Skip to content

Caidreamh trádála an Aontais le Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (CCM)

Is é an tAontas Eorpach an dara comhpháirtí trádála atá ag tíortha Chomhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (CCM) (Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Bairéin, an Araib Shádach, Óman, Catar agus Cuáit).

Maidir le Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (CCM)

Tugann CCM na sé thír de chuid Stáit Arabacha na Murascaille le chéile: Bairéin, Cuáit, Óman, Catar, an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Is é cuspóir CCM, a cruthaíodh in 1981, comhtháthú polaitiúil agus eacnamaíoch an ghrúpa a shaothrú.

I dteannta a chéile, tá cónaí ar thart ar 60 milliún duine i dtíortha Chomhairle Comhair na Murascaille, agus is iad an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha na tíortha is mó daonra (35.3 milliún agus 11.3 milliún duine ina gcónaí iontu faoi seach, de réir shonraí an Bhainc Dhomhanda).

Léarscáil ina leagtar béim ar na sé thír i Stáit Arabacha na Murascaille atá ina gcomhaltaí de Chomhairle Comhair na Murascaille: An Araib Shádach, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Óman, Cuáit, Catar agus Bairéin.

Tá beagnach an tríú cuid de chúltaiscí ola an domhain sa Mhurascaill.

Tá caidreamh AE-CCM bunaithe ar an gcomhaontú comhair a síníodh in 1989, lena mbunaítear idirphlé rialta maidir le comhar idir an tAontas agus CCM maidir le caidreamh eacnamaíoch, an t-athrú aeráide, fuinneamh, an comhshaol agus taighde.

Trádáil earraí

In 2025, b’ionann luach iomlán na trádála idir an tAontas agus na sé thír de chuid Chomhairle Comhair na Murascaille agus €165.6 billiún, le luach beagnach €110 mbilliún in onnmhairí an Aontais agus €55.6 billiún in allmhairí an Aontais.

Le 10 mbliana anuas, tháinig méadú beagnach 30% ar thrádáil AE-CCM, le méadú beagnach 54% ar allmhairí agus méadú beagnach 20% ar onnmhairí.

Is breoslaí iad na príomhearraí a thrádáiltear, agus iad os cionn 75% d’allmhairí an Aontais ó thíortha CCM.

Seasann an tsaighead atá ag dul amach ó chiorcal i dtreo réaltaí an Aontais d’allmhairí an Aontais.

€55.6 billiún in allmhairí an Aontais ó thíortha CCM

Cairt ina bhfuil dhá bhloc de chearnóga beaga a léiríonn go bhfuil onnmhairí an Aontais chuig tíortha CCM thart ar dhá oiread a allmhairí.
Seasann an tsaighead atá ag dul amach ó réaltaí an Aontais i dtreo ciorcail d’onnmhairí an Aontais.

€110 mbilliún d’onnmhairí ón Aontas chuig tíortha CCM

Is in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus san Araib Shádach atá breis agus trí cheathrú den trádáil iomlán AE-CCM. Ó thaobh allmhairí amháin de, tá an sciar in aghaidh na tíre níos cothroime, agus an Araib Shádach freagrach as níos mó ná 50% d’allmhairí AE-CCM, agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (16.7%), Cuáit (13%) agus Catar (13.3%) ina dhiaidh sin. Léiriú é seo ar phríomhchatagóirí allmhairí an Aontais ó na tíortha seo: breoslaí iontaise.

Na hearraí is mó a allmhairíonn an tAontas ó thíortha CCM

Táirgí mianracha (ola agus gás den chuid is mó)

Táirmhiotail agus táirgí miotail

Ceimiceáin

Na hearraí is mó a onnmhairíonn an tAontas chuig tíortha CCM

Innealra agus fearais

Trealamh iompair

Ceimiceáin

Trádáil seirbhísí

In 2024 (an bhliain dheireanach a bhfuil sonraí ar fáil ina leith), b’fhiú €84.4 billiún an trádáil seirbhísí idir an tAontas agus tíortha CCM, le €28.2 billiún in allmhairí an Aontais agus €56.2 billiún in onnmhairí an Aontais.

Tháinig méadú faoi dhó ar an trádáil i seirbhísí idir an tAontas agus tíortha CCM idir 2014 agus 2024 (+ 119%).

Seasann an tsaighead atá ag dul amach ó chiorcal i dtreo réaltaí an Aontais d’allmhairí an Aontais.

€28.2 billiún in allmhairí an Aontais ó thíortha CCM

Cairt ina bhfuil dhá bhloc de chearnóga beaga a léiríonn go bhfuil onnmhairí seirbhísí an Aontais chuig tíortha CCM thart ar dhá oiread luach allmhairí an Aontais.
Seasann an tsaighead atá ag dul amach ó réaltaí an Aontais i dtreo ciorcail d’onnmhairí an Aontais.

€56.2 billiún d’onnmhairí ón Aontas chuig tíortha CCM

Is le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha a bhaineann níos mó ná leath (53%) den trádáil seirbhísí AE-CCM, agus an Araib Shádach ina dhiaidh sin (beagnach 27%).

Infheistíochtaí díreacha coigríche

In 2024, bhí luach €163.1 billiún ar stoc infheistíochta dírí coigríche iomlán an Aontais sa réigiún CCM, agus bhí luach €189.8 billiún ar stoc infheistíochta san Aontas ón réigiún CCM.

Ba é Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha an comhpháirtí infheistíochta ba mhó i measc thíortha CCM; rinne sé beagnach 68% den infheistíocht amach agus os cionn 63% den infheistíocht isteach.

Ba i mí Iúil 2026 a baineadh na sonraí a úsáideadh ar an leathanach seo agus fuarthas iad ó na tacair sonraí Eurostat seo a leanas:

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Iúil 2026