Todhchaí dhigiteach don Eoraip
Is príomhghné é an t-aistriú digiteach d’fhorbairt eacnamaíoch agus d’uathriail straitéiseach an Aontais. Tá an tAontas ag obair ar roinnt réimsí beartais chun todhchaí dhigiteach don Eoraip a éascú.
Do shaol ar líne: cad é atá á dhéanamh ag an Aontas ionas gur fusa agus gur sábháilte duit é?
Tá an tAontas Eorpach ag obair go gníomhach ar an timpeallacht dhigiteach a fheabhsú ar mhaithe le muintir na hEorpa ar fad. Ní mór don saol digiteach a bheith sábháilte, gan dua agus go ndéanfar na saoirsí bunúsacha a urramú ann.
Léigh ár bpríomhscéal le fáil amach faoin gcaoi a bhfuil ríomh-shainaitheantas (eID) coiteann á chruthú ag an Aontas, an chaoi a bhfuil ag féachaint le rialacha a bhunú le go mbeidh an intleacht shaorga (IS) sábháilte iontaofa agus mar atá an chomhroinnt sonraí le haghaidh taighde leighis á héascú.
An t-aistriú digiteach san Aontas
Tá saol na ndaoine á athrú ag teicneolaíochtaí digiteacha – mar shampla, an bealach a ndéanaimid cumarsáid nó an chaoi a mairimid agus a n-oibrímid. Is féidir leis an digiteáil réitigh a thabhairt ar chuid mhaith de na dúshláin atá roimh an Eoraip agus muintir na hEorpa agus cuirtear ar fáil léi deiseanna dá leithéidí seo a leanas:
- poist a chruthú
- an t-oideachas a chur chun cinn
- borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin nuálaíocht
- an t-athrú aeráide a chomhrac agus aistriú glas a chumasú
Tar éis phaindéim COVID-19, is dlúthchuid í an digiteáil den obair chun téarnamh eacnamaíoch agus athléimneacht earnálacha sláinte agus cúraim na hEorpa araon a bhaint amach. Spreag an digiteáil an tAontas a thuilleadh le dlús a chur leis an aistriú teicneolaíoch, trí bhorradh a chur faoi r-shláinte agus trí theicneolaíochtaí cumasúcháin a chur chun cinn, mar shampla néalríomhaireacht, teicneolaíochtaí candamacha agus ríomhaireacht ardfheidhmíochta.
Chun ár sochaithe agus ár ngeilleagair a chur in oiriúint don ré dhigiteach, tá an tAontas tiomanta spás digiteach sábháilte a chruthú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar bhealach cuimsitheach agus inrochtana do chách. Ciallaíonn sé sin claochlú digiteach a chumasú lena ndéanfar luachanna an Aontais a choimirciú agus cearta bunúsacha agus slándáil na saoránach a chosaint agus, ag an am céanna, ceannasacht dhigiteach na hEorpa a fheabhsú.
Is í ‘Conair i dtreona Deacáide Digití’ clár beartais an Aontais le haghaidh an aistrithe dhigitigh. Leagtar síos inti spriocanna digiteacha sonracha agus garspriocanna atá le baint amach faoi 2030. Tugtar tús áite sna cláir do scileanna digiteacha agus don oideachas digiteach agus baineann ceithre réimse leis: scileanna, gnó, rialtas agus bonneagar.
Príomhréimsí beartais straitéis dhigiteach an Aontais
Tá an tAontas ag obair ar roinnt beartas chun an claochlú digiteach a spreagadh.
An deacáid dhigiteach
I mí an Mhárta 2021, thíolaic an Coimisiún an Compás Digiteach ina leagtar amach fís agus spriocanna chun an digiteáil a chothú san Aontas faoi 2030. Áirítear sa straitéis cinneadh atá beartaithe maidir leis an gclár beartais ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ a bhunú, a shocraíonn an creat rialachais chun cuspóirí digiteacha 2030 a bhaint amach.
