Skip to content

An comhaontú domhanda maidir le paindéimí i mbeagán focal

Léirigh COVID-19 nach féidir le rialtas ná institiúid leis nó léi féin aghaidh a thabhairt ar an mbagairt a bhainfeadh le paindéimí amach anseo. I ndomhan ina bhfuil galair thógálacha ag dul i méid agus ina dtaistealaíonn víris thar theorainneacha, tá sé ríthábhachtach a bheith níos ullmhaithe agus níos athléimní chun bagairtí sláinte domhanda amach anseo a chomhrac.

I mí na Bealtaine 2025, ghlac tíortha na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) ionstraim dhomhanda nua arb é is aidhm di cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine, do phobail agus do thíortha ar phaindéimí amach anseo.

Ionstraim Dhomhanda chun feabhas a chur le cosc, ullmhacht agus freagairt maidir le paindéimí amach anseo

Na cuspóirí

Is é is aidhm don ionstraim atá glactha ag tíortha EDS, ar a dtugtar ‘an comhaontú’ freisin, feabhas a chur ar chosc, ullmhacht agus freagairt ar phaindéimí a bheidh ann amach anseo ar an leibhéal domhanda.

Is iad seo a leanas na spriocanna atá ann:

  • gealltanas polaitiúil inbhuanaithe fadtéarmach a chinntiú
  • próisis agus cúraimí soiléire a shainiú
  • tacaíocht fhadtéarmach ón earnáil phoiblí agus phríobháideach a chinntiú ar gach leibhéal
  • cur chuige ‘uile-rialtas’ agus ‘uile-sochaí’ a chur chun cinn, lena gcomhtháthófaí cúrsaí sláinte ar fud na réimsí beartais ábhartha uile (e.g. taighde, nuálaíocht, maoiniú, iompar)

Na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann

Sé dheilbhín chineálacha le haghaidh gach tairbhe a d’fhéadfadh a bheith ann.
Leagan téacs

rannpháirtíocht pholaitiúil agus cuimsitheacht dhomhanda

• prionsabail, tosaíochtaí agus spriocanna atá bunaithe

• athléimneacht náisiúnta, réigiúnach agus domhanda neartaithe – agus acmhainneachtaí neartaithe chun dul i ngleic le – paindéimí a bheidh ann amach anseo

• cothromas feabhsaithe maidir le rochtain ar fhrithbhearta leighis ar ardchaighdeán (vacsaíní, teiripicí agus diagnóisic)

• comhroinnt sonraí faireacháin, sonraí géiniteacha, samplaí, teicneolaíochta agus na dtairbhí gaolmhara a bhaineann leo

• cur chuige Aon Sláinte Amháin lena nasctar sláinte an duine, na n-ainmhithe agus ár bpláinéid le chéile

Na Páirtithe

Bhí an ionstraim á caibidil ag 194 bhallstát EDS, arb é an comhlacht idirnáisiúnta is cuimsithí agus is mó taithí trínar féidir leis na tíortha go léir a bheith ag obair le chéile ar shaincheisteanna ríthábhachtacha domhanda sláinte.

Bhíothas ag dul i gcomhairle go fada forleathan chomh maith leis an tsochaí shibhialta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le gníomhaireachtaí ábhartha na Náisiún Aontaithe.

Céimeanna an phróisis caibidlíochta

Amlíne:

  • Samhain 2020 - Mhol Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, ag Fóram Síochána Pháras ionstraim idirnáisiúnta a fhorbairt maidir le paindéimí.
  • Nollaig 2021 - Comhaontaíonn seisiún speisialta an Chomhthionóil Dhomhanda Sláinte tús a chur le dréachtú agus caibidlíocht coinbhinsiúin, comhaontaithe nó ionstraime idirnáisiúnta eile maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí.
  • Márta 2022 - Tugann Comhairle an Aontais Eorpaigh cead tús a chur leis an gcaibidlíocht.
  • Márta 2023 - Cuireann tíortha EDS tús leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcéad dréacht-chomhaontú (an dréacht nialais').
  • Bealtaine 2023- tuarascáil ar dhul chun cinn curtha ar fáil ag an gcomhlacht caibidlíochta don 76ú Comhthionól Domhanda Sláinte.
  • Bealtaine 2024 - cuirfear an ionstraim bheartaithe faoi bhráid an 77ú Comhthionól Domhanda Sláinte lena ghlacadh.
  • Bealtaine 2025 - cuirfear an ionstraim bheartaithe faoi bhráid an 78ú Comhthionól Domhanda Sláinte lena ghlacadh.

Díreoidh EDS a aird anois ar chóras um Rochtain ar Phataiginí agus Comhroinnt Tairbhí (PABS) a chaibidliú, a bheidh mar iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú. A luaithe a ghlacfar an iarscríbhinn seo, beidh an comhaontú paindéime ar oscailt lena shíniú agus lena dhaingniú ag tíortha uile EDS.

A luaithe a bheidh sí comhaontaithe, beidh an ionstraim ceangailteach ó thaobh dlí de agus fréamhaithe i mbunreacht EDS.

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Meitheamh 2025