Comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta
Tugann an tAontas comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta i gcrích le tíortha nach bhfuil san Aontas ach atá ar aon intinn leis chun an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn ar fud an domhain.
Cad atá i gceist leis na comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta seo?
Tá comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta i gcroílár iarrachtaí an Aontais an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain. Is creat nua le haghaidh comhair iad atá dírithe ar an gcaidreamh déthaobhach le tíortha nach bhfuil san Aontas a neartú a thuilleadh ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh.
Cuireann na comhpháirtíochtaí sin leis an gcomhar seanbhunaithe atá ann cheana le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo. Is ionstraimí iad nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí de.
Is bunchloch den Chompás Straitéiseach iad freisin, a glacadh i mí an Mhárta 2022. Agus an compás á ghlacadh aige, gheall an tAontas teagmháil ar bhealach níos comhsheasmhaí agus níos cuimsithí a dhéanamh lena chomhpháirtithe déthaobhacha agus comhpháirtíochtaí saincheaptha a fhorbairt bunaithe ar luachanna agus leasanna comhroinnte.
Is é an tArdionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh, le húdarú na Comhairle, a shíníonn na comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta. Maidir leis na comhpháirtithe, is é an t-aire gnóthaí eachtracha agus/nó aire cosanta na tíre a shíníonn iad.
Compás Straitéiseach um shlándáil agus cosaint
Tuige na comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta seo?
Is comhaontuithe uaillmhianacha iad na comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta, lena léirítear spéis mhéadaitheach an Aontais agus na gcomhpháirtithe araon i gcomhar feabhsaithe déthaobhach slándála agus cosanta.
Cé go bhfuil siad curtha in oiriúint do gach comhpháirtí aonair, cumhdaíonn na comhpháirtíochtaí raon leathan réimsí comhair, an méid seo a leanas ina measc:
- an tsíocháin, coinbhleachtaí a chosc agus géarchéimeanna a bhainistiú
- tionscnaimh agus cumais chosanta
- bagairtí hibrideacha agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a chomhrac
- an spás, an chibearshlándáil agus an tslándáil mhuirí
- an fhrithsceimhlitheoireacht
- an neamhleathadh, an dí-armáil agus an rialú arm
- slándáil aeráide
- cúrsaí ban, an tsíocháin agus an tslándáil
Cé mhéad comhpháirtíochtaí atá sínithe?
Go dtí seo, tá dhá cheann déag de chomhpháirtíochtaí slándála agus cosanta atá sínithe ag an Aontas:
- Gána (24 Márta 2026)
- An Astráil (18 Márta 2026)
- An Íoslainn (18 Márta 2026)
- An India (27 Eanáir 2026)
- Ceanada (an 23 Meitheamh 2025)
- An Ríocht Aontaithe (an 19 Bealtaine 2025)
- An Albáin (an 18 Nollaig 2024)
- An Mhacadóin Thuaidh (an 19 Samhain 2024)
- An Chóiré Theas (an 4 Samhain 2024)
- An tSeapáin (an 1 Samhain 2024)
- An Iorua (an 28 Bealtaine 2024)
- An Mholdóiv (an 21 Bealtaine 2024)
Is féidir comhpháirtíochtaí breise a bheartú amach anseo.
Socruithe slándála agus cosanta eile
Lasmuigh de na comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta, coinníonn an tAontas cineálacha eile socruithe slándála agus cosanta ar bun le comhpháirtithe iltaobhacha, réigiúnacha agus náisiúnta.
I réaltacht gheopholaitiúil atá ag éirí níos casta, tá comhpháirtíochtaí atá bunaithe ar leasanna coiteanna fós ina ráthaíocht láidir don iltaobhachas, don chomhar agus don idirphlé idirnáisiúnta.
An comhar idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe
Oibríonn an tAontas Eorpach i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe in oibríochtaí síochána agus i mbainistiú géarchéime, i gcúrsaí sibhialta agus míleata araon.
In 2003, nuair a rinne an tAontas Eorpach a chéad mhisin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata a imscaradh faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), d'eisigh sé féin agus na Náisiúin Aontaithe dearbhú comhpháirteach maidir le comhar idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe i mbainistiú géarchéime. Ó shin i leith, tá an chomhpháirtíocht straitéiseach maidir le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime neartaithe a thuilleadh acu.
