Trádáil idir an tAontas agus an Astráil: fíricí agus figiúirí
Tá bailchríoch á cur faoi láthair ag an Aontas Eorpach agus ag an Astráil ar an gcaibidlíocht maidir le comhaontú saorthrádála. In 2024, os cionn €91 bhilliún ba luach don trádáil in earraí agus seirbhísí idir an tAontas Eorpach agus an Astráil.
Trádáil earraí
Is é an tAontas an tríú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Astráil le haghaidh earraí (is iad an tSín agus an tSeapáin na comhpháirtithe is mó trádála aici), is é sin, 8.6 % den trádáil a dhéanann an Astráil.
In 2025, ba é os cionn €47 mbilliún luach na trádála in earraí idir an tAontas agus an Astráil – €36.9 billiún in allmhairí an Aontais chuig an Astráil agus €10.2 billiún in onnmhairí ón Astráil.
Le 10 mbliana anuas, tá méadú beagnach 50 % tagtha ar thrádáil earraí.
Luach €10.2 billiún d’allmhairí ón Astráil
Luach €36.9 billiún d’onnmhairí chuig an Astráil
Na hearraí is mó a trádáladh
innealra agus fearais
ceimiceáin
táirgí mianracha (allmhairí an Aontais)
trealamh iompair (onnmhairí ón Aontas)
Trádáil seirbhísí
In 2024, ba é os cionn €42 bhilliún luach na trádála i seirbhísí idir an tAontas agus an Astráil – le nach mór 11 bhilliún in allmhairí an Aontais agus thart ar 31 bhilliún in onnmhairí an Aontais.
Le 10 mbliana anuas, táméadú beagnach 138 % tagtha ar thrádáil seirbhísí.
Luach €10.9 billiún d’allmhairí ón Astráil
Luach €31 bhilliún d’onnmhairí chuig an Astráil
Na seirbhísí is mó trádáil
seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí ríomhaire agus faisnéise
seirbhísí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla
seirbhísí taistil
seirbhísí iompair
Infheistíocht díreach coigríche
Is é an tAontas an dara foinse infheistíochta coigríche is mó atá ag an Astráil, agus infheistíochtaí dar luach os cionn €120 billiún déanta ag cuideachtaí an Aontais in 2024. Is iad an fuinneamh in-athnuaite fuinnimh, bonneagar, iompar agus ardmhonaraíocht na hearnálacha is mó ina ndéantar infheistíocht Eorpach.
An comhaontú saorthrádála agus comhar polaitiúil idir an tAontas agus an Astráil
Tá comhar seanbhunaithe idir an tAontas agus an Astráil agus tá na luachanna agus na prionsabail bhunúsacha chéanna acu, mar atá an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, dea-rialachas agus geilleagar margadhbhunaithe. Ó 2022 i leith, is é an creat-chomhaontú polaitiúil is bun leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Astráil, lena ndoimhnítear an comhar maidir leis an mbeartas eachtrach, an trádáil, an fhorbairt inbhuanaithe, an t-athrú aeráide agus taighde.
A mhéid a bhaineann leis na naisc trádála idir an dá chomhpháirtí, tá bailchríoch á cur faoi láthair ag an Aontas agus ag an Astráil ar an gcaibidlíocht maidir le comhaontú saorthrádála. Tá an chaibidlíocht i bhfeidhm ó bhí 2018 ann.
De réir na meastachán a rinne an Coimisiún Eorpach, nuair a chuirfear an comhaontú chun feidhme, d’fhéadfadh méadú thart ar aon trian teacht ar thrádáil earraí agus seirbhísí idir an dá chomhpháirtí.
Tá roinnt socruithe maidir le comhar eacnamaíoch agus trádála, cuir i gcás comhaontú um aitheantas frithpháirteach chun bacainní teicniúla ar thrádáil i dtáirgí tionsclaíocha a laghdú, i gcreat-chomhaontú polaitiúil 2022. Bunaítear leis freisin idirphlé trádála agus infheistíochta chun baint na mbacainní neamhtharaifí a éascú, an trédhearcacht a fheabhsú agus sreafaí déthaobhacha trádála agus infheistíochta a chur chun cinn. Ina theannta sin, áirítear, sa chomhaontú, forálacha maidir le comhar i ndáil le soláthar poiblí, rochtain chomhpháirtí amháin ar mhargadh an chomhpháirtí eile agus a mhalairt a fheabhsú agus dea-chleachtais maidir le creataí rialála a bhabhtáil.
An 28 Bealtaine 2024, shínigh an tAontas agus an Astráil meabhrán tuisceana lenar bunaíodh comhpháirtíocht straitéiseach i ndáil le mianraí inbhuanaithe criticiúla straitéiseacha.
An 18 Márta 2026, shínigh an tAontas agus an Astráil comhpháirtíocht slándála agus cosanta. Cuirfidh an chomhpháirtíocht borradh faoin gcomhar sna réimsí seo a leanas: tacaíocht don Úcráin, an tslándáil mhuirí, an tslándáil spáis, an chibearshlándáil, cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, an fhrithsceimhlitheoireacht agus bainistiú géarchéime, agus réimsí eile nach iad.
Foinsí na sonraí
Baineadh na sonraí a úsáideadh ar an leathanach seo i mí Eanáir 2026 agus fuarthas ó na tacair sonraí Eurostat seo a leanas iad:
Féach freisin
- An comhaontú trádála idir an tAontas agus an Astráil (an Coimisiún Eorpach)
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
An t-athbhreithniú deireanach: an 25 Márta 2026