 2021:
- páipéar agus cairtchlár: 40%
- plaisteach: 19%
- gloine: 19%
- adhmad: 17%
- miotal: 5%
Tionchar na pacáistíochta ar an gcomhshaol
Fágann pacáistíocht gur fusa earraí a iompar agus a chosaint. Mar sin féin, tá tionchar mór ag táirgeadh pacáistíochta agus ag a dramhaíl ar an gcomhshaol.
Úsáid acmhainní nádúrtha
Tá 50% den pháipéar a úsáidtear san Aontas ceaptha le haghaidh pacáistíochta.
Truailliú
Is í an phacáistíocht atá i gceist le thart ar leath den bhruscar muirí uile dá bhfuil ann; truaillíonn pacáistíocht an ithir agus an talamh freisin.
An t-athrú aeráide
Is ionann na hastaíochtaí CO2 a thagann ón bpacáistíocht agus na hastaíochtaí a ghinfeadh tír bheag nó mheánmhéide de chuid an Aontais.
Rialacha nua an Aontais maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht
I mí na Nollag 2024, ghlac an tAontas rialacha nua lena ndéantar athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht. Tháinig siad i bhfeidhm an 12 Lúnasa 2026.
Tá sé d’aidhm acu:
- giniúint dramhaíola ó phacáistíocht a laghdú
- geilleagar ciorclach le haghaidh pacáistíochta a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtach
- rialacha maidir le pacáistíocht a chomhchuibhiú ar fud an Aontais
Cuireann na rialacha le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus a phlean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach, agus tagann siad in ionad threoir 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht trína claochlú ina rialachán. Ciallaíonn sé sin go ndearnadh na rialacha sin infheidhme go díreach i ngach Ballstát gan gá iad a thrasuí sa dlí náisiúnta.
Cruthóidh an rialachán poist nua agus deiseanna nua gnó. Faoi láthair, gineann earnáil na pacáistíochta, lena mbaineann oibríochtaí táirgthe agus bainistithe dramhaíola araon, láimhdeachas iomlán de €370 billiún san Aontas. De bharr na rialacha nua, tá ról níos mó ag earnáil na pacáistíochta maidir leis an Aontas a athrú ó bhonn ina gheilleagar níos glaine, níos inbhuanaithe agus níos ciorclaí.
Cosc, athúsáid, athchúrsáil
Is í príomhsprioc an Aontais cosc a chur ar phacáistíocht ar an gcéad dul síos. I gcás nach féidir pacáistíocht a sheachaint, ba cheart í a athúsáid, a athchúrsáil nó ba cheart a fuinneamh a aisghabháil.
Ord tosaíochta dramhaíola an Aontais
Cumhdaíonn na rialacha an phacáistíocht go léir, beag beann ar an ábhar a bhí inti, agus an dramhaíl ón bpacáistíocht go léir, beag beann ar mar ar gineadh í (sa tionsclaíocht, sa mhonaraíocht, sa mhiondíol nó i dteaghlaigh, mar shampla).
Gearradh siar ar dhramhaíl ó phacáistíocht
Sna rialacha nua, tá spriocanna chun dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú i gcomparáid le cainníochtaí 2018:
- laghdú 5% faoi 2030
- laghdú 10% faoi 2035
- laghdú 15% faoi 2040
Tá feidhm ag na spriocanna in aghaidh an duine in aghaidh an Bhallstáit.
Chun na spriocanna sin a bhaint amach, is éard a dhéanann an méid a leanas leis na rialacha nua:
- srian a chur ar chineálacha áirithe pacáistíochta aon úsáide
- ábhar pacáistíochta a íoslaghdú
- athúsáid pacáistíochta a mhéadú
Pacáistíocht aon úsáide
Tá srian ar chineálacha áirithe pacáistíochta plaistí aon úsáide, mar shampla earraí a chaitear go díreach i mbialanna agus caiféanna, saicíní le haghaidh tarsann, cupáin agus plátaí indiúscartha, mionphacáistíocht aon úsáide le haghaidh earraí níocháin óstáin agus pacáistíocht phlaisteach aon úsáide le haghaidh torthaí agus glasraí úra. Tá srian freisin ar mhálaí plaisteacha an-éadrom, mar shampla iad siúd a chuirtear ar fáil ag margaí, faoi na rialacha nua, ach amháin má tá gá leo ar chúiseanna sláinteachais.
Ábhar pacáistíochta íoslaghdaithe
Ní mór do chuideachtaí an méid ábhair is gá don phacáistíocht a íoslaghdú, mar shampla trí bhallaí dúbailte agus íochtair bhréige a sheachaint, agus gan pacáistí rómhóra a úsáid chun earraí beaga a iompar. Is í an sprioc atá ann pacáistíocht nach bhfuil gá léi agus cur amú acmhainní a sheachaint.
