Skip to content

An tArdrúnaí

Is í an tArdrúnaí atá ina ceannaire ar Ardrúnaíocht na Comhairle. Is iad na príomhróil atá aici cuidiú leis an gComhairle agus bainistiú a dhéanamh ar an Ardrúnaíocht. Is í an Chomhairle a cheapann í.

Is í an tArdrúnaí atá freagrach as eagrú foriomlán na hArdrúnaíochta. Cinntíonn sí go gcuirtear i gcrích na seirbhísí a chuireann an Ardrúnaíocht ar fáil d'uachtaránachtaí na Comhairle, dá comhlachtaí ullmhúcháin agus d'Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

Tá sí freagrach freisin as bainistiú riaracháin na hArdrúnaíochta a mhéid a bhaineann lena hacmhainní daonna agus airgeadais.

Glacann an tArdrúnaí páirt i gcruinnithe den Chomhairle de réir mar is iomchuí. Go bunúsach, is é an ról atá aici leanúnachas agus dul chun cinn obair na Comhairle a chinntiú agus comhairle a chur ar an gComhairle agus ar an Uachtaránacht.

Tá Ardrúnaí na Comhairle ina hArdrúnaí ar an gComhairle Eorpach freisin. Freastalaíonn sí ar chruinnithe den Chomhairle Eorpach agus déanann sí gach beart is gá chun a nósanna imeachta a eagrú.

Is í Thérèse Blanchet an tArdrúnaí. Ceapadh í an 13 Deireadh Fómhair 2022 ar feadh téarma 5 bliana, ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027.

An tArdrúnaí Thérèse Blanchet

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Eanáir 2026