Ghlac an Chomhairle an clár an 8 Nollaig 2022.
‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’: plean an Aontais chun Eoraip dhigiteach a bhaint amach faoi 2030
Dearbhú Eorpach maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha
Teastaíonn ón Aontas, laistigh de raon feidhme an Chompáis Dhigitigh, an próiseas chun dearbhú Eorpach maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha a ghlacadh. Is é cuspóir an dearbhaithe cearta na saoránach sa spás digiteach a shainiú agus creat prionsabal a fhorbairt a gcomhaontaíonn an tAontas agus na Ballstáit go seasfaidh siad leis sa chlaochlú digiteach.
I mí na Nollag 2021, phléigh airí teileachumarsáide an Aontais an togra ón gCoimisiún. Chuir siad in iúl go dtacaíonn siad go láidir leis an dearbhú, lena léireofaí go bhfuil na cearta bunúsacha céanna chomh bailí céanna ar líne agus atá siad as líne.
Tugadh an chaibidlíocht idir trí institiúid an Aontais faoin dearbhú i gcrích an 14 Samhain 2022. Ghlac an Chomhairle an dearbhú an 5 Nollaig 2022.
An 20 Deireadh Fómhair 2023, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le cumhachtú digiteach chun cearta bunúsacha a chosaint agus a fhorfheidhmiú sa ré dhigiteach.
- Dearbhú Eorpach maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha (eolas cúlra)
- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), an 3 Nollaig 2021
- Deacáid Dhigiteach na hEorpa: spriocanna digiteacha do 2030 (an Coimisiún Eorpach)
- Dearbhú maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha: luachanna agus saoránaigh an Aontais i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh (preaseisiúint, an 14 Samhain 2022)
- Fís leagtha amach ag an gComhairle chun cearta bunúsacha a chosaint sa saol digiteach (preaseisiúint, an 20 Deireadh Fómhair 2023)
I dtreo Eoraip dhigiteach (Grafaic faisnéise)
Seirbhísí digiteacha
Cuid thábhachtach de mhargadh digiteach agus de gheilleagar digiteach an Aontais is ea na hardáin ar líne. Aithníonn Ballstáit an Aontais gur gá na rialacha maidir le seirbhísí digiteacha a neartú, a nuachóiriú agus a shoiléiriú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- sábháilteacht úsáideoirí ar líne a chinntiú
- ligean do ghnólachtaí digiteacha nuálacha fás
Tá creat dlíthiúil an Aontais do sheirbhísí digiteacha gan athrú ó glacadh an treoir maidir le ríomhthráchtáil in 2000. Idir an dá linn, tá athrú tagtha ar theicneolaíochtaí digiteacha, agus ar shamhlacha agus seirbhísí gnó ar luas nach bhfacthas roimhe seo.
Is é an pacáiste seirbhísí digiteacha freagairt an Aontais ar an ngá atá leis an spás digiteach a rialáil. Is é is aidhm don dá ghníomh reachtacha atá ann bearta a shainiú chun úsáideoirí a chosaint agus tacú leis an nuálaíocht sa gheilleagar digiteach ag an am céanna.
Leagann an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha rialacha nua amach chun cearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais a chosaint ar líne. Tháinig sé i bhfeidhm an 16 Samhain 2022.
Baineann an Gníomh um Margaí Digiteacha cothrom na Féinne amach do ghnólachtaí an Aontais trí mhórchuideachtaí teicneolaíochta a rialáil. Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 2022.
An geilleagar sonraí
Le forbairt na teicneolaíochta, tá i bhfad níos mó sonraí ar fáil. Tá sé d’aidhm ag an gComhairle margadh aonair le haghaidh sonraí a chruthú i gcomhréir le comhluachanna an Aontais, lena gceadófar sonraí a chomhroinnt agus a athúsáid ar bhonn níos forleithne idir na hearnálacha agus thar theorainneacha.
