Míniú ar tharaifí an Aontais
Tá earraí a allmhairítear isteach san Aontas ón gcuid eile den domhan faoi réir taraifí a leanann rialacha agus prionsabail na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Cad is taraifí ann?
Is éard is taraif ann cáin a ghearrtar ar allmhairí earraí. Is é príomhchuspóir na dtaraifí:
gnólachtaí agus poist áitiúla a chur chun cinn
an tionscal intíre a chosaint ar iomaíocht éagórach
Sloinntear taraif de ghnáth i dtéarmaí ad valorem (i.e. céatadán de luach fógartha earraí) nó i ndearbhthéarmaí (e.g. €100 in aghaidh an tona). Uaireanta, is féidir í a shloinneadh mar luach iolraithe comhdhéanta den dá eilimint thuasluaite.
Is ar allmhairí a ghearrtar taraifí den chuid is mó, ach tá cásanna ann freisin de tharaifí ar onnmhairí.
Cruinníonn taraifí ioncam don rialtas agus méadaíonn siad praghsanna táirgí allmhairithe, rud a thugann buntáiste praghais do tháirgí a tháirgtear sa bhaile.
Mar shampla, má fhorchuireann an tAontas taraif 20 % ar ghléasanna leictreonacha as an tSín, íocfaidh cuideachta a allmhairíonn fón cliste ar fiú €200 é €40 i dtaraifí. Féadfaidh an chuideachta an costas breise seo a chur ar aghaidh chuig custaiméirí, rud a fhágfaidh go mbeidh an fón cliste níos costasaí.
Conas a oibríonn taraifí?
A bhuí leis an aontas custaim, oibríonn údaráis chustaim na mBallstát uile le chéile amhail is dá mba údarás aonair iad. Cuireann siad na taraifí céanna i bhfeidhm ar earraí a allmhairítear isteach ina gcríoch as tíortha lasmuigh den Aontas.
Tá 75 % de na dleachtanna custaim a bhailítear ceaptha do bhuiséad an Aontais, arb ionann é agus 13.7 % den bhuiséad iomlán do 2024.
A mhéid a bhaineann le taraifí, leanann an tAontas Eorpach na prionsabail agus na rialacha a bhunaigh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála(EDT), a bhfuil sé ina bhall di ó 1995. Tá Ballstáit uile an Aontais ina gcomhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála astu féin freisin.
Ar cheann de phríomhphrionsabail EDT tá cóir an náisiúin barrfhabhair. Is éard is brí leis nach gceadaítear do thíortha idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid comhpháirtithe trádála. Tá roinnt eisceachtaí ann. Mar shampla, féadfaidh tíortha comhaontú saorthrádála a chur ar bun nach bhfuil feidhm aige ach amháin maidir le hearraí a thrádáiltear laistigh den ghrúpa. Nó féadfaidh tír bacainní a chur ar tháirgí a mheastar a bheith á dtrádáil go héagórach as tíortha sonracha.
Cad iad cogaí trádála?
Is díospóid eacnamaíoch idir dhá thír nó eintiteas é cogadh trádála. D’fhéadfadh sé tarlú nuair a dhéanann tír amháin frithbhearta i gcoinne cleachtais trádála tír eile a mheastar a bheith éagórach, trí shrianta a fhorchur, cuir i gcás taraifí, ar allmhairí. Mar thoradh ar chogaí trádála bíonn costais níos airde ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí araon sna tíortha lena mbaineann.
In 2018 mar shampla, d’fhorchuir na Stáit Aontaithe taraifí ar chruach agus alúmanam an Aontais. Mar fhreagairt air sin, chuir an tAontas taraifí ar tháirgí SAM, gluaisrothair agus fuisce Búrbónach, mar shampla.
Úsáideann an tAontas ionstraimí cosanta trádála, cuir i gcás dleachtanna frithdhumpála, chun tionscail an Aontais a chosaint ar shaobhadh trádála idirnáisiúnta. Is bunaithe ar rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála atá an úsáid a bhaineann an tAontas as ionstraimí cosanta trádála.
Le hionstraim frith-chomhéigin an Aontais, cuirtear ar chumas an Aontais agus na mBallstát comhéigean eacnamaíoch as tríú tíortha a dhíspreagadh agus freagairt air. Is é is aidhm dó bearta comhéigneacha sa trádáil agus san infheistíocht a dhíghéarú agus, trí idirphlé, scor na mbeart sin a aslach.
Féadfaidh an tAontas achomharc a dhéanamh freisin chuig córas EDT um réiteach díospóidí, lena gcuirtear sásraí ar fáil chun díospóidí trádála idir a chomhaltaí a réiteach.
Ar bhonn rialacha réamhshainithe, féadfaidh aon bhall de EDT gearán a dhéanamh mar gheall ar sháruithe ar rialacha EDT. Cuidíonn EDT le cosc a chur ar dhíospóidí trádála a bheith ag dul in olcas.
Ó bunaíodh EDT in 1995, tá baint ag an Aontas le 201 chás: 110 gcás ina ghearánach agus 91 chás ina fhreagróir.
Taraifí níos ísle trí chomhaontuithe trádála
Déanann an tAontas comhaontuithe trádála a chaibidil le tríú tíortha chun taraifí a laghdú agus trádáil a éascú.
Díríonn cuid de na comhaontuithe go príomha ar dhíothú taraifí, agus i gcuid eile acu tá gealltanais níos leithne maidir le seirbhísí, infheistíochtaí, soláthar rialtais, iomaíocht, saincheisteanna rialála éagsúla, forbairt inbhuanaithe agus ábhair eile.
Faoi láthair, is ag an Aontas atá an líonra trádála is mó ar domhan. Tá 44 chomhaontú i bhfeidhm ag an Aontas le tuairim is 80 comhpháirtí.
Faoi láthair, tá an stádas seo a leanas ag an Aontas:
- ceannródaí sa domhan maidir le trádáil earraí agus seirbhísí
- an comhpháirtí trádála is mó ag 80 comhpháirtí
- an dara honnmhaireoir agus allmhaireoir is mó de hearraí ar fud an domhain
Margadh aonair an Aontais, limistéar saor ó tharaifí
Nuair a bunaíodh an t-aontas custaim in 1968, cuireadh deireadh le taraifí idir Ballstáit an Aontais, rud a chruthaigh margadh aonair ina ngluaiseann earraí, seirbhísí, caipiteal agus daoine faoi shaoirse.
Gan taraifí, féadfaidh gnólachtaí oibriú ar chostais níos ísle, leathnú thar theorainneacha ar bhealach níos éasca, agus rochtain a fháil ar bhonn custaiméirí níos mó. Baineann tomhaltóirí tairbhe as rogha níos mó, praghsanna níos fearr, agus ardchaighdeáin sábháilteachta do tháirgí agus do sheirbhísí.
Téann comhtháthú an mhargaidh aonair sin chun tairbhe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí araon ar fud an réigiúin agus is mór a spreagann sé an t-iomaíochas agus an fás san Aontas.
Féach freisin
Trádáil
Ról an Aontais sa trádáil dhomhanda
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Bealtaine 2025