An trádáil idir an tAontas agus an tSín: fíricí agus figiúirí
Tá an tAontas agus an tSín freagrach as beagnach aon trian den trádáil dhomhanda earraí agus seirbhísí agus as breis agus aon trian de OTI an domhain.
Tá cur chuige ilghnéitheach beartais ag an Aontas i leith na Síne.
In 2024, b'fhiú níos mó ná €845 bhilliún an trádáil earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus an tSín.
Barrachairt lena dtaispeántar onnmhairiú an Aontais chuig an tSín agus allmhairiú an Aontais ón tSín in 2024:
- Allmhairiú earraí chuig an Aontas: €519 mbilliún
- Allmhairiú seirbhísí chuig an Aontas: €45.5 billiún
- Onnmhairiú earraí ón Aontas: €213.2 billiún
- Onnmhairiú seirbhísí ón Aontas: €67.3 billiún
Is í an tSín an tríú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas ó thaobh earraí agus seirbhísí le chéile, agus is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag an tSín.
Trádáil earraí (2024)
In 2024, d’onnmhairigh an tAontas earraí dar luach €213.2 billiún chuig an tSín agus d’allmhairigh sé earraí dar luach €519 mbilliún. Is ionann seo agus easnamh trádála dar luach níos mó ná €300 billiún.
I gcomparáid le 2023, tháinig laghdú ar an allmhairiú agus onnmhairiú (0.3 % agus 4.6 %, faoi seach).
Idir 2014 agus 2024, tháinig méadú de os cionn 102 % ar allmhairiú an Aontais ón tSín, agus méadú de bheagnach 47 % ar onnmhairiú an Aontais chuig an tSín.
Na hearraí is mó a allmhairíonn an tAontas ón tSín
Teileachumarsáid agus clostrealamh
Meaisíní oifige, ríomhairí pearsanta agus eile
Innealra agus trealamh leictreach
Na hearraí is mó a onnmhairíonn an tAontas chuig an tSín
Innealra
Gluaisteáin agus mótarfheithiclí
Páirteanna mótarfheithiclí
Trádáil seirbhísí (2024)
In 2024, bhí níos mó ná €112 bhilliún de thrádáil earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus an tSín. Bhí na seirbhísí a leanas i measc na seirbhísí is mó a bhí i gceist:
Seirbhísí iompair
Seirbhísí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla
Seirbhísí teileachumarsáide, ríomhaireachta agus faisnéise (le haghaidh easpórtálacha an Aontais)
Muirir ar mhaoin intleachtúil a úsáid (le haghaidh onnmhairí an Aontais)
Infheistíocht dhíreach choigríche
€232 bhilliún a bhí i luach stoc infheistíochta an Aontais sa tSín in 2023, agus ba é €10.1 billiún luach infheistíocht dhíreach choigríche (IDC) an Aontais in 2024. Mótarfheithiclí, bunábhair agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide na trí earnáil ba mhó a bhí i gceist.
Beagnach €65 bhilliún a bhí i luach stoc infheistíochta an Aontais sa tSín in 2023, agus €9.4 billiún luach iomlán sreabhadh IDC na Síne in 2024 (le hais €5.2 billiún in 2023). Ba iad seo a leanas na trí réimse ba mhó a bhí i gceist:
- mótarfheithiclí
- an tsiamsaíocht, na meáin agus an t-oideachas
- táirgí agus seirbhísí tomhaltais
Féach freisin
Míniú ar tharaifí an Aontais
Reachtaíocht trádála an Aontais
Trádáil
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Lúnasa 2025