Skip to content

An Gníomh Eorpach um Shliseanna

Tá sliseanna riachtanach le haghaidh réimse leathan táirgí teicneolaíochta agus digiteacha, mar shampla gluaisteáin, fearais tí agus leictreonaic. Mar gheall ar shaincheisteanna geostraitéiseacha agus ar shuaití sa slabhra soláthair, tá dúshláin roimh thionscal na hEorpa faoi láthair maidir le soláthar leathsheoltóirí.

Is é is aidhm don Ghníomh um Shliseanna leochaileachtaí an Aontais agus a spleáchas ar ghníomhaithe eachtracha a laghdú. Cuirfidh sin feabhas ar chinnteacht soláthair, athléimneacht agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais i réimse na leathsheoltóirí.

An 25 Iúil 2023, ghlac an tAontas an Gníomh um Shliseanna. Is é is aidhm do na rialacha nua sciar an Aontais de mhargadh domhanda na leathsheoltóirí a dhúbailt ó 10% go 20% ar a laghad faoi 2030.

Grafaic faisnéise ina mínítear an tábhacht a bhaineann le sliseanna agus micrishliseanna agus éabhlóid mhargadh na sliseanna ar fud an domhain.

An Gníomh Eorpach um Shliseanna: ag cur le hiomaíochas an Aontais i dteicneolaíochtaí na leathsheoltóirí

Is iad na sliseanna (micrishliseanna) nó na leathsheoltóirí dlúth agus inneach na teicneolaíochta nua-aimseartha.

Cad is micrishlis ann?

  • is éard atá i micrishlis sraith de chiorcaid leictreonacha agus iad leagtha anuas ar phíosa beag réidh d’ábhar leathsheoltóra, sileacain de ghnáth
  • cé nach bhfuil micrishliseanna ach chomh mór le barr do mhéire, dʼfhéadfadh na billiúin trasraitheoirí – lasca a rialaítear go leictreonach – a bheith iontu

Is féidir le sliseanna sonraí a ghabháil, a stóráil, a phróiseáil agus gníomhú ina leith. Is féidir iad a roinnt ina dtrí chatagóir:

  • sliseanna loighce
  • sliseanna cuimhne
  • sliseanna DAO (scoite, analógach, agus eile)

Úsáidtear sliseanna

  • sa ghnáthshaol: ag an obair, ar scoil, sa tsiamsaíocht, sa bhaile (cuisneoir, meaisín níocháin, soilse LED)
  • le haghaidh feidhmchláir chriticiúla: carranna, eitleáin, cúram sláinte (trealamh leighis)
  • le haghaidh bonneagar fíorthábhachtach: fuinneamh, soghluaisteacht, sonraí agus cumarsáid (ríomhairí, gutháin chliste)

agus tá siad bunriachtanach le haghaidh gheilleagar an lae amárach (an fuinneamh glas, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, an intleacht shaorga, na hardáin ríomhaireachta ardfheidhmíochta)

  • Thart ar 160 slis atá i bhfón cliste amháin
  • Suas le 3 500 slis atá i gcarr hibrideach amháin

Margadh na sliseanna

Táirgeadh domhanda micrishliseanna in 2021 — 1.1 trilliún micrishliseanna (thart ar 140 slis in aghaidh an duine ar domhan)

10 % an sciar atá ag an Aontas den táirgeadh micrishliseanna ar fud an domhain (2020)

Sciar margaidh na hEorpa den táirgeadh sliseanna le haghaidh earnálacha éagsúla:

  • mótarfheithiclí: 27 %
  • aeraspás/cosaint/slándáil: 22 %
  • tionsclaíocht: 20 %
  • sláinte agus cúram: 19 %
  • fearais tí: 17 %
  • clostrealamh agus trealamh físe: 11 %
  • ríomhairí pearsanta agus próiseáil sonraí: 5 %
  • teileachumarsáid: 4 %

Cad atá i ndán don mhargadh?

Síltear go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar an éileamh ar shliseanna idir 2022 agus 2030.

Meastar go mbeadh luach $1 trilliún ar thionscal na leathsheoltóirí faoi 2030.

Cairt: An méid a mheastar a bheidh i margadh na leathsheoltóirí, de réir na bhfeidhmeanna (i mbilliún $)

Cén fáth a dteastaíonn an Gníomh Eorpach um Shliseanna uainn?

Bíonn breis agus 1 000 céim i gceist agus sliseanna á dtáirgeadh:

  • ábhair
  • dearadh
  • trealamh
  • monarú
  • tráchtálú

Bíonn dreamanna go leor – ar fud na cruinne – páirteach sa phróiseas. Oibríonn siad as láimh a chéile agus bíonn táirgí á dtrádáil acu, agus is minic slabhraí casta, leochaileacha soláthair i gceist. Tá teicneolaíochtaí agus gníomhaíochtaí áirithe nach mbíonn á ndéanamh ach ag líon teoranta cuideachtaí i réigiúin faoi leith.

Nuair a chuirtear isteach ar an táirgeadh sliseanna, bíonn ganntanas sliseanna ann, agus d’fhéadfadh iarmhairtí móra a bheith ag an méid seo.

Is é is aidhm don Ghníomh um Shliseanna:

  • a chinntiú go gcuirfear leis an bhfothú acmhainneachta agus leis an nuálaíocht ar mhórscála san Aontas
  • a chinntiú go mbeidh an tAontas i bhfad níos neamhspleáiche ó thaobh an fhéinsoláthair de
  • a chinntiú gur féidir leis an Aontas gníomhú go beo má bhíonn géarchéim sholáthair ann