Ciste iontaobhais éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic
Cistiú
Gheall ciste iontaobhais éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic breis agus €5 bhilliún. Go dtí seo, tá €4.9 billiún formheasta le haghaidh 251 chlár.
Cé a bhaineann leas as
26 thír chomhpháirtíochta in 3 réigiún san Afraic:
- Réigiún na Saiheile agus Loch Shead: Buircíne Fasó, Camarún, Sead, an Cósta Eabhair, an Ghaimbia, Gána, an Ghuine, Mailí, an Mháratáin, an Nígir, an Nigéir agus an tSeineagáil (€2.21 billiún)
- Corn na hAfraice: Djibouti, an Eiritré, an Aetóip, an Chéinia, an tSomáil, an tSúdáin Theas, an tSúdáin, an Tansáin agus Uganda (€1.81 billiún)
- Tuaisceart na hAfraice: Maracó, an Ailgéir, an Túinéis, an Libia agus an Éigipt (€907 milliún)
Cuspóirí
- breis deiseanna eacnamaíocha agus fostaíochta
- athléimneacht na bpobal a neartú
- feabhas ar an mbainistiú imirce
- rialachas feabhsaithe agus cosc coinbhleachtaí
Torthaí
- 127 800 post cruthaithe
- 668 500 duine ar tugadh cúnamh dóibh chun gníomhaíochtaí ginte ioncaim a cheapadh
- 9.5 milliún duine ag fáil seirbhísí sóisialta bunúsacha
- 4.4 milliún duine ag fáil cúnamh cothaithe
- Idir imircigh atá faoi bhealach agus daoine a easáitíodh le lámh láidir, tá 509 000 duine cosanta
- 2 mhilliún duine a sroicheadh le feachtas faisnéise faoi na rioscaí a bhaineann leis an imirce
- 2 100 íospartach gáinneála ar tugadh cúnamh dóibh
- 1.9 milliún duine páirteach i ngníomhaíochtaí coiscthe coinbhleachta agus cothaithe síochána
Foinse: an Coimisiún Eorpach (figiúirí: go hEanáir 2022)
Sheol an tAontas agus comhpháirtithe na hAfraice an ciste iontaobhais éigeandála don Afraic ag Cruinniú Mullaigh Vaileite maidir leis an imirce i mí na Samhna 2015.