Skip to content

Sreabha imirce: gníomhaíocht an Aontais sa Libia

I measc na léaráidí atá sa ghrafaic faisnéise tá soitheach garda cósta ar muir a bhfuil bratach na Libia aige agus roinnt deilbhíní a léiríonn torthaí chúnamh an Aontais sa Libia, i gcomhthéacs COVID-19 san áireamh.

Tá dea-thoradh ar thacaíocht an Aontais do gharda cósta na Libia

Is mó agus is mó imirceach atá á dtarrtháil ar muir ag garda cósta na Libia: 88 000 imirceach a tarrtháladh idir 2017 agus 2021

Tacaíocht an Aontais i ndáil leis an imirce sa Libia

Ó 2015 i leith, €700 milliún san iomlán atá tiomnaithe ag an Aontas chun tacú leis an Libia faoi ionstraimí cistiúcháin éagsúla, ciste iontaobhais éigeandála an Aontais Eorpaigh (EUTF) don Afraic san áireamh.

Dáileadh cistiúcháin EUTF (€455 mhilliún):

  • cobhsú pobail: 35%
  • cosaint: 52%
  • bainistiú teorainneacha: 13%

Cúnamh tugtha ag an Aontas d’imircigh agus do dhídeanaithe sa Libia

Bíonn aird ar leith ag EUTF don Afraic ar chosaint agus tacaíocht a thabhairt d’imircigh agus do na pobail a óstálann iad agus ar athléimneacht na n-imirceach a mhéadú.

  • 52 800 imirceach a d’fhill dá ndeoin féin ar a dtír dhúchais
  • 355 000 duine a fuair míreanna neamhbhia agus fearais sláinteachais
  • 4 mhilliún duine a bhain tairbhe as rochtain níos fearr ar sheirbhísí bunúsacha
  • 70 000 leanbh a fuair oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil
  • 3 000 fiontraí óg a fuair cabhair i ndáil le cláir oiliúna post

Tacaíocht COVID-19

Na gníomhaíochtaí COVID-19 sin a fhaigheann cistiú ón Aontas, díríonn siad go háirithe ar na pobail is leochailí sa Libia, lena n-áirítear dídeanaithe, daoine easáitithe ina dtír féin, imircigh agus na pobail a óstálann iad.

  • 78 300 fearas diagnóiseach COVID-19 a cuireadh ar fáil do shaotharlanna
  • 19 800 uair a cuireadh seirbhís agus atreorú ar fáil i dtaca le cúram sláinte príomhúil
  • 363 bhall foirne a oileadh ar chosc agus rialú ionfhabhtuithe

Foinse: an Coimisiún Eorpach (sonraí maidir le cistiú ón Aontas agus le cúnamh ón Aontas go mí an Mheithimh 2021)