Skip to content

Buiséad agus foireann Ardrúnaíocht na Comhairle

Foireann

Na figiúirí maidir le foireann na hArdrúnaíochta

3182 bhall foirne fostaithe ag an Ardrúnaíocht:

  • 2513 oifigeach
  • 418 bhall foirne shealadacha
  • 224 ghníomhaire ar conradh
  • 27 saineolaí náisiúnta ar iasacht

Tá na huimhreacha foirne thuasluaite ag teacht leis na sonraí a bhí ar fáil an 1 Feabhra 2026.



An buiséad

Glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais.

€169.5 billiúnde ghealltanais agus €170.6 billiún d’íocaíochtaí atá i mbuiséad an Aontais don bhliain 2026.

Áirítear i mbuiséad an Aontais roinn shonrach (roinn II) do bhuiséad comhroinnte na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle.

Gach bliain, déanann an tArdrúnaí dréachtmheastacháin ar chaiteachas na Comhairle a thíolacadh. Is í an tArdrúnaí atá lánfhreagrach as an gcaiteachas faoi roinn II den bhuiséad agus déanann sí na bearta uile is gá chun a chinntiú go mbainistítear ar bhealach cuí é.

Na figiúirí maidir leis an mbuiséad (2026)

€739.6 milliún an buiséad comhroinnte atá ag an gComhairle (roinn II) agus ag an gComhairle Eorpach don bhliain 2026.

In 2026, 0.38% de bhuiséad an Aontais atá i roinn II. Sin tuairim is 5.6% de chaiteachas iomlán riaracháin institiúidí uile an Aontais.

Déantar an buiséad don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle a leithdháileadh ar na nithe seo a leanas:

  • soláthar foirne (66.7%)
  • costais dhíreacha a bhaineann le cruinnithe oifigiúla, ateangaireacht agus taisteal na dtoscaireachtaí (14.8%) san áireamh
  • foirgnimh agus bonneagar (8.6%)
  • córais TF, trealamh agus troscán (8.4%)
  • caiteachas oibríochtúil eile (1.5%)

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Bealtaine 2026