Skip to content

Costas an athraithe aeráide

Léaráidí ina dtaispeántar an téamh domhanda agus airgead

Costas an athraithe aeráide

Le 40 bliain anuas, chonacthas ardú tobann ar an teocht san Eoraip. Tá an teas mór seo ar an mór-roinn ag cur go mór le himeachtaí adhaimsire agus iarmhairtí uafásacha aige sin ar dhaoine agus ar an ngeilleagar.

Tá an teocht ag ardú níos sciobtha ná riamh

Le cúig bliana anuas, bhí meánteocht na hEorpa 2.2°C níos airde ná mar a bhí ag deireadh an naoú céad déag. Go nuige seo, ba í 2020 an bhliain ba theo san Eoraip.

An t-athrú aeráide is cúis leis an adhaimsir

  • Tá méadú ag teacht ar líon na dtuilte tromchúiseacha san Eoraip
  • Tháinig méadú 22% ar dhéine na báistí i réigiún na Meánmhara le 50 bliain anuas.
  • D’fhulaing tíortha san Eoraip níos mó dóiteáin foraoise in 2018 ná mar a taifeadadh riamh roimhe seo.
  • Tharla níos mó dóiteán i lár agus i dtuaisceart na hEorpa, réigiúin nár ghnách dóibh a bheith thíos lena leithéid san am atá caite.
  • Ó 1980, tá breis is 190 000km2 talún san Eoraip dóite ag dóiteáin foraoise – achar atá a dhá oiread níos mó ná achar na Portaingéile.

Tá daoine ag fáil bháis i ngeall ar an adhaimsir

Idir 1980 agus 2020, cailleadh níos mó ná 138 000 duine san Eoraip i ngeall ar an adhaimsir agus ar mhórthubaistí aeráide. Is iad an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Iodáil ba mhó a bhí thíos leis.

Is ionann an t-athrú aeráide agus caillteanas eacnamaíoch

I ngeall ar an adhaimsir agus ar mhórthubaistí aeráide, tá breis agus €487 mbilliún caite ag AE27 le 40 bliain anuas. Tá an méid seo i bhfad Éireann níos airde ná an méid a chaitheann an tAontas, in imeacht dhá bhliain, ar bheartais agus ar chláir. Is ar an nGearmáin, ar an Iodáil agus ar an bhFrainc is mó a thit an costas. Tharla na caillteanais ba mhó in aghaidh an duine sa Danmhairg, san Ostair agus i Lucsamburg.

  • Baineann os cionn €5 bhilliún sa bhliain ar an meán le costas eacnamaíoch na dtuilte abhann san Eoraip.
  • Is fiú thart ar €2 bhilliún costas an damáiste eacnamaíoch a dhéantar de bharr dóiteáin foraoise gach bliain.

Is ó na foinsí seo a leanas a thagann na sonraí a chuirtear i láthair:

  • Stóras Sonraí Aeráide Copernicus
  • An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil
  • Tuarascáil 2020 ar staid na haeráide san Eoraip
  • Météo-France
  • An Córas Eorpach Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2025