Skip to content

Éachtaí an Aontais sa spás

Grafaic faisnéise: Clár nua spáis an Aontais Eorpaigh 2021-2027

Éachtaí an Aontais sa spás

Comhpháirteanna suaitheanta an Aontais lena ndéantar seirbhísí spásbhunaithe a sheachadadh ar bhonn laethúil:

Is é Copernicus

an soláthraí is mó sonraí ó fhaire na Cruinne ar fud an domhain. Rochtain agus fáil ar thromlach na sonraí ag aon saoránach nó aon eagraíocht ar fud an domhain ar bhonn saor in aisce, foriomlán, agus oscailte.

  • Seacht satailít Copernicus ar fithis in 2022
  • Bhí rochtain ag 160 000 úsáideoir cláraithe de chuid Chlár Copernicus: an tSeirbhís um an Athrú Aeráide, ar 76 theiribheart sonraí aeráide atá faoi rialú cáilíochta in aghaidh an lae
  • Meastachán: bainfidh tairbhí Chlár Copernicus €35 bhilliún amach faoi 2030

Is é Galileo

Córas Domhanda um Loingseoireacht Satailíte na hEorpa: tá sé saor in aisce agus is athrú ó bhonn a bheidh ina sheirbhís ardchruinnis dhomhanda 20cm don tiomáint uathrialaitheach agus do na ladrainn tráchtála.

  • 28 satailít Galileo ar fithis in 2022
  • 3,8 billiún gaireas a bhí cumasaithe le Galileo in úsáid in 2022
  • Meastachán: ginfidh cláir Galileo agus EGNOS a bhaineann leis an Aontas tairbhí socheacnamaíocha dar luach €60-90 billiún nó mar sin as seo go ceann 20 bliain

Is í Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS)

córas réigiúnach méadúcháin na hEorpa bunaithe ar shatailítí agus bíonn sí i bhfeidhm i mbreis agus 400 aerfort agus héileapad.

Cuireadh EGNOS in úsáid chun seirbhísí aerloingseoireachta a bhfuil sábháilteacht anama ag baint leo a chur ar fáil le bheith mar thaca le cúrsaí mara, iarnróid, talmhaíochta agus bóithre.

Déanann Cumarsáid Satailíte Rialtais

rochtain fhadtéarmach a chinntiú d’úsáideoirí rialtais ar sheirbhísí cumarsáide satailíte ar féidir brath orthu agus atá costéifeachtach, a chuireann le sábháilteacht agus slándáil shaoránaigh uile an Aontais.

Déanann Faireachas agus Rianú Spáis

cumais chun críoch ar nós faireachán ar réada spáis agus smionagar spáis a fheabhsú agus cuireann sé seirbhísí aimsire spáis ar fáil.

Bonneagar nua d’Athléimneacht, d’Idirnascacht agus do Shlándáil le Satailít (IRIS2)

Cuirfidh an réaltbhuíon ilfhithiseach a bheidh ann amach anseo na rudaí seo a leanas ar fáil:

  • seirbhísí cumarsáide satailíte atá slán lena n-úsáid ag an rialtas, mar shampla cosaint an bhonneagair chriticiúil agus bainistiú géarchéimeanna
  • nascacht don Eoraip ar fad, lena gcuirtear san áireamh ceantair gan an t-idirlíon leathanbhanda, trí sheirbhís tráchtála

An spás agus an tAontas i bhfigiúirí

Buiséad spáis an Aontais 2021-2027

Clárú airgeadais = EUR 1.44 billiún

Ranníocaíochtaí ó thíortha agus eintitis eile = EUR 0.22 billiún

Gnó spáis an Aontais 2022

  • Fostaíocht dhíreach tionscail 57 822 FTE (+8%)
  • Bhí díolacháin dar luach EUR 8.25 billiún ag tionscal spáis an Aontais

Cad dó a n-úsáidtear teicneolaíochtaí spáis faoi láthair?

  • An taighde agus an fhorbairt
  • Cumarsáid agus an geilleagar digiteach (fóin chliste, cumarsáid satailíte, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, etc)
  • Athrú aeráide agus faireachán comhshaoil (bainistiú uisce, cáilíocht an aeir, an ciseal ózóin, etc)
  • Cuardach agus tarrtháil (an fharraige, sléibhte, limistéir uirbeacha, etc)
  • Trácht agus iompar (tuirlingt eitleán, sábháilteacht ar bhóithre, córais loingseoireachta, etc)
  • Slándáil agus cosaint (faireachas teorann agus muirí, etc.)
  • Talmhaíocht agus iascach (feirmeoireacht bheacht, forbairt barr, stoc éisc, faireachán ar thriomaigh, etc)
  • Faireachán a dhéanamh ar thubaistí nádúrtha (creathanna talún, dóiteáin foraoise, tuilte, etc.) agus freagairt dóibh

Foinse: an Coimisiún Eorpach

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025