An comhar idir an tAontas agus ECAT
Tá an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus ECAT ríthábhachtach chun an tslándáil agus an chobhsaíocht sa limistéar Eora-Atlantach a chothabháil. Cuireadh an caidreamh idir an tAontas agus NATO ar bhonn foirmiúil go luath sna 2000í, ag tógáil ar na céimeanna a glacadh le linn na 1990í chun níos mó freagracht Eorpach a chur chun cinn i gcúrsaí cosanta.
I bpáirt, is ionann an tAontas agus ECAT agus os cionn 1 bhilliún duine agus roinnt de na geilleagair is mó ar domhan. Tá ECAT fós mar bhunsraith dá gcosaint chomhchoiteann i gcás 23 thír an Aontais atá ina mbaill de.
An comhar le comhpháirtithe réigiúnacha
Tá an tAontas tiomanta go láidir don chomhar le príomh-chomhpháirtithe réigiúnacha, ina measc siúd, tá an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, an tAontas Afracach, Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar, Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, agus Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille.
Rannpháirtíocht i misin agus oibríochtaí sibhialta agus mhíleata
Tá tíortha nach Ballstáit den Aontas iad rannpháirteach i misin agus oibríochtaí sibhialta agus míleata ó 2003 i leith, nuair a seoladh na chéad mhisin agus oibríochtaí. Rialaítear a gcuid rannpháirtíochta le creat-chomhaontú rannpháirtíochta a síníodh idir tríú tíortha aonair agus an tAontas.
Sainítear sna comhaontuithe sin téarmaí rannpháirtíochta tíortha nach bhfuil san Aontas in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais agus an caidreamh idir na tíortha sin agus an tAontas agus na misin á gcur i gcrích acu. Tá breis agus 20 comhaontú den sórt sin i bhfeidhm ag an Aontas le tíortha nach bhfuil san Aontas.
Comhaontuithe maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú
Is é is aidhm do chomhaontuithe le tíortha nach bhfuil san Aontas maidir le slándáil faisnéise rúnaicmithe slándáil agus sábháilteacht a saoránach faoi seach a neartú trí fhaisnéis rúnaicmithe a chomhroinnt agus sásraí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go leanfaidh an fhaisnéis a chomhroinntear de bheith slán. Tá breis agus 15 chomhaontú den sórt sin i bhfeidhm ag an Aontas.
Rannpháirtíocht i dtionscadail PESCO
Cé nach bhfuil ballraíocht den Bhuanchomhar Struchtúrtha (PESCO) oscailte ach do na Ballstáit, bhunaigh an Chomhairle, i mí na Samhna 2020, na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thíortha nach bhfuil san Aontas a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO.
Mar shampla, tugadh cuireadh do Cheanada, don Iorua agus do na Stáit Aontaithe páirt a ghlacadh i dtionscadal na soghluaisteachta míleata in 2021, mar a tugadh don Ríocht Aontaithe in 2022 agus don Eilvéis in 2025.
Idirphlé slándála agus cosanta
Reáchtálann an tAontas idirphlé agus comhairliúcháin slándála agus cosanta le roinnt tíortha, réigiúin agus eagraíochtaí iltaobhacha comhpháirtíochta. Is é is aidhm don idirphlé sin comhar a chothú i ngach réimse a bhaineann leis an tslándáil agus leis an gcosaint agus ardán a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ábhair imní chomhroinnte.
Ina theannta sin, eagraíonn an tArdionadaí fóram slándála agus cosanta Schuman chun idirphlé ardleibhéil a éascú maidir le saincheisteanna idirnáisiúnta síochána, slándála agus cosanta. Ag an bhfóram, bíonn ionadaithe ó Bhallstáit an Aontais, ó thíortha comhpháirtíochta, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, ón saol acadúil agus ó mheithleacha machnaimh.
Féach freisin
Ullmhacht cosanta na hEorpa
Cosaint an Aontais i bhfigiúirí
Misin agus oibríochtaí idir shibhialtach agus mhíleata
An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Márta 2026