Athúsáid, athlíonadh agus tabhairt ar ais
Ba cheart é a bheith ar chumas tomhaltóirí pacáistíocht a athúsáid, a athlíonadh agus a thabhairt ar ais. Leagtar síos sa rialachán spriocanna d’earnálacha éagsúla agus d’fhormáidí pacáistíochta éagsúla chun go ndéanfar níos mó athúsáide agus athlíonta, agus go ndéanfaidh na tomhaltóirí deiridh a gcoimeádáin féin a líonadh, coimeádáin le haghaidh earraí beir leat san áireamh.
An geilleagar ciorclach a chur chun cinn
Is é is aidhm do na rialacha nua go mbeifear in ann an phacáistíocht go léir ar mhargadh an Aontais a athchúrsáil ar bhealach atá inmharthana go heacnamaíoch faoi 2030.
Spriocanna athchúrsála
Na spriocanna athchúrsála do 2025 agus 2030, a leagadh amach sa treoir ón Aontas a bhí ann roimhe seo maidir leis na príomhábhair phacáistíochta uile, tá siad fós ann. Is féidir leis na Ballstáit baint amach na spriocanna a chur siar suas le 5 bliana.
| Cineál pacáistíochta | faoi 2025 | faoi 2030 |
| An phacáistíocht go léir | 65% | 70% |
| Páipéar agus cairtchlár | 75% | 85% |
| Gloine | 70% | 75% |
| Plaisteach | 50% | 55% |
| Adhmad | 25% | 30% |
Chun na spriocanna sin a bhaint amach, is éard a dhéanann an méid a leanas leis na rialacha nua:
- a chinntiú gur féidir an phacáistíocht go léir a athchúrsáil
- úsáid plaistigh athchúrsáilte a mhéadú
- lipéid níos soiléire a chur chun feidhme
- a chinntiú go mbailítear roinnt coimeádán aon úsáide
Plaisteach athchúrsáilte
Ón 1 Eanáir 2030, ba cheart íosmhéid áirithe plaistigh athchúrsáilte a bheith sa phacáistíocht phlaisteach, chun úsáid plaistigh athchúrsáilte a mhéadú.
Lipéid le haghaidh sórtála
Tá sé d’aidhm ag rialacha nua maidir le lipéadú é a dhéanamh níos éasca do thomhaltóirí fios a bheith acu conas dramhaíl ó phacáistíocht de chineálacha éagsúla a shórtáil, dramhaíl inmhúirínithe a shainaithint, agus an méid ábhair athchúrsáilte i ndramhaíl ó phacáistíocht a fheiceáil. Tacaíonn an beart seo le hathchúrsáil agus aisghabháil ábhar agus chuirfeadh sé borradh faoin ngeilleagar ciorclach, agus mar thoradh air sin laghdófaí an brú ar úsáid amhábhar príomhúil.
Coimeádáin aon úsáide a bhailiú
Leis na rialacha nua, ní mór do na Ballstáit córais éarlaise agus fillte a bhunú le haghaidh coimeádáin aon úsáide áirithe. Faoi 2029, cinnteoidh na Ballstáit go ndéanfaí ar a laghad 90% de bhuidéil phlaisteacha aon úsáide agus de choimeádáin dí miotail a bhailiú go leithleach go bliantúil.
Forálacha eile
Leis na rialacha nua, tugtar aghaidh freisin ar shábháilteacht na n-ábhar pacáistíochta, agus é mar aidhm leo deireadh a chur de réir a chéile leis na substaintí is díobhálaí a úsáidtear.
Tá forálacha iontu freisin maidir le freagracht leathnaithe táirgeora agus soláthar poiblí glas.
Cé na hathruithe do thomhaltóirí?
Fágann glacadh an rialacháin go mbeidh athruithe ar dhearadh pacáistíochta agus ar bhainistiú dramhaíola le feiceáil ag tomhaltóirí. Conas?
Seo roinnt samplaí:
Beidh lipéid ar tháirgí a chuirfidh in iúl go soiléir cén bosca bruscair ar cheart iad a chur ann.
Liostófar ar an lipéad na hábhair a úsáidtear sa phacáistíocht.
Bainfidh óstáin úsáid as coimeádáin is féidir a athlíonadh le haghaidh earraí níocháin.
Beidh tomhaltóirí in ann coimeádáin in-athúsáidte a fháil agus iad ag ceannach bia agus deochanna le tabhairt leo, gan aon chostas breise.
Déanfar pacáistíocht a íoslaghdú chun cur amú acmhainní, nach bhfuil gá leis, a sheachaint.
Bunófar córais éarlaise agus fillte le haghaidh roinnt coimeádáin aon úsáide.
Féach freisin
An dramhaíl
Míniú ar an ngeilleagar ciorclach
Comhaontú Glas don Eoraip
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Lúnasa 2026