Tá straitéis maidir le sonraí Eorpacha molta ag an gCoimisiún Eorpach lena n-éascófar an claochlú digiteach don chéad 5 bliana eile. Le linn na Comhairle Eorpaí Speisialta i mí Dheireadh Fómhair 2020, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach an straitéis a thacaíonn le huaillmhianta digiteacha domhanda an Aontais fíorgheilleagar iomaíoch sonraí Eorpacha a thógáil, agus luachanna Eorpacha agus ardleibhéal slándála sonraí, cosanta sonraí agus príobháideachais á gcinntiú ag an am céanna.
Cuid thábhachtach den straitéis Eorpach maidir le sonraí is ea an Gníomh um Rialachas Sonraí, arb aidhm dó infhaighteacht sonraí lena n-athúsáid a chur chun cinn thar earnálacha agus thar theorainneacha.
Leis an an nGníomh um Rialachas Sonraí, bunófar sásraí láidre chun muinín i seirbhísí idirghabhála sonraí a mhéadú agus chun altrúchas ó thaobh sonraí de a chothú ar fud an Aontais, agus beidh ról lárnach aige ag an am céanna maidir le cruthú spásanna coiteanna sonraí idir-inoibritheacha a chumasú agus a threorú ar fud an Aontais in earnálacha straitéiseacha ar nós earnálacha an fhuinnimh, na soghluaisteachta agus na sláinte.
D’fhormheas an Chomhairle an gníomh um rialachas sonraí an 16 Bealtaine 2022.
- An Rialachán maidir le rialachas sonraí formheasta ag an gComhairle (preaseisiúint, an 16 Bealtaine 2022)
- Comhroinnt sonraí a chur chun cinn: an uachtaránacht tagtha ar shocrú leis an bParlaimint maidir leis an Rialachán maidir le rialachas sonraí (preaseisiúint, an 30 Samhain 2021)
- An tAontas Eorpach ag féachaint le comhroinnt sonraí a éascú: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir leis an Rialachán maidir le rialachas sonraí (preaseisiúint, an 1 Deireadh Fómhair 2021)
- Straitéis Eorpach maidir le sonraí (an Coimisiún Eorpach)
Tá an Chomhairle ag obair freisin ar rialachán maidir le rialacha comhchuibhithe i ndáil le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí (an Gníomh um Shonraí).
Is iad príomhchuspóirí an togra sin le haghaidh gníomh um shonraí ón gCoimisiún cothroime a chinntiú i leithdháileadh luacha ó shonraí i measc gníomhaithe sa gheilleagar sonraí agus rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a chothú.
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an ngníomh um shonraí an 27 Meitheamh 2023.
D’fhonn dlús a chur leis an aistriú digiteach agus leis an tsoghluaisteacht níos cliste san Aontas, ghlac an Chomhairle creat nua maidir le córais chliste iompair a úsáid trí athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2010.
Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le córais chliste iompair táthar ag féachaint le dlús a chur le hinfhaighteacht na sonraí digiteacha trína gcuirtear seirbhísí ar fáil, seirbhísí ar nós pleanálaithe turas ilmhódach agus seirbhísí loingseoireachta, agus ag féachaint freisin le feabhas a chur ar a n-idir-inoibritheacht. Ligfidh sé sin d’fheithiclí agus do bhonneagar bóthair cumarsáid a dhéanamh lena chéile, mar shampla chun rabhadh a thabhairt faoi eachtraí gan choinne, ar nós tranglam tráchta. Ghlac an Chomhairle an Treoir nua an 23 Deireadh Fómhair 2023.
Cánachas digiteach
Tá na seirbhísí digiteacha ag éirí níos dúshlánaí do na córais chánachais atá ann faoi láthair. Ceapadh na rialacha reatha lena rialaítear ábhair cánachais idirnáisiúnta le bheith infheidhme maidir le samhlacha gnó a bhfuil láithreacht fhisiciúil acu i dtír. Mar thoradh air sin, is minic nach ngearrtar cáin ar bhrabúis ó ghníomhaíochtaí digiteacha sa tír ina ngintear na brabúis.
