Tionscal sliseanna an Aontais
Aithnítear sa Ghníomh Eorpach um Shliseanna an ról ríthábhachtach atá ag micrishliseanna i ngach rud idir earraí leictreonacha do thomhaltóirí agus do bhonneagar criticiúil agus, lena chois sin, a rannpháirtíocht thábhachtach in iomaíochas an Aontais.
Cad iad sliseanna agus cén fáth a bhfuil tábhacht leo?
Is sraitheanna beaga bídeacha de chiorcaid leictreonacha iad na micrishliseanna (ar a dtugtar sliseanna nó leathsheoltóirí freisin) a chruthaítear ar phíosa beag réidh sileacain.
Sliseanna is ea bunchloch na teicneolaíochta nua-aimseartha – is féidir leo sonraí a ghabháil, a stóráil, a phróiseáil agus a bhainistiú, rud a fhágann go bhfuil siad ríthábhachtach ar mhaithe le raon leathan feidhmeanna laethúla agus criticiúla a dhéanamh.
An gnáthshaol
Soláthraíonn sliseanna cumhacht do na fóin chliste, ríomhairí glúine, consóil cluichí, móideimí, teilifíseáin agus fearais tí.
Feidhmeanna criticiúla
Tá sliseanna ríthábhachtach i dtionscal na ngluaisteán, san eitlíocht agus sa chúram sláinte, trealamh diagnóiseach leighis san áireamh.
Príomhbhonneagair
Tá ról bunúsach ag sliseanna sna córais fuinnimh, chosanta, soghluaisteachta, sonraí agus chumarsáide.
Tá sliseanna ríthábhachtach freisin d’uaillmhian an Aontais a bheith ina cheannaire domhanda ar an intleacht shaorga agus beidh siad ina mbonn do theicneolaíochtaí a bheidh ríthábhachtach chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais, — cuir i gcás feidhmchláir intleachta saorga agus bonneagar néalríomhaireachta agus ladrainn, feithiclí nasctha agus róbataic thionsclaíoch.
Seasamh an Aontais sa mhargadh domhanda
Tá margadh domhanda na leathsheoltóirí ag athrú go tapa. Ba iad leathsheoltóirí an tríú tráchtearra ba mhó a trádáladh ar domhan in 2025, tar éis ola agus feithiclí.
Faoi 2030, meastar go sroichfidh margadh domhanda na leathsheoltóirí luach €1.37 trilliún, agus is iad na comhpháirteanna a bhaineann leis an intleacht shaorga a bheidh ina gcúis le thart ar 70% den fhás sin.
Tá tomhaltas leathsheoltóirí san Aontas anois ag luach €41.1 billiún, agus cothrom le 10.5% de lastais dhomhanda. É sin ráite, ní tháirgeann an tAontas níos lú ná 10% de na leathsheoltóirí domhanda.
Ina theannta sin, is lasmuigh den Aontas atá an cheanncheathrú ag beagnach 80% de na soláthróirí atá ag gnólachtaí leathsheoltóirí an Aontais.
Dáileadh soláthróirí leathsheoltóirí an Aontais
Léaráid ag taispeáint dáileadh geografach na soláthróirí leathsheoltóirí de chuid an Aontais:
- Na Stáit Aontaithe: 35%
- an tAontas Eorpach: 20%
- an Téaváin: 12%
- an tSín & Hong Cong: 12%
- Poblacht na Cóiré: 10%
- an tSeapáin: 9%
- eile: 2%
Foinse: Foilseachán JRC — From dependency to resilience [Ó spleáchas go hathléimneacht]
An Gníomh Eorpach um Shliseanna
Cuspóirí
Leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna, a glacadh i mí Iúil 2023, tugtar aghaidh ar na príomhdhúshláin atá roimh thionscal na leathsheoltóirí, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
- ganntanais a mhaolú
- an neamhthuilleamaíocht a fheabhsú agus an spleáchas ar ghníomhaithe eachtracha a laghdú
- poist ar ardchaighdeán agus deiseanna gnó a chruthú
Is é is aidhm don ghníomh sciar an Aontais de mhargadh domhanda na leathsheoltóirí a dhúbailt ó 10% go 20% ar a laghad faoi 2030.
Trí cholún
An Tionscnamh Sliseanna don Eoraip
Tacaíonn an tionscnamh seo le fothú acmhainneachta teicneolaíche agus nuálaíocht ar mórscála.
Slándáil an tsoláthair agus an athléimneacht
Is é is aidhm don ghníomh seo infheistíochtaí méadaithe a mhealladh agus slabhra soláthair iontaofa a chinntiú le haghaidh táirgeadh leathsheoltóirí.
Córas monatóireachta agus freagartha ar ghéarchéimeanna
Leis an gcóras sin, is féidir na ganntanais a réamh-mheas agus freagairtí a chomhordú le linn géarchéimeanna, rud a chuireann ar chumas an Aontais freagairt go tapa ar shuaitheadh.
Is céim ríthábhachtach é an Gníomh Eorpach um Shliseanna chun iomaíochas an réigiúin a chinntiú i margadh domhanda na leathsheoltóirí agus todhchaí theicneolaíoch na hEorpa a dheimhniú ag an am céanna.
De réir meastóireachta a rinne an Coimisiún, chuidigh an Gníomh um Shliseanna le breis agus €52 bhilliún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh agus leis sin meastar gur cruthaíodh 46,000 post díreach agus indíreach.
Tuilleadh nirt a chur le ceannasacht theicneolaíoch an Aontais
D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta a bhuí leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna, tá an tAontas ag brath fós ar thríú tíortha i bpríomhréimsí áirithe, cuir i gcás ardtáirgeadh sliseanna agus dearadh leathsheoltóirí. Tá an tAontas, mar shampla, ag brath go hiomlán, nach mór, ar na Stáit Aontaithe agus ar an Áise le haghaidh na sliseanna is forbartha agus is úrscothaí faoi bhun 5 nanaiméadar – sliseanna intleachta saorga san áireamh.
An 3 Meitheamh 2026, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Gníomh Eorpach um Shliseanna 2.0. Ag cur leis an ngníomh bunaidh um shliseanna agus ar a struchtúr trí cholún, féachann an tionscnamh, atá mar chuid de phacáiste ceannasachta teicneolaíche na hEorpa, le seasamh an Aontais sa slabhra luacha leathsheoltóirí domhanda a threisiú.
Tá sé d’aidhm ag an ngníomh freisin tacú le forbairt teicneolaíochtaí ceannródaíocha, go háirithe cur i bhfeidhm na hintleachta saorga agus néalteicneolaíochtaí, agus an athléimneacht a neartú agus leochaileachtaí sa slabhra soláthair a laghdú.
Ina theannta sin, dírítear sa togra ar shlándáil an tslabhra soláthair a fheabhsú agus ar sholáthar cobhsaí a chinntiú.
Tá a seasaimh á sainiú faoi láthair ag an gComhairle agus ag an bParlaimint maidir leis an togra le haghaidh Gníomh Eorpach um Shliseanna 2.0. Nuair a ghlacfar é, rachaidh siad i mbun caibidlíochta maidir le cruth deiridh an rialacháin.
Féach freisin
Beartas tionsclaíoch an Aontais
An Gníomh um an Intleacht Shaorga
An méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun borradh a chur faoina iomaíochas
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Meán Fómhair 2026