Skip to content

An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas

Tá tíortha an Aontais ag obair ar an athrú aeráide a chomhrac agus ar an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Aontas aeráidneodrach faoi 2050

Tá gealltanas dlíthiúil tugtha ag tíortha an Aontais an t-athrú aeráide a chomhrac trí aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach ina mbeidh astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha faoi 2050.

I mí na Nollag 2019, tháinig ceannairí an Aontais, i dtionól na Comhairle Eorpaí, ar chomhaontú maidir leis an sprioc sin agus, ina dhiaidh sin, sheol an Coimisiún Eorpach an Comhaontú Glas don Eoraip.

Eascraíonn an cuspóir as an tiomantas do Chomhaontú Pháras atá sínithe agus daingnithe ag Ballstáit uile an Aontais.

5 facts about the EU's goal of climate neutrality
5 facts about the EU's goal of climate neutrality

5 facts about the EU's goal of climate neutrality

Cad atá i gceist leis an aeráidneodracht agus le hastaíochtaí glan-nialasacha?

Ciallaíonn an aeráidneodracht go laghdaítear go mór san atmaisféar astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghineann an duine, mar shampla astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) a eascraíonn as breoslaí iontaise a dhó, chun a chinntiú nach mbeidh aon tionchar ar an gcóras aeráide.

Déantar na hastaíochtaí sin ar deacair iad a dhíothú a chúiteamh le haistrithe carbóin, is é sin le rá, CO2 a eastósctar as an atmaisféar go nádúrtha trí fhásra nó trí mhodhanna meicniúla.

I ngeilleagar atá aeráidneodrach, tá cothromaíocht astaíochtaí glan-nialasacha ann.

An aeráidneodracht – cad atá ann?

An chaoi a mbainfidh tíortha an Aontais an aeráidneodracht amach

Chun an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050, ní mór do thíortha an Aontais a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go mór agus bealaí a aimsiú chun na hastaíochtaí atá fágtha agus nach féidir a sheachaint a chúiteamh.

Le blianta beaga anuas agus go háirithe faoin gComhaontú Glas don Eoraip, tá spriocanna leagtha síos ag an Aontas chun astaíochtaí a laghdú ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha agus glacadh dlíthe chun na laghduithe sin a bhaint amach.

Spriocanna aeráide an Aontais

De réir mar a théann an ghéarchéim aeráide in olcas agus de réir mar a théann teagmhais adhaimsire i méid ó thaobh minicíochta agus déine de, tá spriocanna níos uaillmhianaí de réir a chéile leagtha síos ag tíortha an Aontais chun an t-athrú aeráide a chomhrac.

Is in 2008 a comhaontaíodh an chéad sprioc aeráide uile-Aontais: leagadh síos an sprioc astaíochtaí a laghdú 20% faoi 2020 i gcomparáid le 1990. Sháraigh an tAontas an sprioc sin agus bhain sé laghdú 32% amach in 2020. Cé go raibh baint aige sin freisin le paindéim COVID-19, léiríonn sonraí go raibh an sprioc sáraithe cheana féin ag an Aontas in 2019 le laghdú 25%.

In 2014, tháinig an tAontas ar chomhaontú maidir le sprioc laghdaithe astaíochtaí 40% do 2030. In 2023, mhéadaigh an tAontas a uaillmhian maidir le sprioc 2030: leis an dlí aeráide Eorpach, tá ceangal dlíthiúil anois ar thíortha an Aontais astaíochtaí a laghdú 55%, ar a laghad, faoi 2030.

I mí an Mhárta 2026, tar éis di teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa, ghlac an Chomhairle an dlí aeráide Eorpach leasaithe, lena dtugtar isteach sprioc idirmheánach cheangailteach do 2040: laghdú 90% ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990.

Is céim ríthábhachtach í an sprioc nua sin chun sprioc fhadtéarmach an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Mar rialachán, tá an dlí aeráide Eorpach infheidhme go díreach i mBallstáit uile an Aontais.

Beartas agus dlíthe aeráide an Aontais

Is mar thoradh ar an gComhaontú Glas don Eoraip cuid mhór de bheartas aeráide an Aontais le déanaí.