Tá obair ar bun chun córais chánachais thíortha an Aontais a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Tá ról tábhachtach ag an Aontas sa phróiseas sin, go háirithe i gcomhthéacs na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair laistigh den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), lena ndéantar iarracht teacht ar réiteach fadtéarmach a bheidh bunaithe ar chomhthoil dhomhanda. Mar sin féin, tá an Chomhairle réidh le féachaint ar réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais mura n-aimseofar réiteach domhanda.
An intleacht shaorga
Leis an intleacht shaorga (IS), is féidir rannchuidiú le geilleagar atá níos nuálaí, níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche agus, ag an am céanna, sábháilteacht, oideachas agus cúram sláinte a fheabhsú do na saoránaigh. Tacaíonn sí freisin le comhrac an athraithe aeráide. Agus tacaíocht á tabhairt aici d'fhorbairt theicneolaíocht IS, aithníonn an Chomhairle na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus molann sí cur chuige eiticiúil duine-lárnach i leith na teicneolaíochta sin.
I mí Dheireadh Fómhair 2020, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- bealaí a mholadh le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha Eorpacha agus náisiúnta a mhéadú i dtaighde, nuálaíocht agus cur in úsáid na hintleachta saorga
- comhordú níos fearr agus tuilleadh líonraí agus sineirgí a chinntiú idir lárionaid taighde Eorpacha bunaithe ar bharr feabhais
- sainmhíniú soiléir, oibiachtúil a thabhairt ar chórais ardriosca intleachta saorga
I mí Aibreáin 2021, d’eisigh an Coimisiún togra le haghaidh rialachán lena ndírítear ar rialacha maidir leis an intleacht shaorga a chomhchuibhiú (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus plean comhordaithe lena mbaineann sraith gníomhaíochtaí comhpháirteacha don Choimisiún agus do na Ballstáit. Is é is aidhm don phacáiste rialacha sin cur leis an muinín as an intleacht shaorga agus forbairt agus nuashonrú theicneolaíocht IS a chothú.
Phléigh an Chomhairle an gníomh atá beartaithe i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus béim á leagan aici, ar thaobh amháin, ar na tairbhí suntasacha sochaíocha agus eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an IS i réimse leathan earnálacha agus, ar an taobh eile, ar an ngá atá le príobháideachas a chosaint agus sábháilteacht agus slándáil a chinntiú.
Ghlac an Chomhairle a seasamh ar na rialacha nua maidir leis an intleacht shaorga an 6 Nollaig 2022.
- An Gníomh um an Intleacht Shaorga
- An Gníomh um an Intleacht Shaorga: é iarrtha ag an gComhairle go ndéanfaí intleacht shaorga shábháilte lena n-urramaítear cearta bunúsacha a chur chun cinn (preaseisiúint, an 6 Nollaig 2022)
- Intleacht shaorga atá sábháilte dleathach iontaofa (scéal gné)
Tar éis na míonna caibidlíochta agus babhta plé a mhair 3 lá, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an dlí an 9 Nollaig 2023.
Rinne an Pharlaimint agus an Chomhairle, comhreachtóirí an Aontais, an téacs críochnaitheach a fhormheas go foirmiúil an 23 Aibreán agus an 21 Bealtaine 2024, faoi seach. Ba cheart feidhm a bheith ag an nGníomh um an Intleachta Shaorga ó 2026.
- An Gníomh um an Intleacht Shaorga (IS): Cead críochnaitheach tugtha ag an gComhairle do na chéad rialacha domhanda maidir leis an intleacht shaorga (preaseisiúint, an 21 Bealtaine 2024)
- An Gníomh um an Intleacht Shaorga: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir leis na chéad rialacha le haghaidh IS ar domhan (preaseisiúint, an 9 Nollaig 2023)
Tuilleadh post in IS
D’fhéadfaí 60 milliún post a chruthú i réimse na hintleachta saorga agus na róbataice ar fud an domhain faoi 2025.