Is é an dlí aeráide Eorpach an príomhphíosa reachtaíochta laistigh den Chomhaontú Glas, sa mhéid go bhfágann sé gur oibleagáid dhlíthiúil ar Bhallstáit uile an Aontais é an sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Sraith mhór reachtaíochta aeráide is ea an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, ina bhfuil roinnt píosaí reachtaíochta agus lena leagtar síos rialacha agus bearta chun an sprioc a bhaint amach astaíochtaí a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030.

Chun cothromaíocht ghlan-nialasach astaíochtaí a bhaint amach, ní mór ollchlaochlú a dhéanamh ar an tsamhail eacnamaíoch atá ann; baineann an beartas aeráide le gach earnáil eacnamaíoch. Seo a leanas roinnt samplaí de bhearta a rinneadh faoi dhlí an Aontais.

Léaráid stílithe de chiorcal réaltaí an Aontais agus siombailí den aistriú glas timpeall air, lena n-áirítear tuirbín gaoithe, painéil ghréine, crainn, fiadhúlra, barra agus tarracóir.
Comhaontú Glas don Eoraip

Comhaontú Glas don Eoraip

Samplaí de bhearta aeráide

An fuinneamh in-athnuaite a threisiú

Éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú

Aistrithe carbóin a mhéadú

Trádáil astaíochtaí a athchóiriú agus a leathnú

An t-iompar a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol

Tacú le daoine aistriú go geilleagar níos glaise

8 slí ina bhfuil an saol san Aontas ag éirí níos glaise

Tá sé ríthábhachtach aistriú chuig modh maireachtála níos glaise chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide agus chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe breoslaí iontaise ón Rúis. Tá an tAontas agus a 27 dtír ag obair ar rialacha comhchoiteanna nua faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ chun lorg carbóin an Aontais a laghdú. Cén tionchar a bheidh ag na rialacha nua ar an tslí a mairimid, a n-oibrímid agus a dtaistealaímid? Léigh ár scéal le haghaidh roinnt samplaí den chuma a bheidh ar an saol san Aontas in 2030.

Foirgneamh, muileann gaoithe, carr leictreach agus crainn

Dul chun cinn i dtreo na haeráidneodrachta

Tá an-chuid bainte amach ag an Aontas chun tionchar an Aontais ar an aeráid a laghdú ó chomhaontaigh tíortha an Aontais na chéad spriocanna aeráide sin.

In 2024, tháinig laghdú os cionn 37% ar na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas, i gcomparáid le leibhéil 1990 (os cionn 39 % má chuirtear an eitlíocht idirnáisiúnta agus an loingseoireacht idirnáisiúnta as an áireamh).

Mar sin féin, níl astaíochtaí á laghdú ar an luas céanna ar fud na n-earnálacha uile. Cé go bhfuil méadú ag teacht ar astaíochtaí in earnáil an iompair, tá siad i bhfad níos ísle in earnálacha eile i gcomparáid le 1990, agus tá tionscail fuinnimh ar thús cadhnaíochta le laghdú 57 %.

Tá laghdú ag teacht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais

Léirítear sa chairt thíos astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais de réir earnála sna billiúin tona de choibhéis CO2; ní chuirtear astaíochtaí ón eitlíocht idirnáisiúnta, ón loingseoireacht idirnáisiúnta ná aistrithe (linn charbóin) ó earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta san áireamh.

Leagan téacs

Cairt limistéir ar a léirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais de réir earnála ó 1990 go 2024 i gcoibhéis CO2. De réir earnála, is mar seo a leanas a bhí an laghdú nó an méadú ar astaíochtaí idir 1990 agus 2024:

  • Talmhaíocht: -26.3 %
  • Tionscail fuinnimh: -57.3 %
  • Próisis thionsclaíocha: -41.5 %
  • An mhonaraíocht agus an tógáil: -49.4 %
  • An earnáil cónaithe agus tráchtála: -37.2 %
  • An tIompar: +18.7 %
  • Dramhaíl: -41.6 %

Féach freisin

Daoine i ngreim láimhe ar a chéile agus an domhan sa chúlra. Léaráid.
Gníomhú Domhanda ar son na hAeráide

Gníomhú Domhanda ar son na hAeráide

Barrachairt ina léirítear an fhorbairt ar ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid ó 2013 go 2024.
Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn)

Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn)

Oiriúnach do 55

Oiriúnach do 55

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Márta 2026