Nascacht
Léirigh paindéim COVID-19 go bhfuil gá le nascacht mhear uileláithreach ar fud an Aontais chun rochtain ar an teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt do gach Eorpach. Tá cuspóirí leagtha amach ag an Aontas don nascacht le haghaidh 2025, lena gcuimsítear na nithe seo a leanas:
- nascacht ghigigiotáin do na príomhspreagthóirí socheacnamaíocha ar fad
- cumhdach 5G gan bhriseadh do gach ceantar uirbeach agus do gach mórbhealach iompair trastíre
- rochtain ar nascacht a chuireann 100 Mbps ar a laghad ar fáil do theaghlaigh uile na hEorpa
Is é cuspóir foriomlán an Aontais rialacha comhchuibhithe a fhorbairt le haghaidh seirbhísí nascachta san Aontas. Seo a leanas roinnt gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích cheana:
- tacú le líonraí gan sreang ar nós 5G
- deireadh a chur le táillí fánaíochta san Aontas
I mí Aibreáin 2022, ghlac an tAontas rialacha athbhreithnithe maidir le fánaíocht san Aontas. Leis na rialacha athbhreithnithe sin, cinntítear go mbeidh daoine fós in ann glaonna a dhéanamh, teachtaireachtaí téacs a sheoladh agus scimeáil ar an ngréasán gan formhuirir agus iad ag taisteal i dtíortha eile den Aontas. Beidh feidhm ag na rialacha nua go dtí 2032.
An chibearshlándáil
Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcibearbhagairtí agus na gcibearchoireanna agus ar an tsofaisticiúlacht atá ann ina leith, tá an tAontas i mbun oibre chun feabhas a chur ar a chumais freagartha agus sláine, slándáil agus athléimneacht an bhonneagair dhigitigh agus líonraí agus seirbhísí cumarsáide a chosaint. Ach freagairt chibearshlándála a bheith níos láidre, féachfar chuige go mbeidh níos mó muiníne sa teicneolaíocht dhigiteach agus go ndéanfar cibearspás sábháilte, oscailte, slán a chosaint. Le linn an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2020, d’iarr ceannairí an Aontais go gcuirfí feabhas ar chumas an Aontais é féin a chosaint ar chibearbhagairtí, foráil a dhéanamh do thimpeallacht shlán chumarsáide, go háirithe trí chriptiú candamach, agus rochtain ar shonraí a chinntiú chun críoch breithiúnach agus chun críocha fhorfheidhmiú an dlí.
De réir mar a úsáideann níos mó coirpeach an teicneolaíocht chun cionta a phleanáil agus a dhéanamh, tá na húdaráis ag brath níos mó agus níos mó ar r-fhianaise chun an choireacht a chomhrac. Tá rialacha nua á bplé ag an Aontas faoi láthair chun rochtain ar r-fhianaise a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla.
Ríomh-shainaitheantas Eorpach (eID)
I mí Dheireadh Fómhair 2020, d’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí creat uile-Aontais don ríomh-shainaitheantas Eorpach (eID) poiblí slán a fhorbairt, sínithe digiteacha idir-inoibritheacha san áireamh, ionas go mbeidh smacht ag daoine ar a gcéannacht agus a sonraí ar líne agus chun rochtain ar sheirbhísí digiteacha poiblí, príobháideacha agus trasteorann a chumasú.
Thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh rialachán maidir le ríomh-shainaitheantas Eorpach i mí an Mheithimh 2021. Áirítear leis an togra aip tiachóige digití Eorpaí a chruthú lenar féidir doiciméid a stóráil, a bhainistiú agus a chomhroinnt go sábháilte.
Ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcaibidlíocht maidir le ríomh-shainaitheantas Eorpach an 6 Nollaig 2022. Is mian leis an gComhairle a chinntiú go bhfuil an tiachóg dhigiteach Eorpach thar a bheith slán, go n-urramaítear príobháideachas sonraí léi agus go bhfuil sí saor in aisce do chách.
Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú maidir le rialachán eID an 29 Meitheamh 2023.
Digiteáil an cheartais
Is féidir le digiteáil bhreise chórais bhreithiúnacha na mBallstát rochtain ar cheartas a fheabhsú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus féadfaidh sí éifeachtacht agus éifeachtúlacht imeachtaí cúirte a mhéadú.
Tá roinnt Ballstát tosaithe cheana féin ar uirlisí digiteacha a úsáid i réimse an cheartais, mar shampla:
- imeachtaí digiteacha cúirte a reáchtáil
- cumarsáid leictreonach idir páirtithe
- tarchur leictreonach doiciméad
- úsáid fís-éisteachtaí agus físchomhdhála
Ba cheart do na Ballstáit úsáid níos forleithne a bhaint as uirlisí digiteacha le haghaidh imeachtaí breithiúnacha gan an bonn a bhaint de phrionsabail bhunúsacha ar nós neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na gcúirteanna.
An 8 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle an rialachán maidir le digiteáil an chomhair bhreithiúnaigh trasteorann agus rochtain ar cheartas agus treoir a ghabhann leis lena ndéanfar cumarsáid leictreonach a éascú i gcomhthéacs na nósanna imeachta maidir le comhar breithiúnach trasteorann in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla.
D’fhormheas airí ceartais an Aontais Straitéis r-Cheartais le déanaí do na blianta 2024 go 2028. Tabharfaidh an straitéis treoir do na Ballstáit maidir le raon feidhme leathan tionscnamh reachtach agus neamhreachtach a chur chun feidhme, dhá rud a dhíreoidh ar dhlús a chur leis an bpróiseas digiteála agus le húsáid seirbhísí digiteacha i réimse an cheartais.
- Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú sealadach chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta (preaseisiúint, an 14 Nollaig 2022)
- Ceartas digiteach: Sainorduithe caibidlíochta glactha ag an gComhairle maidir le dhá thogra chun an comhar breithiúnach agus an rochtain ar cheartas a dhigiteáil (preaseisiúint, an 9 Nollaig 2022)
- Rialacha nua glactha ag an gComhairle chun an comhar breithiúnach a nuachóiriú (preaseisiúint, an 4 Samhain 2020)
- Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le digiteáil chun rochtain ar cheartas a fheabhsú (preaseisiúint, an 13 Deireadh Fómhair 2020)
- Céim thábhachtach tugtha ag an Aontas i dtreo dhigiteáil na gcóras ceartais (preaseisiúint, an 8 Nollaig 2023)
Malartú faisnéise níos fearr
Chun borradh a chur faoin malartú faisnéise digití i gcásanna sceimhlitheoireachta idir na húdaráis náisiúnta agus Eurojust, rinne an tAontas togra le haghaidh reachtaíocht nua i mí na Nollag 2021.
Faoi na rialacha nua, beidh ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil do Eurojust maidir le haon imscrúduithe coiriúla i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta, a luaithe a chuirfear na cásanna sin faoi bhráid na n-údarás breithiúnach. Leis an togra sin:
- cruthaítear córas nua-aimseartha digiteach bainistithe cásanna a stórálann an fhaisnéis sin agus a chiallaíonn gur féidir cros-seiceáil a dhéanamh uirthi
- tugtar de chumhacht do Eurojust naisc a bhrath idir imscrúduithe agus ionchúisimh a dhéantar go trasnáisiúnta i réimse na sceimhlitheoireachta ar bhealach níos fearr agus na Ballstáit a chur ar an eolas go réamhghníomhach faoi na naisc sin a aimsítear
- cruthaítear bealach cumarsáide digití slán idir na Ballstáit agus Eurojust
- simplítear an comhar le tríú tíortha trí rochtain ar an gcóras bainistithe cásanna a thabhairt d’ionchúisitheoirí idirchaidrimh atá ar iasacht le Eurojust
Ghlac an Chomhairle an dlí nua an 18 Meán Fómhair 2023.